Skip to main content

January

Lucht Féachana Domhanda de 58.9 milliún bainte amach ag an feachtas #CeannaighDúnnanGall agus #BuyDonegal 2024

Date: 20 Ean 2025

Forbairt Eacnamaíochta

Lucht Féachana Domhanda de 58.9 milliún bainte amach ag an feachtas #CeannaighDúnnanGall agus #BuyDonegal 2024

Craoladh seachtrach #CeannaighDúnnanGall in Óstán Abbey le OceanFM agus  Anne Marie Conlon (Ceann Forbairt Eacnamaíochta le Comhairle Chontae Dhún na nGall) & Comhairleoir Noel Jordan
Craoladh seachtrach #CeannaighDúnnanGall in Óstán Abbey le OceanFM agus Anne Marie Conlon (Ceann Forbairt Eacnamaíochta le Comhairle Chontae Dhún na nGall) & Comhairleoir Noel Jordan

Tá an rath is mó riamh bainte amach ag feachtas #CeannaighDúnnanGall 2024, ag baint amach lucht féachana domhanda ollmhór de 58.9 milliún. Thaispeáin tionscnamh na bliana seo arís an chumhacht ollmhór atá ag spiorad pobail agus bród áitiúil ag mhuintir Dhún nan Gall, agus ag an am céanna ag léiriú gnóthaí eisceachtúla an chontae, agus na nithe uathúla atá ar fáil ar fud an domhan mhór.

Seoladh feachtas #CeannaighDúnnanGall i gcomhthráth leis an Nollaig, agus is tionscnamh de chuid Rannóg Forbartha Eacnamaíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall é, agus tá sé tar éis fás le bheith ina ghluaiseacht dhomhanda, ag nascadh diaspóra Dhún na nGall agus a lucht tacaíochta ar fud an domhain. Déanann an feachtas seo ceiliúradh ar chruthaitheacht, nuálaíocht agus traidisiún iontach an réigiúin, thar raon leathan earnálacha, trí dhaoine a spreagadh chun ceannacht go háitiúil, agus tacú le gnólachtaí agus teaghlaigh Dhún na nGall.

Bhí breis agus 400 gnóthlachtaí páirteach i bhfeachtas 2024, ó earraí lámhdhéanta agus táirgí bia ceirde, go seirbhísí teicneolaíochta agus fáilteachais. Bhí meascán bríomhar de phromóisin ar líne agus lastigh de siopaí, mar aon le h-ábhair agus imeachtaí mealltacha thar na meáin shóisialta Cuireadh samhlaíocht lucht tacaíochta Dhún na nGall chun cinn ó thiar agus ó chóngar.

Príomhbhuaicphointí an Fheachtais:

  • Lucht féachana domhanda 58.9 milliún a bhí páirteach i #BuyDonegal agus #CeannaighDúnnanGall trí ardáin ar-líne, na meáin shóisialta agus na meáin.
  • Rannpháirtíocht láidir ó dhiaspóra Dhún na nGall ar fud na Stát Aontaithe, Ceanada, an RA, an Eoraip agus níos faide i gcéin, ag tiomáint díolacháin idirnáisiúnta agus feasacht do ghnólachtaí áitiúla.
  • Ardaíodh próifíl an chontae trí scéalaíocht chruthaitheach, teagmháil le lucht tionchaire agus roinntpréas ráiteais a mhéadaigh fiontraíocht Dhún na nGall trí théamaí cruthaitheacha.

Ghabh comhairleoir Niamh Kennedy, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, buíochas ó chroí leis an bpobal agus lena gnólachtaí as a dtacaíocht gan staonadh ar fud an feachtas seo. “Is léiriú é an rath a bhí ar #CeannaighDúnnanGall 2024 ar athléimneacht agus cruthaitheacht ghnólachtaí Dhún na nGall, agus ar dhílseacht a lucht tacaíochta. Ní bhaineann an feachtas seo le táirgí agus siopadóireacht amháin, ach baineann sé leis an nasc atá a chothú le h-oidhreacht shaibhir Dhún na nGall agus le rathúnas amach anseo.

Tá infheictheacht mhéadaithe, aitheantas branda agus díolacháin tuairiscithe ag gnólachtaí Dhún na nGall mar thoradh díreach as an bhfeachtas seo. Neartaigh raon domhanda #CeannaighDúnnanGalll cáil Dhún na nGall mar chroí-lár nuálaíochta, ceardaíochta agus fáilteachais."

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin tionscnamh #CeannaighDúnnanGall, tabhair cuairt ar http://www.buydonegal.com/ nó lean #CeannaighDúnnanGall ar na meáin shóisialta.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 22 Ean 2026

#CeannaighDúnnanGall i Lár an Aonaigh arís eile

Bhí spiorad agus mórtas iontach pobail léirithe tríd an fheachtas #CeannaighDúnnanGall arís i mbliana. Tugadh ardán do ghnónna iontacha i nDún na nGall agus do na nithe ar leith atá ar fáil do phobal domhanda, a thugann le fios arís eile gur mol lán le cruthaitheacht agus gnó é Dún na nGall.

Image text description

Date: 07 Ean 2026

Dún na nGall le bheith curtha i láthair ag Seónna Saoire i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath!

Beidh gnólachtaí turasóireachta de chuid Dhún na nGall ag coinneáil ainm an chontae in airde an deireadh seachtaine seo le linn an tSeó Saoire bhliantúil a bheas ar siúl i mBéal Feirste, agus arís i mBaile Átha Cliath i gceann coicíse.

Image text description

Date: 23 Noll 2025

Beannachtaí na Nollag ar Dhiaspóra Dhún na nGall, 2025

Agus an Nollaig agus an bhliain úr ag druidim linn, is deis iontach luachmhar í seo ag teaghlaigh agus ag cairde teacht le chéile faoi shonas agus dea-chuimhní a mhairfidh go ceann i bhfad a chruthú arís i gcomhluadar a chéile.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)