Skip to main content

January

Féilire Cultúrtha chun Éagsúlacht a Cheiliúradh

Date: 08 Ean 2025

Pobal

Féilire Cultúrtha chun Éagsúlacht a Cheiliúradh

Tá bród ar Chomhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil a Féilire Cultúrtha úr ar an fhód acu, tionscnamh a forbraíodh mar chuid de thionscadal píolótach EU BELONG agus atá ag teacht leis an Straitéis Cuimsithe Eitneach Dubh agus Mionlaigh (BME) do Dhún na nGall 2021-2026. Leagann an féilire seo béim ar phríomhimeachtaí cultúrtha agus reiligiúnacha a cheiliúrann pobail BME ar fud an chontae agus is céim shuntasach é chun uile ghabhálacht agus tuiscint chultúrtha a chothú.

Freagraíonn an Féilire Cultúrtha do Ghníomh 24 den Straitéis um Chuimsiú Eitneach Dubh agus Mionlaigh, ina n-iarrtar imeachtaí suntasacha i bhféilirí cultúrtha na bpobal Eitneach Dubh agus Mionlaigh a aithint agus a nótáil. Trí fheasacht a mhúscailt ar na himeachtaí seo, tá sé mar aidhm ag an tionscnamh mothú muintearais a chur chun cinn agus comhtháthú pobail a neartú ar fud Dhún na nGall.

Léiríonn an féilire éagsúlacht phobail Dhún na nGall. Tugann sé deis do cheannairí, d'eagraíochtaí agus do chónaitheoirí polaitiúla taipéis shaibhir chultúrtha an chontae a cheiliúradh agus dul i ngleic leis. 

Dúirt John G. McLaughlin Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall: "Léiríonn an Féilire Cultúrtha seo ár dtiomantas leanúnach don Straitéis um Chuimsiú Eitneach Dubh agus Mionlaigh a sheachadadh.  Trí imeachtaí cultúrtha agus reiligiúnacha ár bpobal a aithint agus a cheiliúradh, glacaimid céim i dtreo Dún na nGall níos cuimsithí, níos comhtháite agus níos fáiltiúla a thógáil."

Cuireadh forbairt an fhéilire ar an fhód trí chomhairliúcháin le pobail Eitneacha Dubha agus Mionlaigh, ag cinntiú go léiríonn sé na himeachtaí is bríomhaire dóibh. Táthar ag súil go n-ardóidh an tionscnamh seo feasacht ach go spreagfaidh sé rannpháirtíocht níos mó leis an cheiliúradh tábhachtach seo.

#EUBELONG


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 18 Márta 2026

CLÁR 2026

Ag eascairt ón fhógra ón Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, ar an 10 Márta maidir le CLÁR 2026, tá Comhairle Contae Dhún na nGall anois ag lorg Léirithe Spéise ó ghrúpaí pobail do Bheart 1 maidir le tograí tionscadail a bhfuil siad ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh iontu laistigh dá bpobail.

Image text description

Date: 12 Feabh 2026

Toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall mar chuid de Mheitheal tras-chomhairle i nGaillimh

Thaistil toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall go Halla na Cathrach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar na mallaibh, áit ar tionóladh cruinniú de mheitheal tras-chomhairle, le comhaltaí tofa agus oifigigh Ghaeilge ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ón Chomhairle Contae i nGaillimh, i Sligeach, i Maigh Eo agus i gCo. an Chláir, le cois ionadaí ó Chonradh na Gaeilge agus ón Phleanáil Teanga.

Image text description

Date: 28 Ean 2026

Iarratais ar mhaoiniú á lorg faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Dhún na nGall (CFPÁ) ag lorg iarratas ó ghrúpaí pobail i gceantair faoi mhíbhuntáiste ar mhaoiniú caipitil faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)