Date: 22 Noll 2025
Scéim Athchúrsála Crann Nollag athsheolta ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus Gníomhaireacht na Lochanna mar chuid d’Fheachtas na Nollag um Ghníomhú ar son na hAeráide
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag moladh do theaghlaigh agus do líonta tí an Nollaig seo a dhéanamh ina Nollaig shona agus inbhuanaithe trí bheith ag athchúrsáil go freagrach le linn shéasúr na Nollag mar chuid dá Feachtas Nollag um Ghníomhú ar son na hAeráide.
Is am í an Nollaig nuair is maith linn a bheith ag tabhairt bronntanas dá chéile ach is am í fosta nuair a thagann méadú ar an mhéid dramhaíola agus bruscair a chruthaítear, trí phacáistiú breise agus trí chur amú bia. Má leanaimid na prionsabail ‘Diúltaigh, Athsmaoinigh, Laghdaigh, Athúsáid, Athchúrsáil’ is féidir le céimeanna beaga cuidiú linn bogadh i dtreo todhchaí a bheas níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar theaghlaigh agus ar líonta tí glacadh le dea-chleachtais inbhuanaithe le linn shéasúr na Nollag chun dramhaíl agus bruscar a laghdú agus an timpeallacht a chosaint.
Seo an méid a dúirt an Clr. Paul Canning, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall: “Iarrtar inár bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide go mbíonn an pobal lánpháirteach sna hiarrachtaí chun dramhaíl agus bruscar a laghdú. Trí bheith ag déanamh athchúrsáil mar is ceart le linn na Nollag seo, is féidir le gach teaghlach agus gach líon tí i nDún na nGall a bpáirt a dhéanamh chun astaíochtaí a laghdú agus ár dtimpeallacht a chosaint agus tionchar dearfach a imirt uirthi”.
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag meabhrú do chónaitheoirí a chinntiú go bhfuil gach pacáistiú glan, tirim agus scaoilte sna bosca bruscair athchúrsála, go n-úsáideann siad an Scéim Éarlaise agus Aisíoca le haghaidh coimeádáin deochanna, go n-athúsáideann siad maisiúcháin Nollag atá acu cheana féin agus go seachnaíonn siad plaistigh aonúsáide.
D’fhógair Comhairle Contae Dhún na nGall agus Gníomhaireacht na Lochanna go bhfuil scéim nuálach á tabhairt ar ais arís ina n-úsáidtear seanchrainn nádúrtha Nollag chun aibhneacha agus uiscebhealaí áitiúla a fheabhsú.
Moltar do chónaitheoirí i nDún na nGall a gcuid crann nádúrtha Nollag a athchúrsáil, agus úsáidfear iad ansin le bruacha abhann a neartú, creimeadh a laghdú agus gnáthóga a chruthú don fhiadhúlra.
Tá crainn ó scéim phíolótach na bliana anuraidh á n-úsáid cheana féin mar innealtóireacht ghlas le taobh bhruacha Abhainn na Comairce i nDún na nGall.
Is é a dúirt Ciarán McGonigle, An Stiúrthóir um Uisceshaothrú agus Sliogiascaigh le Gníomhaireacht na Lochanna: “Tá muid iontach sásta dul i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall ar an chlár seo arís agus molaimid do chónaitheoirí ar fud Dhún na nGall a bheith páirteach ann.
“Tá lúcháir orainn go bhfuil crainn na bliana anuraidh ag tacú le cáilíocht uisce níos sláintiúla ar Abhainn na Comairce anois. Is toradh iontach é sin do gach duine a ghlac páirt ann.
Dúirt Lorraine Arbuckle, An Comhordaitheoir um Ghníomhú ar son na hAeráide le Comhairle Contae Dhún na nGall: “I ndiaidh an rath a bhí ar scéim na bliana anuraidh, tá deis iontach eile ann anois do chónaitheoirí rud éigin a thabhairt ar ais don dúlra agus don nádúr. Nuair a athchúrsáiltear crainn ar dhóigh fhreagrach déantar maitheas don timpeallacht, chomh maith le maitheas a dhéanamh dár n-éiceachórais áitiúla.
“Léirítear leis an tionscnamh seo gur féidir le gníomhartha simplí tionchar mór a imirt. Trí do chrann nádúrtha Nollag a athchúrsáil, tá tú ag cuidiú lenár n-aibhneacha a chosaint, lenár mbithéagsúlacht a neartú agus le tacú le seasmhacht na haeráide i nDún na nGall. Is dóigh iontach í le cuidiú leis an dúlra i ndiaidh shéasúr na Nollag.”
Is féidir le cónaitheoirí a gcrainn Nollag tí a athchúrsáil saor in aisce ag ionaid éagsúla ar fud Dhún na nGall go dtí an 24 Eanáir, rud a chiallaíonn go mbeidh teacht ag an oiread daoine agus is féidir ar an scéim. Molann Gníomhaireacht na Lochanna agus Comhairle Contae Dhún na nGall don phobal athchúrsáil a dhéanamh ar dhóigh fhreagrach lena chinntiú go mbeidh rath agus bláth ar ár gcuid aibhneacha agus uiscebhealaí san am atá amach romhainn.
Tacaíonn Feachtas Athchúrsála na Nollag le Plean Dhún na nGall um Ghníomhú ar son na hAeráide 2024-2029, ina leagtar amach 139 gníomh chun astaíochtaí a laghdú agus geilleagar ciorclach a chur chun cinn. Tá Dún na nGall ag obair i dtreo neodracht aeráide faoin bhliain 2050 agus nuair a dhéantar gníomhartha beaga amhail pacáistiú a athchúrsáil agus buidéil a thabhairt ar ais le linn shéasúr na Nollag cuidítear leis an sprioc sin a bhaint amach.
Fá choinne tuilleadh eolais maidir le suíomhanna le haghaidh athchúrsáil crann agus maidir leis an dóigh a dtig leat cuidiú leis an tionscnamh seo, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Dhún na nGall ag Feachtas na Nollag | Comhairle Contae Dhún na nGall