Skip to main content

February

Tá Leabharlann Chontae Dhún na nGall ag iarraidh ort dul ar strae … i Leabhar Maith

Date: 13 Feabh 2025

Cultúr

Tá Leabharlann Chontae Dhún na nGall ag iarraidh ort dul ar strae … i Leabhar Maith

Tá leabharlanna ar fud Dhún na nGall ag glacadh páirte i bhfeachtas Éire ag Léamh leis an tír ar fad a chur ag léamh an mhí seo roimh lá náisiúnta léitheoireachta ar an tSatharn, 22 Feabhra.

Tá leabharlanna na hÉireann i gcomhar le foilsitheoirí, díoltóirí leabhar, údair agus daoine eile ag obair i gcomhpháirtíocht san fheachtas, atá mar chuid de chlár Éire Shláintiúil an rialtais agus a bhfuil sé mar aidhm aige an léitheoireacht a cheiliúradh agus na tairbhí go léir a d’fhéadfadh a bheith ann don fholláine agus don taitneamh a chur chun cinn.

Tá an feachtas ag iarraidh ar gach duine ‘Dul ar strae i Leabhar Maith’ le linn mhí Feabhra agus go háirithe ar Lá Éire ag Léamh, Dé Sathairn, 22 Feabhra.

Glac páirt in imeacht Éire ag Léamh

Tá imeachtaí beartaithe do gach aoisghrúpa chun léitheoireacht, leabhair agus litríocht a cheiliúradh ar fud Dhún na nGall.

Foghlaim an dóigh le leabhair, nuachtáin agus irisleabhair a léamh ar do ghléas nó fhón agus tá sé SAOR IN AISCE! Tabhair cuairt ar do leabharlann áitiúil ar na dátaí seo le haghaidh tuilleadh eolais:
Dé Céadaoin19 Feabhra – Leifear
Déardaoin 20 Feabhra – Bun Cranncha, Baile na nGallóglach, Na Rosa (An Clochán Liath), Baile Dhún na nGall, Ráth Bhoth.

Dé hAoine 21 Feabhra – An Lárleabharlann (Leitir Ceanainn), Na Bailte Nasctha, Bun Dobhráin, Gaoth Dobhair, Béal Átha an tSeanaidh, Carn Domhnach, Bun an Phobail.

’10 Leabhar a ndéanfaidh do shaol níos fearr’ le Dr Kenneth Monaghan Dé Sathairn 22 Feabhra An Lárleabharlann Leitir Ceanainn 12:30pm.
Le cuidiú ó Dr. Monaghan, beidh deis agat foghlaim faoi 10 leabhar cumhachtach atá curtha le chéile go cúramach aige a bheidh ina achmhainn duit agus tú ag iarraidh fás pearsanta a chur chun cinn. Má tá tú ag iarraidh dul i ngleic le dúshláin, tú féin a spreagadh nó do smaointeoireacht a athrú, tabharfaidh na leabhair seo léargais luachmhara duit agus thiocfadh leo do shaol a athrú. 

Litreacha na n-Imirceach le Dr Breandán Mac Suibhne Déardaoin 20 Feabhra 6:00pm An Lárleabharlann Leitir Ceanainn 
Beidh deis agat foghlaim faoi na litreacha a chur imircigh Gael abhaile ó na Stáit Aontaithe sa chaint seo ó cheann de na stáraithe is fearr sa tír, Dr Breandáin Mac Suibhne.

Imeachtaí Litearthachta Teaghlaigh Dé Sathairn 22 Feabhra
Tabhairt cuairt ar Leabharlann Phobail na Rosann, Leabharlann Phobail Bhun Dobhráin, Leabharlann Phobail Bhun Cranncha agus Leabharlann Phobail Charn Domhnach chun dul ar strae i leabhar maith agus do leabharmharc féin a dhéanamh Dé Sathairn 22 Feabhra.

Seoladh Leabhair Fighting Words na Gaeltachta i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair Tuesday 18th February 10:30am.

Seoladh an leabhair Is fiú an tairbhe an trioblóid a scríobh páistí an cheantair le tacaíocht ó Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt agus Fighting Words na Gaeltachta.

