Skip to main content

December

Táthar ag iarraidh ar úinéirí talún i nDún na nGall 'Cúinne an Ghiorria' a chruthú don dúlra – Tacaíocht Ar Fáil Gan Stró

Date: 17 Noll 2025

Oidhreacht

Táthar ag iarraidh ar úinéirí talún i nDún na nGall 'Cúinne an Ghiorria' a chruthú don dúlra – Tacaíocht Ar Fáil Gan Stró

Tá deis ar leith ag úinéirí talún i gContae Dhún na nGall anois spás a dhéanamh don dúlra ar a gcuid talún.  Ón 1 Eanáir go dtí an 18 Eanáir 2026, fáilteofar roimh iarratais ar Chúinne an Ghiorria, tionscadal nuálach bithéagsúlachta arna chomhordú ag Iontaobhas Burrenbeo i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall.

Cuireann an tionscadal cuidiú praiticiúil ar fáil chun locháin fiadhúlra, mionchoillte dúchasacha, mionúlloird oidhreachta, fálta fiadhúlra, nó 'pleananna saincheaptha don dúlra' a chruthú. Cuimsíonn an tacaíocht ábhair, micrea-mhaoiniú do chostais cosúil le tochailt lochán, agus comhairle saineolaithe, go léir gan aon chostas don úinéir talún.

Arna spreagadh ag an tseantéarma feirmeoireachta ar chúinne "fágtha ag an dúlra," tá sé mar aidhm ag Cúinne an Ghiorria bithéagsúlacht a threisiú, dul i ngleic le hathrú aeráide, agus folláine a fheabhsú. Is féidir le húinéirí talún, lena n-áirítear feirmeoirí, scoileanna agus grúpaí pobail, iarratas a dhéanamh ar ghníomh amháin nó níos mó. Níl le déanamh ag rannpháirtithe ach tiomantas a thabhairt go mbeidh siad ina maoirseoirí ar a dtearmann fiadhúlra úr.

Dar le Lee Worrel, Comhordaitheoir Chúinne an Ghiorria ag Iontaobhas Burrenbeo, "Is féidir le húinéirí talún iarratas a dhéanamh ar ghníomhaíocht bhithéagsúlachta amháin nó níos mó agus níl aon chostas ar an úinéir talún le bheith rannpháirteach i gCúinne an Ghiorria. Is é an t-aon rud a iarraimid ar thairbhithe ná a dtiomantas gníomhú mar 'maoir' ar a gCúinne Giorria speisialta féin".

Tá líon na n-áiteanna teoranta, tabharfar tús áite do scoileanna agus do ghrúpaí pobail. Níl feirmeoirí atá i Scéim Phlean Feirme ACRES nó NPWS cheana féin incháilithe.

Tá feidhmiú céimneach an tionscnaimh i gContae Dhún na nGall maoinithe ag 'Ciste Gníomhaíochta na Bithéagsúlachta Áitiúla' de chuid na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. 

Le tuilleadh eolais a fháil agus le clárú anois chun fógra a fháil nuair a bheidh iarratais ar oscailt, tabhair cuairt ar www.theharescorner.ie.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 13 Márta 2026

Gradam úr náisiúnta bainte ag an Taispeántas Oidhreachta ‘Ag Obair Thall’

Tá an chéad Ghradam Oidhreachta Áitiúla faoin téama ‘Ceangal’ bainte ag taispeántas mór ina ndéantar comóradh ar obair na bhfear agus na mban as Dún na nGall in Albain idir 1940 agus 1990. Fógraíodh an bua ag na Gradaim Uile-Éireann le haghaidh Pobal agus Comhairlí de chuid Chumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil (CCÚÁ) in Ionad Comhdhála Ríoga Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn 28 Feabhra. Is tionscnamh comhoibritheach é an tionscadal idir Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Músaem an Chontae, Seirbhís Cartlainne an Chontae agus Ionad Uí Mhealláin le haghaidh Staidéir Imirce mar chuid de Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.

Image text description

Date: 25 Feabh 2026

Scéim Deontais Oidhreachta Pobail oscailte

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag glacadh le hiarratais ar líne ó choistí pobail agus deonacha i gContae Dhún na nGall trína Scéim Deontais Oidhreachta Pobail go dtí 8pm Dé hAoine 20 Márta 2026

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Táthar ag iarraidh ar an phobal a dtuairimí a chur in iúl faoi Dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026–2030

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar bhaill den phobal, ar ghrúpaí pobail, ar úinéirí talún, ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí a dtuairimí a chur in iúl faoi dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026 - 2030. Cuireann Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026-2030 creatlach ar fáil do ghníomhaíocht bithéagsúlachta sna cúig bliana amach romhainn leis an fhís bhithéagsúlachta i gContae Dhún na nGall a chosaint, a athchóiriú agus a cheiliúradh. D'ullmhaigh Comhairle Contae Dhún na nGall agus Grúpa Oibre Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall an Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta i ndiaidh tréimhse d'aighneachtaí poiblí agus rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara anuraidh.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)