Skip to main content

February

Díghlasáil Poitéinseal Dhún na nGall: Bígí páirteach sa Chéad Imeacht Nasc Turasóireacht!

Date: 11 Feabh 2025

Forbairt Eacnamaíochta

Díghlasáil Poitéinseal Dhún na nGall: Bígí páirteach sa Chéad Imeacht Nasc Turasóireacht!

Tá cuiredh ah ghnólachtaí turasóireachta Dhún na nGall freastal ar an chéad “Imeacht Nasc Turasóireacht”, a mbeidh a réachtáil ag an gcraoltóir agus iriseoir Richard Curran le linn Seachtain Fiontraíochta Áitiúil (03ú – 07ú Márta 2025), i gcomhar le Comhairle Chontae Dhún na nGall trí CLG Thurasóireacht Dhún na nGall agus Fáilte Éireann. Tá sé mar aidhm ag an imeacht seo naisc fiúntach a chothú i measc soláthraithe turasóireachta sa chontae.

Trí atreoruithe, comhpháirtíochtaí comhoibríocha, agus comhroinnt cleachtais nuálacha a spreagadh, is é cuspóir an ócáid nó ​​le h-eispéireas an chuairteora a uasmhéadú, le turasóireacht ar feadh na bliana a chur chun cinn, agus dáileadh cothrom geografach cuairteoirí a bhaint amach ar fud contae Dhún na nGall. Tá sé mar ardaidhm ag an tionscnamh seo gnólachtaí áitiúla a chumasú le bheith ag obair le chéile chun Dhún na nGall a chur chun cinn mar cheann scríbe den scoth, cuimsitheach agus inbhuanaithe i ngach séasúr.

Beidh roinnt seisiúin líonraithe duine-le-duine stiúrtha i measc soláthraithe lóistín, nithe is díol spéise do chuairteoirí agus soláthraithe gníomhaíochta nó eachtraíochta chun deis a thabhairt dóibh naisc nua a chruthú agus athnuachan a dhéanamh ar seanchinn in Óstán Mount Errigal, Leitir Ceanainn Dé Céadaoin 05 Márta idir 9.00 r.n agus 2.30 i.n.

Ag labhairt roimh an imeacht, dúirt Joan Crawford, Bainisteoir Shlí an Atlantaigh Fhiáin le Fáilte Éireann: “Tá lúchair orainn comhoibriú le Comhairle Chontae Dhún na nGall, agus go h-áirithe le Turasóireacht Dhún na nGall. Cuireadh an oiread sin breisithe agus nuashonruithe leis an tairiscint turasóireachta i nDún na nGall, tá sé tábhachtach teacht le chéile le linn Seachtain Fiontraíochta Áitiúil agus na deiseanna tras-dhíola agus comhoibriú a aithint chun cuairteoirí a spreagadh le tuilleadh taiscéal a dhéanamh ar fud an réigiúin, fanacht níos faide agus níos mó a chaitheamh. Léiríonn ár dtaighde a rinneadh le gairid chun 10 mbliana de Shlí an Atlantaigh Fhiáin a chomóradh go dtiomáineann Slí an Atlantaigh Fhiáin €3billiún in ioncam gach bhlian, agus beidh sé mar phríomhfhócas don todhchaí  tarraingt na leath thuaidh den bhealach turasóireachta a mhéadú ar feadh na bliana.”

Chuir Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Comhairleoir Niamh Kennedy  sa bhreis “is iontach an deis é seo do ghnólachtaí turasóireachta teacht le chéile chun casadhh le chéile, le a gcuid smaointe a roinnt agus comhoibriú. I gcontae ina bhfuil aithne air mar gheall ar a modh “meitheal”, mholfainn do ghnólachtaí clárú chomh luath agus is féidir chun leas a bhaint as na h-áiseanna agus an t-eolais a cuireadh ar fáil ar an lá agus ar ndóigh, bualadh le foirne Thurasóireacht Dhún na nGall agus Fáilte Éireann.”

