Skip to main content

February

Pleananna Amach Anseo Do Theach Na Cúirte i Leitir Ceanainn

Date: 13 Feabh 2025

Pleanáil

Pleananna Amach Anseo Do Theach Na Cúirte i Leitir Ceanainn

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar an phobal cuidiú an chéad chéim eile sna pleananna fá choinne athúsáid Sheanteach na Cúirte i Leitir Ceanainn a mhúnlú trí theacht chuig ócáid chomhairliúcháin phoiblí buail isteach Dé Máirt an 18 Feabhra 2025.

Le tacaíocht €199,969 i maoiniú THRIVE, arna mhaoiniú ag Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair trí Chlár Réigiúnach Tuaisceartach agus Iartharach 2021-2027 Chiste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), tá d’aidhm ag an Chomhairle Seanteach na Cúirte a athnuachan mar ionad a mbeidh an-tóir ag turasóirí air agus mar shócmhainn ar dóigh do phobal Leitir Ceanainn. A bhuí le THRIVE bhíothas in ann Robin Lee Architects a cheapadh le pleananna ailtireachta a fhorbairt don tionscadal agus é a thabhairt a fhad le céim an toilithe pleanála Chuid 8 sa chéad ráithe de 2025.

Mar chuid den phróiseas toilithe pleanála, tá ionchur na ngeallsealbhóirí agus an mhórphobail ríthábhachtach leis an tionscadal a mhúnlú a thuilleadh agus leis na roghanna a fhiosrú d’ailtireacht an fhoirgnimh agus cad é mar is féidir na spásanna a úsáid chomh maith agus is féidir.

Le tuilleadh a fháil amach agus le páirt a ghlacadh, tugtar cuireadh don phobal bualadh isteach i Seanteach na Cúirte, Leitir Ceanainn, Dé Máirt an 18 Feabhra 2025 am ar bith idir 3 agus 8 pm, mar a mbeidh foireann an chomhairliúcháin, faoi stiúir Robin Lee Architects agus Foireann Athnuachana Chomhairle Contae Dhún na nGall, ar fáil.

Dúirt Robin Lee, Comhpháirtí Bainistíochta in Robin Lee Architecture, “Tá muid ag súil le bheith ag obair leis an Chomhairle, leis an phobal agus le gach geallsealbhóir leis an tionscadal iontach seo a sheachadadh de réir na gcaighdeáin chríochnaithe is airde, ag teacht le hionchas an phobail agus uaillmhianta athnuachana na Comhairle.”

Arsa an Comhairleoir Gerry McMonagle, Méara Cheantar Leitir Ceanainn-Baile na nGallóglach, “Is é seo an tríú comhairliúchán poiblí ar an tionscadal le hathúsáid a bhaint as Seanteach na Cúirte mar ionad ar dóigh a mbeidh an-tóir ag turasóirí air agus a bheidh mar thairseach le heolas a chur ar Dhún na nGall. Ag an chomhairliúchán seo, tá spéis againn go háirithe go bhfeicfidh an mórphobal na roghanna ailtireachta atá ann don fhoirgneamh agus a spásanna agus do smaointe a chluinstin fá dheiseanna d’úsáid dhéach nó d’ilúsáid cuid de na spásanna.

Molaim don phobal teacht go Teach na Seanchúirte Dé Máirt an 18 Feabhra le tuilleadh a chluinstin agus cuidiú an tionscadal a mhúnlú.”

Dúirt Liam Ward, an Stiúrthóir Seirbhíse, Forbartha Pobail & Seirbhísí Pleanála, “Tá lúcháir orm go bhfuil tacaíocht chlár THRIVE, trí Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair, faighte ag tionscadal Sheanteach na Cúirte, rud atá ag cumasú na chéad chéime eile le toiliú pleanála a fháil. De réir chlár THRIVE, tá muid ag dul, go háirithe, d’fheidhmiú phrionsabail Bauhaus AE na háilleachta, na hionchuimsitheachta agus na hinbhuanaitheachta sa tionscadal seo, a bhrúfaidh an tionscadal i dtreo sampla den chleachtas is fearr agus sócmhainn ar dóigh a sheachadadh do Leitir Ceanainn agus a pobal.”

Is iad seo a leanas na socruithe don ócáid buail isteach:
Cá huair? Dé Máirt an 18 Feabhra 2025
am ar bith idir 3 agus 8pm
Cá háit: Seanteach na Cúirte, Leitir Ceanainn

Faigh amach tuilleadh ag www.bit.ly/4hsCO9i


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 25 Meith 2025

Comhairle Contae Dhún na nGall chun oibriú i gComhpháirtíocht le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh ar Athfhorbairt Theach na Cúirte, Leitir Ceanainn

Chuir Comhairle Contae Dhún na nGall fáilte roimh thionscadal píolótach ar dhearadh grafach a chuir mic léinn na dara bliana ón Roinn Deartha & Meán Cruthaitheach in Ollscoil an Atlantaigh Leitir Ceanainn i láthair, i gcomhar leis an teagascóir, an tUasal Joe Coll. Rinneadh scagadh ar théamaí agus ar stíleanna léirmhínitheach d’Ionad Eolais Dhún na nGall – athfhorbairt atá beartaithe do Theach na Cúirte i Leitir Ceanainn. Léiríonn an rannpháirtíocht seo a thiomanta is atá an Chomhairle le nuálaíocht, le hoideachas agus le dearadh ón phobal a chothú chun tionscadail na Comhairle a mhúnlú amach anseo agus chun tarraingt as tobar tallainne ó dhream óg atá ag teacht chun cinn.

Image text description

Date: 15 Beal 2025

Plean Lár Bailte ar dTús do Na Gleannta

Tá lúcháir ar Fhoireann Athnuachana agus Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar leis an chomhlacht Dearadh GM agus a Chomhlaigh, a fhógairt go bhfuil tús á chur le próiseas chun Plean Lár Bailte ar dTús a ullmhú do Na Gleannta. Déanfar an plean a ullmhú de réir an Polasaí Náisiúnta nua ‘Lár Bailte ar dTús – Cur chuige i bhfoirm Polasaí do Bhailte na hÉireann’ ina ndíreofar ar athnuachan & forbairt chun ról, íomhá, beocht, brí agus teacht aniar bhaile na nGleanntach a neartú. Beidh forbairt áite i gcroílár luach tairisceana an bhaile chun infheistíocht agus athnuachan a chumasú agus a mhealladh.

Image text description

Date: 28 Márta 2025

Athfhorbairt Beartaithe do Theach na Cúirte i Leitir Ceanainn

Tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall próiseas comhairliúcháin a chur ar bun a bhaineann leis an fhorbairt atá beartaithe do Sheanteach na Cúirte i Leitir Ceanainn, chun go mbeidh sé ina áis iontach do thurasóirí agus don phobal. Tá fáil ag an phobal anois ar phleananna an togra trí Chuid 8 den phróiseas toilithe pleanála agus tá fáilte roimh an phobal a gcuid tuairimí a nochtadh.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)