Skip to main content

February

Mórghradam Chumann Chomhaltaí na gComhairlí Contae (LAMA) bronnta ar Chomhairle Contae Dhún na nGall

Date: 24 Feabh 2025

Corparáideach

Mórghradam Chumann Chomhaltaí na gComhairlí Contae (LAMA) bronnta ar Chomhairle Contae Dhún na nGall

Baill Thofa, Oifigigh agus Foireann na Comhairle leis an ghradam ‘Comhairle na Bliana’, le Gradaim na Rannóg agus na nGearrliostaí a bronnadh orthu ag Gradaim Uile-Éireann Phobail agus Chomhairle LAMA.
Baill Thofa, Oifigigh agus Foireann na Comhairle leis an ghradam ‘Comhairle na Bliana’, le Gradaim na Rannóg agus na nGearrliostaí a bronnadh orthu ag Gradaim Uile-Éireann Phobail agus Chomhairle LAMA.

Bronnadh an mórghradam ‘Comhairle na Bliana’ ar Chomhairle Contae Dhún na nGall ag Gradaim Uile-Éireann Phobail agus Chomhairle LAMA na bliana seo.

Is tagarmharc feabhais iad Gradaim LAMA a thugann aitheantas agus a dhéanann ceiliúradh ar an chomhoibriú a bhíonn ar bun idir pobail agus na comhairlí. D’éirigh leis an Chomhairle ‘Údarás Áitiúil na Bliana’ a bhaint amach ag Gradaim na nÚdarás Áitiúil de chuid Chambers Ireland ag deireadh 2024.

Bhí searmanas bronnta na ngradam LAMA ar siúl tráthnóna Dé Sathairn (22 Feabhra) in óstán an Rochestown Park Hotel, Corcaigh.

Lena chois sin, bhí an bua ag an Chomhairle in dhá rannóg; “Tionscadal Cumarsáide is Fearr” – An Feachtas Dún na nGall Abú, de bharr cur chuige an fheachtais a théann i bhfeidhm ar go leor, is é sin féiniúlacht Dhún na nGall a léiriú, rannpháirtíocht an phobail a chur chun cinn agus fás eacnamaíoch a chothú. D’éirigh leo sa rannóg “An Gnó is Fearr a oibríonn leis an Phobal” – Spraoi agus Spórt fosta, is fiontar sóisialta é seo atá ag teacht chun cinn i gCarn Domhnach a dhéanann athinfheistíocht ar an bhrabús a dhéanann siad ar mhaithe leis an phobal agus le fás eacnamaíoch a spreagadh. Bhain an Chomhairle an gearrliosta amach i sé rannóg eile.

Rinne Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Niamh Kennedy agus Príomhfheidhmeannach na Comhairle John McLaughlin ionadaíocht ar Chomhairle Contae Dhún na nGall ag an searmanas bronnta. Bhí lúcháir mhór ar Bhaill Thofa agus ar fhoireann na Comhairle an gradam seo a fháil ar son an chontae.

“Tá áthas orm gur bronnadh mórghradam eile ar Chomhairle Contae Dhún na nGall. Léiríonn sé seo an obair mhór mhaith a dhéanann Comhairleoirí agus foireann na Comhairle lá i ndiaidh lae ar son an phobail, iad ag forbairt tograí agus tionscadal nuálach le borradh a chur faoi na gnéithe sóisialta, cultúrtha, comhshaoil agus eacnamaíochta a bhaineann le saol an phobail i nDún na nGall. Ba mhór an onóir é bheith i láthair ar an oíche agus ár gcontae i mbarr réime”, a dúirt an Clr Kennedy.

Chuir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall John G McLaughlin fáilte roimh an Ghradam seo agus dúirt “is léiriú iontach é seo ar obair na Comhairle. Is ceiliúradh é ar chaidreamh uathúil agus siombóiseach a bhaineann Comhairle Contae Dhún na nGall agus an pobal sásamh as. Lena chois sin, tugann sé léargas dúinn go gcothaíonn an comhoibriú a bhíonn ar bun idir an Chomhairle, an pobal agus oibrithe deonacha, áit níos fearr chun cónaí agus oibriú ann. Tá mé ríbhródúil as an fhoireann uilig i nDún na nGall, buíoch as an tacaíocht a thugann ár mBaill Thofa dúinn agus as saothar ár bpobal, ár n-oibrithe deonacha agus ár bpáirtithe leasmhara.”

Bíonn Gradaim Uile-Éireann Phobail agus Chomhairle LAMA ar siúl achan bhliain, urraithe ag comhlacht árachais IPB. Tríd na gradaim, léirítear an fhéidearthacht atá ag obair dheonach sa phobal nuair a chothaítear í agus nuair a thacaítear léi.

I measc tograí eile na Comhairle a bhain gearrliostaí amach bhí:

Togra an Civic Dollars sa rannóg don Tionscadal Meabhairshláinte is Fearr; ii Mol Nuálaíochta sa rannóg don Fhiontar & Gnólacht nuathionscanta is Fearr; An Diamant, Baile Dhún na nGall – Scéim do Spás Poiblí Taobh Amuigh sa rannóg don Athnuachan Baile nó Sráidbhaile is Fearr;

Cúirt an Troisc – Eiseamláir de Thithíocht Aoisbháúil sa rannóg don Tithíocht is Fearr & Pleanáil Uirbeach, Cósta Bia Dhún na nGall sa rannóg don Tionscadal Turasóireachta is Fearr, Líonra Leitir Ceanainn sa rannóg don Tionscadal Gaeilge is Fearr.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 03 DFómh 2025

Storm Amy - Donegal County Council issues updated public safety advice as Red Wind Warning Issued

With a Status Red Wind Warning in place for Donegal from 16:00 Friday 03/10/2025 to 18:00 Friday 03/10/2025, the public are urged to exercise extreme caution as Storm Amy has the potential to bring extremely strong and gusty southwest winds with potential impacts of fallen trees, damage to power lines, dangerous travelling conditions, structural damage and wave overtopping.

Image text description

Date: 02 DFómh 2025

Update Storm Amy - Donegal likely to bear the brunt of Storm Amy

Following previous advice, the public are reminded to exercise extreme caution as “Near gale force to gale force” winds to hit Donegal tomorrow and with the county likely to bear the brunt of Storm Amy as it sweeps across the Irish coast on Friday.

Image text description

Date: 11 MFómh 2025

Fógra ag iarraidh go ndéanfar machnamh ar scéim chun rataí ar réadmhaoin atá folamh a laghdú

Déantar foráil shonrach in Alt 9 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile 2019 go bhféadfaidh comhaltaí tofa in údarás áitiúil ar bith scéim a dhéanamh lena bhforáiltear do laghdú rátaí i leith réadmhaoine folmha, agus go gceadófar scéim den sórt sin ag cruinniú buiséid an údaráis áitiúil sa bhliain airgeadais áitiúil ina mbeidh an scéim i bhfeidhm.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)