Skip to main content

December

Scéim Dámhachtainí Tionscadal Cultúir agus Cruthaiteachta 2026

Date: 02 Noll 2025

Cultúr

Scéim Dámhachtainí Tionscadal Cultúir agus Cruthaiteachta 2026

Is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil glaoch oscailte ann ar ghrúpaí, eagraíochtaí, agus daoine aonair ar mian leo iarratas a chur isteach faoi Scéim Dámhachtainí Tionscadal Cultúir & Cruthaitheachta Dhún na nGall 2026. Bíonn na dámhachtainí seo á mbronnadh ag an Fhoireann Chultúir agus Chruthaitheachta mar chuid de Chlár na bPobal Ildánach, arna mhaoiniú ag Éire Ildánach agus ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.

Táirgeann an Scéim 25 dámhachtain tionscadail ar luach €2,000 an ceann, chun tacú le tionscadail nua a chothaíonn rannpháirtíocht idir pobail agus gairmithe ealaíon, cultúir, cruthaitheachta, bithéagsúlachta nó oidhreachta. Cuirimid fáilte roimh iarratais uathu siúd nach raibh baint acu le hÉire Ildánach roimhe seo, agus uathu siúd a bhfuil bealaí nua cruthaitheacha acu agus ar mian leo tabhairt fúthu.

Is féidir leis na tionscadail sin díriú ar chultúr, ar oidhreacht, ar chruthaitheacht, ar na healaíona, nó ar theicneolaíocht a mhealladh, a iniúchadh, a chomhroinnt, a chaomhnú nó a chur chun cinn ar bhealaí cruthaitheacha agus samhlaíocha, mar shampla trí thaibhithe, trí cheardlanna, trí thaispeántais, trí oiliúint, trí ghníomhaíochtaí caomhnaithe nó trí thaighde. Ba chóir béim a chur ar an rannpháirtíocht leis an phobal nó leis an spriocghrúpa, san iarratas. 

Is féidir iarratas a chur isteach tríd an tairseach ar líne a bheas ar oscailt ón Luan 1 Nollaig go dtí an Aoine 9 Eanáir ag 4i.n. Ní ghlacfar le haon iarratas a chuirfear isteach ina dhiaidh sin. Fáilteofar roimh iarratais i nGaeilge nó i mBéarla. Is trí submit.com amháin a ghlacfar le hiarratais agus tá sé le fáil ag an nasc seo https://donegalcoco.submit.com/show/78 . Léigh na treoracha go cúramach, beidh sin ina chuidiú agat agus tú ag tabhairt faoin iarratas.

Beidh seisiún eolais ar líne ar siúl le hOifigeach Rannpháirtíochta na bPobal Cruthaitheach, Daithí Ramsay, Déardaoin, 11 Mí na Nollaig ag 7i.n. Chun clárú, seol ríomhphost chuig creativeireland@donegalcoco.ie

Tá liosta de na tionscadail ar éirigh leo in 2024 agus 2025 le fáil ag an nasc thíos: https://www.donegalculture.ie/ga/seirbhisi/clar-eire-ildanach/sceim-damhachtaini-tionscadal-cultuir-cruthaitheachta/


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 09 Márta 2026

Seirbhís seolta ag Leabharlanna Dhún na nGall - Monatóirí Radóin ar Iasacht chun Tacú le Sláinte an Phobail

Is mór ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil monatóirí radóin digiteacha le fáil ar iasacht anois ó leabharlanna poiblí ar fud an chontae is gan costas ar bith orthu.

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Tugann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall cuireadh duit Dul Ar Strae le Leabhar Maith le haghaidh Lá Éire Ag Léamh

Tá bród ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a bheith i dteannta leabharlanna ar fud na hÉireann agus iad ag ceiliúradh Éire Ag Léamh, feachtas náisiúnta ar fud na tíre ar fad chun daoine a spreagadh chun dul ag léamh i rith mhí Feabhra, agus a thiocfaidh chun deiridh le Lá Éire Ag Léamh, Dé Sathairn, 28 Feabhra.

Image text description

Date: 20 Feabh 2026

Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2026 i nDún na nGall

Tá Seachtain na Gaeilge ar an tsúil againn agus is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go seolfar Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall i mbliana i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, ag ócáid a bheas ar siúl sa scoil Déardaoin 26 Feabhra 2026 ag 11.00am. Beidh ceol, siamsaíocht agus sólaistí ann ar an lá.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)