Skip to main content

February

An Chomhairle ag Réiteach Pleananna Nua Ceantar don Chlochán Liath, Béal Átha Seanaidh, Ceann Droichid, Carn Domhnach, Baile Dhún na nGall agus na Cealla Beaga

Date: 14 Feabh 2025

Pleanáil

An Chomhairle ag Réiteach Pleananna Nua Ceantar don Chlochán Liath, Béal Átha Seanaidh, Ceann Droichid, Carn Domhnach, Baile Dhún na nGall agus na Cealla Beaga

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall i ndiaidh tosú a ullmhú pleananna nua ceantar don Chlochán Liath, Béal Átha Seanaidh, Ceann Droichid, Carn Domhnach, Baile Dhún na nGall agus na Cealla Beaga. 

Leagfaidh na Pleananna Ceantair nua amach réimse beartas, cuspóirí agus creat forbartha spásúil do na bailte seo mar thaca le soláthar tithe, athbheochan a dhéanamh ar lár bailte, réitigh iompair/gluaisteacht inbhuanaithe a chur ar fáil, tacú le fás na fostaíochta, saoráidí nua pobail a chur ar fáil, an oidhreacht thógtha agus nádúrtha chosaint, agus cuidiú le maolúchán agus oiriúnúchán aeráide. Tiocfaidh na pleananna ceantair seo in áit na bpleananna atá sa Phlean Ceantar Áitiúil don Seacht mBaile Straitéiseach 2018-2024. 

I láthair na huaire tá na pleananna ag an chéim réamhdhréachtach agus is ríthábhachtach go mbeidh ionchur ag an phobal iontu.

Is tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil na Pleananna Ceantair á réiteach mar chuid d’athrú níos leithne atáthar a mholadh ar an Phlean Forbartha Contae 2024-2030, a bhfuil na cuspóirí seo a leanas aige chomh maith:

  • Criosú láthair NR2.16 a leasú ag Cnoc an Choiligh, Bun Cranncha – ó ‘Céim 2 Cónaí Nua’ to ‘Céim 1 Cónaí Nua’.
  • Criosú úsáide talún a leasú de bhun aighneachtaí úinéirí talún a bhaineann le Cáin Talaimh Criosaithe Cónaí (RZLT), nuair is cuí, sna bailte bainteacha ar fud Dhún na nGall. 

Mar sin tá an Chomhairle ag tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí réamhdhréachtach idir an 7ú agus an 28ú Feabhra 2025, ina mbeidh cead cainte ag an phobal maidir leis na Pleananna Ceantair Nua agus an t-athchriosú molta i gCnoc an Choiligh, Bun Cranncha, ach freastal ar na himeachtaí buail isteach a leanas agus aighneachtaí scríofa a dhéanamh.  Tá tuilleadh eolais faoi pháirt a ghlacadh ar fáil ag https://consult.donegal.ie/en/consultation/pre-draft-public-consultation-proposed-variation-no-1-county-donegal-development-plan-2024-2030

 Imeachtaí Buail Isteach don Phobal

Baile

Ionad

Dáta agus Am

Baile Dhún na nGall

Seomra na Comhairle, Ionad Seirbhísí Poiblí Dhún na nGall

Dé Luain 17 Feabhra,

3in-8in

Béal Átha Seanaidh

Leabharlann Bhéal Átha Seanaidh

Dé Luain 17 Feabhra,

3in-8in

Carn Domhnaigh

Seomra na Comhairle, Ionad Seirbhísí Poiblí Charn Domhnaigh

Dé Máirt 18 Feabhra,

3in-8in

Na Cealla Beaga

Ostán Radharc an Chuain

Dé Máirt 18 Feabhra,

3in-8in

An Clochán Liath

Seomra na Comhairle, Ionad Seirbhísí Poiblí An Clochán Liath

Dé Céadaoin 19 Feabhra, 3in-8in

Ceann Droichid

Scoil Náisiúnta N. Aonghas

Dé Céadaoin 19 Feabhra, 3in-8in

 Tig le húinéirí talún iarratais athchriosaithe a bhaineann le Cáin Talún Criosaithe Cónaí a dhéanamh faoin 1ú Aibreán 2025. Féach https://consult.donegal.ie/en/consultation/publication-final-residential-zoned-land-tax-map-2025-and-publication-draft-residential-zoned-land áit a bhfuil tuilleadh mionsonraí ar fáil faoi sin. 


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 18 Samh 2025

Leitir Ceanainn – Ag Infheistiú sa Todhchaí Imeacht Eolais don Phobal

Beidh Imeacht Eolais don Phobal á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (BOO) ar an Chéadaoin 19 Samhain 2025 chun eolas a thabhairt faoi na tionscadail agus faoi na hinfheistíochtaí atá beartaithe do Leitir Ceanainn sna blianta beaga amach romhainn.

Image text description

Date: 14 DFómh 2025

Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaíochta Bhun an Phobail

Seoladh Straitéis Athghiniúna agus Plean Gníomhaíochta Bhun an Phobail ar an Déardaoin 18 Meán Fómhair 2025 ag 7pm i Halla Glencrow, Bun an Phobail. Chuir an tOifigeach Athghiniúna Bailte le Comhairle Contae Dhún na nGall, Patrica McIntyre fáilte roimh an phobal agus roimh Chathaoirleach Cheantar Bardasach Inis Eoghain, Martin McDermott agus roimh an Chomhairleora Martin Farren a bhí i láthair fosta. Dúirt Patrica “gur mór an pléisiúr é Straitéis Athghiniúna agus Plean Gníomhaíochta do Bhun an Phobail a sheoladh. Is é an comhlacht Dearadh GM agus a Chomhlaigh a d’ullmhaigh an plean i ndiaidh do chomhairliúchán poiblí mionsonraithe a bheith ar siúl níos luaithe i mbliana. Tá moltaí athghiniúna do Bhun an Phobail tugtha sa phlean a chothóidh lár baile atá beo agus bríomhar le hoibriú ann, le cónaí ann agus le seal ama a chaitheamh ann.”

Image text description

Date: 10 DFómh 2025

Páirc Cheathrú Na hArdeaglaise

Is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall próiseas comhairliúcháin phoiblí a fhógairt don togra ‘Páirc Cheathrú na hArdeaglaise’ i Leitir Ceanainn – togra forbartha uirbeach ina ndéanfar páirc nua a fhorbairt chomh maith le Mol Fiontair Cruthaitheach i Lár Baile Leitir Ceanainn.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)