Skip to main content

January

Scéim na nDámhachtainí Tionscadail Chultúir agus Chruthaitheachta Dhún na nGall 2025

Date: 30 Ean 2025

Cultúr

Scéim na nDámhachtainí Tionscadail Chultúir agus Chruthaitheachta Dhún na nGall 2025

Is cúis áthais d’Fhoireann Chultúir agus Chruthaitheachta Chomhairle Contae Dhún na nGall gairm oscailte a fhógairt do ghrúpaí pobail, d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair atá lonnaithe i nDún na nGall chun iarratais a chur isteach ar Scéim na nDámhachtainí Tionscadail Chultúir agus Chruthaitheachta Dhún na nGall 2025. Tá na dámhachtainí seo á dtairiscint mar chuid de Chlár Pobail Chruthaitheacha Chomhairle Contae Dhún na nGall.  

Tairgeann an Scéim 25 dámhachtain tionscadail de €2,000 an ceann chun tacú le tionscnaimh nua a chothaíonn rannpháirtíocht idir pobail agus gairmithe ealaíon, cultúir, cruthaitheachta, bithéagsúlachta nó oidhreachta. Cuirimid fáilte roimh iarratais uathu siúd nach raibh baint acu le hÉire Ildánach roimhe seo, agus uathu siúd a bhfuil bealaí nua cruthaitheacha acu agus ar mian leo páirt a ghlacadh iontu.

Is féidir leis na tionscadail sin díriú ar chultúr, oidhreacht, cruthaitheacht, ealaíona, nó teicneolaíocht a mhealladh, a iniúchadh, a chomhroinnt, a chaomhnú nó a chur chun cinn ar bhealaí cruthaitheacha agus samhlaíocha, mar shampla trí thaibhithe, ceardlanna, taispeántais, oiliúint, gníomhaíochtaí caomhnaithe nó taighde. Ba cheart an rannpháirtíocht leis an bpobal nó le spriocghrúpa a bheith ina príomhghné de d’iarratas. 

Tá an deis mhaoinithe seo á cur ar fáil trí chlár Éire Ildánach a fhaigheann tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná Dé hAoine, an 28 Feabhra ag 4i.n. Ní féidir glacadh le hiarratais dhéanacha.

Íoslódáil Treoirlínte maidir le Dámhachtainí Tionscadail Chultúir agus Chruthaitheachta

Déan iarratas ar líne ag https://submit.link/3lf ,
nó Íoslódáil agus seol le ríomhphost Foirm Iarratais 2025 ar Scéim na nDámhachtainí Tionscadail Chultúir agus Chruthaitheachta

Cuirtear fáilte roimh iarratais ar líne, ag baint úsáid as an nasc iarratais thuas nó trí ríomhphost tríd an leagan Word den fhoirm iarratais a chomhlánú. 
 Beidh seisiún eolais ar líne ag Oifigeach Rannpháirtíochta na bPobal Cruthaitheach, Daithí Ramsay, Dé Máirt, an 18 Feabhra ag 7i.n. Chun clárú dó sin seol ríomhphost chuig creativeireland@donegalcoco.ie


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 11 Noll 2025

Beathaisnéis Néill Mhic Giolla Bhrighde ar fáil saor in aisce ar líne

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil Beathaisnéis Néill Mhic Giolla Bhrighde ar fáil anois go digiteach, saor in aisce ar líne.

Image text description

Date: 02 Noll 2025

Scéim Dámhachtainí Tionscadal Cultúir agus Cruthaiteachta 2026

Is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil glaoch oscailte ann ar ghrúpaí, eagraíochtaí, agus daoine aonair ar mian leo iarratas a chur isteach faoi Scéim Dámhachtainí Tionscadal Cultúir & Cruthaitheachta Dhún na nGall 2026. Bíonn na dámhachtainí seo á mbronnadh ag an Fhoireann Chultúir agus Chruthaitheachta mar chuid de Chlár na bPobal Ildánach, arna mhaoiniú ag Éire Ildánach agus ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.

Image text description

Date: 02 Noll 2025

Geansaithe na Nollag á Malartú

An bhfuil geansaí na Nollag agat a bhfuil a splanc caillte aige? Beidh Geansaithe na Nollag á Malartú i Lárleabharlann Leitir Ceanainn ón Luan 8 Nollaig go dtí an Chéadaoin 17 Nollaig. Is imeacht é seo nach ndéanann dochar don timpeallacht, déantar athnuachan ar stór éadaí na Nollag agus bíonn deis ag daoine geansaithe na Nollag a thabhairt chun beochta arís.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)