Skip to main content

December

Maoiniú ar fáil le haghaidh séadchomharthaí seandálaíochta i nDún na nGall

Date: 17 Noll 2025

Oidhreacht

Maoiniú ar fáil le haghaidh séadchomharthaí seandálaíochta i nDún na nGall

D’éirigh le Pobal Dhún Cionnaola Teoranta maoiniú a fháil faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail chun na ballóga eaglaise a dhaingniú agus a chaomhnú in 2023 agus chun geataí agus piléir a chóiriú in 2025 i Reilig Stairiúil Chill Leacht Aodha. Séadchomhartha seandálaíochta é seo atá faoi chosaint ag Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta.
D’éirigh le Pobal Dhún Cionnaola Teoranta maoiniú a fháil faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail chun na ballóga eaglaise a dhaingniú agus a chaomhnú in 2023 agus chun geataí agus piléir a chóiriú in 2025 i Reilig Stairiúil Chill Leacht Aodha. Séadchomhartha seandálaíochta é seo atá faoi chosaint ag Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta.

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag glacadh le hiarratais maidir le caomhnú séadchomharthaí seandálaíochta, chuig Ciste na Séadchomharthaí Pobail go dtí 4pm Dé hAoine 30 Eanáir 2026.  Tá maoiniú suas le €100,000 ar fáil fá choinne deisiúcháin riachtanacha agus oibreacha caipitil chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus a chóiriú (Sruth 1), suas le €30,000 fá choinne Pleananna Bainistíochta Caomhnaithe nó tuairiscí a dhírítear ar bhearta a aithint chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus chun rochtain phoiblí a fheabhsú (Sruth 2) agus suas le €30,000 chun rochtain agus bailchríoch a fheabhsú ag séadchomharthaí seandálaíochta lena n-áirítear rochtain ar líne nó rochtain fhíorúil (Sruth 3). Is tionscnamh de chuid Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhpháirt le húdaráis áitiúla é Ciste na Séadchomharthaí Pobail.  

“Bronnadh breis agus €1.17 milliún ar ocht gcinn déag de shéadchomharthaí seandálaíochta i gContae Dhún na nGall faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail ó tugadh isteach é in 2020” a mhínigh Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. “Soláthraítear maoiniú 100% trí Chiste na Séadchomharthaí Pobail d’úinéirí príobháideacha, caomhnóirí, coistí pobail agus údaráis áitiúla chun séadchomharthaí seandálaíochta agus suíomhanna stairiúla a chaomhnú, a chothabháil, a chosaint agus a chur i láthair. Gach séadchomhartha a mhaoinítear faoin scéim seo, is scéim faoi chosaint í faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta. An chuid is mó den 3,400 suíomh seandálaíochta a bhfuil eolas orthu i gContae Dhún na nGall is suíomhanna iad atá faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi chaomhnú príobháideach, agus ar an ábhar sin tugann an scéim seo deis iontach d’úinéirí talún, coistí pobail agus údaráis áitiúla oibreacha caomhnaithe a dhéanamh ar shéadchomharthaí, cur leis an rochtain atá ag daoine orthu, an chuma atá orthu a fheabhsú nó cur le seasmhacht na séadchomharthaí le go dtig leo tionchar an athraithe aeráide a sheasamh”. 

Beidh go dtí lár mhí Dheireadh Fómhair ag na hiarratasóirí rathúla an obair a chur i gcrích agus beidh comhairle agus tacaíocht ar fáil d’iarratasóirí ó Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ó Mhúsaem an Chontae maidir le cur i bhfeidhm na dtionscadal seo sna míonna amach romhainn. Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Dhún na nGall ag www.donegalcoco.ie/heritage. Más mian leat a fháil amach cé na séadchomharthaí seandálaíochta a bhfuil eolas orthu i do cheantar féin, is féidir leat féachaint ar shuíomh gréasáin Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta ag www.archaeology.ie. Sula ndéanfar aon obair ar shéadchomhartha náisiúnta, nó fiú in aice lena leithéid, is gá toiliú a fháil roimh ré ó Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta. Más úinéir nó caomhnóir ar shuíomh seandálaíochta nó ar shuíomh stairiúil thú, nó má tá tú páirteach i gcoiste pobail ar mhaith leis an oidhreacht seandálaíochta áitiúil a chaomhnú, tá comhairle ar fáil ó Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar ríomhphost ag cmf@donegalcoco.ie nó ar (074) 917 2576.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 13 Márta 2026

Gradam úr náisiúnta bainte ag an Taispeántas Oidhreachta ‘Ag Obair Thall’

Tá an chéad Ghradam Oidhreachta Áitiúla faoin téama ‘Ceangal’ bainte ag taispeántas mór ina ndéantar comóradh ar obair na bhfear agus na mban as Dún na nGall in Albain idir 1940 agus 1990. Fógraíodh an bua ag na Gradaim Uile-Éireann le haghaidh Pobal agus Comhairlí de chuid Chumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil (CCÚÁ) in Ionad Comhdhála Ríoga Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn 28 Feabhra. Is tionscnamh comhoibritheach é an tionscadal idir Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Músaem an Chontae, Seirbhís Cartlainne an Chontae agus Ionad Uí Mhealláin le haghaidh Staidéir Imirce mar chuid de Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.

Image text description

Date: 25 Feabh 2026

Scéim Deontais Oidhreachta Pobail oscailte

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag glacadh le hiarratais ar líne ó choistí pobail agus deonacha i gContae Dhún na nGall trína Scéim Deontais Oidhreachta Pobail go dtí 8pm Dé hAoine 20 Márta 2026

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Táthar ag iarraidh ar an phobal a dtuairimí a chur in iúl faoi Dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026–2030

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar bhaill den phobal, ar ghrúpaí pobail, ar úinéirí talún, ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí a dtuairimí a chur in iúl faoi dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026 - 2030. Cuireann Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026-2030 creatlach ar fáil do ghníomhaíocht bithéagsúlachta sna cúig bliana amach romhainn leis an fhís bhithéagsúlachta i gContae Dhún na nGall a chosaint, a athchóiriú agus a cheiliúradh. D'ullmhaigh Comhairle Contae Dhún na nGall agus Grúpa Oibre Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall an Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta i ndiaidh tréimhse d'aighneachtaí poiblí agus rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara anuraidh.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)