Dúirt Joy Browne, Bainisteoir Turasóireachta le Comhiarle Chontae Dhún na nGall: “Tá an oiread sin le offráil ag Dhún na nGall don chuairteoir. Tá cáil orainn mar gheall ar ár radharcra áille, ach tá éagsúlacht mhór gníomhaíochtaí agus nithe is díol spéise againn freisin chun taitneamh a bhaint as.  Tugann an chéad “Imeacht Nasc Truasóireachta ” deis dúinn ár dtáirge a thaispeáint agus teagmháil a dhéanamh le gnóthaí eile sa chontae. Trí oibriú le chéile, is féidir linn Dhún na nGall a shuíomh mar áit iontach le teacht agus cuairt a thabhairt air”.

Ag cur leis seo, dúirt Brenda Hegarty, Ceann Fhiontraíocht Dhún na nGall: “Tá lúcháir orainn go bhfuil an ócáid ​​seo ar siúl le linn Seachtain Fiontraíochta Áitiúil.  In éineacht lenár ngeallsealbhóirí, tá muid ar bís le clár imeachtaí chomh lán a chur i láthair agus meastar go mbeidh líon mór daoine i láthair ó 3 – 7 Márta 2025.

Is é téama na bliana seo ná ‘Creid’ agus le linn Seachtain Fiontraíochta Áitiúil, cuirfidh ár bpainéal cainteoirí, mar aon le gnólachtaí áitiúla ag roinnt a gcuid scéalta, imeachtaí inspioráideacha ar fáil do ghnólachtaí ar fud Dhún na nGall.

 Chun spéis a léiriú i láthair cláraigh anseo nó seol ríomhphost chuig waw@failteireland.ie nó tourist@donegalcoco.ie

Mas mian leat a bhrith I láthair don imeacht seo, cláraigh anseo nó seol ríomhphost chuig waw@failteireland.ietourist@donegalcoco.ie


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 20 Samh 2025

Tacaigh le Dún na nGall | Ceannaigh i nDún na nGall | #CeannaighDúnnanGall

Beidh #CeannaighDúnnanGall ar siúl arís i mbliana - feachtas ina mbíonn aird á tarraingt ar na gnónna iontacha atá i nDún na nGall! Bliain i ndiaidh bliana, tugtar deis mhaith do ghnónna a gcuid táirgí agus seirbhísí nuálacha a chur chun cinn agus tacaíocht a fháil ón phobal. Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a bhíonn i mbun an fheachtais agus beidh sé ar siúl i mbliana idir 24 Samhain agus 19 Nollaig, go díreach ina am chun siopadóireacht na Nollag a dhéanamh agus blaiseadh a fháil de na táirgí is fearr atá le fáil i nDún na nGall.

Image text description

Date: 29 DFómh 2025

#DúnnanGallAbú 2025 – Ómós Domhanda do Dhún na nGall

Ba í #DúnnanGallAbú an rath mhór a chualathas ar fud an domhain Dé Céadaoin, an 10ú lá de mí Meán Fómhair. Ar an lá, cuireadh chun cinn tírdhreacha áille Dhún na nGall, le pobaill as gach choirneáil den Domhain ag roinnt a ngrá do Dhún na nGall thar na meáin shóisialta chun Lá #DúnnanGallAbú 2025 a cheiliúradh.

Image text description

Date: 17 DFómh 2025

Ceiliúradh ar Shármhaitheas Domhanda Éireannach ag Óstan Inishown Gateway le Gradaim Diaspóra Éireannach Tip O’Neill 2025

Bhí Gradaim Diaspóra Éireannach Tip O’Neill 2025 ar siúl tráthnóna Dé hAoine in Óstán Inishowen Gateway i mBun Cranncha, ag onóiriú ceathrar baill eisceachtúla de phobal domhanda na hÉireann a léiríonn a gcuid éachtaí spiorad agus luachanna buana Diaspóra na hÉireann.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)