CLG Dhún na nGall  - Comórtas Filíochta i gcomhar le Coiste Sláinte agus Folláine CLG Dhún na nGall
Glac páirt sa chomórtas seo agus beidh deis agat geansaí Dhún na nGall nó ticéid do chluiche Dhún na nGall a bhaint! Coinnigh súil ar na meáin sóisialta.
Siompóisiam Litríochta agus Tírdhreacha Dhún na nGall ar fáil ar líne anois!

Spreagtha ag an údar Paul Lynch as Dún na nGall a bhuaigh Duais Booker,tháinig slua de na filí, úrscéalaithe, ealaíontóirí, ceoltóirí agus staraithe is cumasaí sa chontae le chéile i 2024 chun plé a dhéanamh ar an doigh a ndeachaigh tírdhreach uathúil agus garbh Dhún na nGall i bhfeidhm ar a gcuid saothar féin.Thig leat an t-imeacht a fheiceáil ar líne anseo anois: www.donegalculture.ie/en/services/libraries/services/right-to-read/


Read DL
Beidh ceiliúradh léitheoireachta an chontae seo – Read DL – ar siúl le linn mhí Feabhra.

Ambasadóirí Léitheoireachta

Coinnigh súil ar na meáin shóisialta de chuid Leabharlann Chontae Dhún na nGall le haghaidh póstaeir a bhfuil scríbhneoirí aitheanta as Dún na nGall iontu.


Tabhair cuairt ar 

IrelandReads.ie

Tugann suíomh gréasáin Ireland Reads moltaí leabhair a oireann do leasanna duine agus don am atá ar fáil dó. Tá níos mó ná 1,500 moladh ó leabharlannaithe ar fud na tíre maidir le gach spéis agus leibhéal léitheoireachta.
Is féidir leat leabhar a mholadh do chara tríd an suíomh gréasáin fosta.

Tá súil ag Leabharlann Chontae Dhún na nGall go mbeidh an contae ar fad ag léamh an mhí seo, go háirithe iad siúd nach bhfuil, b’fhéidir, ina léitheoirí díograiseacha faoi láthair. Mura bhfuil tú ag léamh nó mura bhfuil léitheoireacht déanta agat le tamall anuas, is é seo an t-am is fearr chun triail a bhaint as.

Tá roinnt ambasadóirí feachtais aitheanta ar bord chun cuidiú leis an bhfeachtas a chur chun cinn, ina measc buaiteoir Duais Booker, Paul Lynch, Marian Keyes, Oliver Callan, Sarah Webb agus go leor eile. Is féidir leat a fháil amach cad a chiallaíonn léamh dóibh agus cén fáth a dtacaíonn siad leis an bhfeachtas ag www.irelandreads.ie .
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, lena n-áirítear eolas faoi áirithintí agus amanna imeachtaí tabhair cuairt ar www.donegalculture.ie nó lean @DonegalCountyLibrary ar Facebook agus @DonegalLibrary ar Twitter agus Instagram


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 02 Iúil 2025

Staraí Cónaithe le ceapadh do Thionscadal Cartlainne Chontae Dhún na nGall

Ón bhliain 2012, tá an tSeirbhís Cartlainne agus Músaem Chontae Dhún na nGall páirteach i roinnt imeachtaí a bhaineann le Comóradh Deich mBliana na gCuimhneachán i gContae Dhún na nGall. Tá móreachtraí stairiúla á gcomóradh againn go fóill agus dá bharr sin, tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall Staraí Cónaithe a cheapadh chun tacú le cur i bhfeidhm Phlean Comórtha na Comhairle in 2025.

Image text description

Date: 25 Meith 2025

An Tionscadal MNÁ 100 Dhún na nGall i Músaem Chontae Dhún na nGall

Tá Músaem Chontae Dhún na nGall ag tabhairt cuireadh duit súil a chaitheamh ar thionscadal grianghrafadóireachta MNÁ 100 (Dún na nGall), an Satharn seo, 28 Meitheamh idir 2-4pm.

Image text description

Date: 18 Meith 2025

Leabhar scríofa i nGaeilge, i mBéarla agus in Ultais le daoine óga i nDún na nGall agus Tír Eoghain.

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil leabhar foilsithe anois atá spreagtha ag an scríbhneoir mór le rá Flann O' Brien nó Brian Ó Nualláin. Scríobh daltaí i nDún na nGall agus i dTír Eoghain an leabhar seo agus tá meascán de scríbhneoireacht i nGaeilge, i mBéarla agus in Ultais ann.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)