Skip to main content

January

Tá Plean Conairí Pobail - Pobail a Nascadh Amuigh Faoin Aer

Date: 13 Ean 2025

Pobal

Tá Plean Conairí Pobail - Pobail a Nascadh Amuigh Faoin Aer

Tá Plean Conairí Pobail á fhorbairt do Dheisceart Dhún na nGall, lena bhfiosrófar agus lena ndéanfar taidead de shiúlóidí agus de chosáin ar fud an cheantair, d’fhonn ár gcuid pobal, saoráidí, spásanna agus áiteanna a nascadh. 

Is treochlár a bheas sa Phlean. Treoróidh sé pobail agus cuirfidh sé bonn eolais ar fáil le gréasán de shiúlóidí/cosáin/conairí a fhorbairt agus a bhainistiú ar bhonn inbhuanaithe. Beidh fócas ann ar phobail áitiúla, rud a éascóidh siúlóidí ó leac do dhorais féin agus, san am céanna, a chaomhnóidh an timpeallacht nádúrtha atá saibhir ó thaobh an chultúir agus na héiceolaíochta de agus atá uathúil do Dheisceart Dhún na nGall.

Táthar i ndiaidh Humphrey Murphy, príomh-shainchomhairleoir le ILC Consultancy atá lonnaithe i nDún na nGall, a cheapadh agus is eisean atá i mbun an tioscadail. Beidh Rannóg Forbartha Pobail Chomhairle Contae Dhún na nGall ag tacú leis.

Tá obair sa tsiúl le bonn eolais a chur faoi mhionsonraí an Phlean agus sainaithneofar agus fiosrófar mar chuid den obair seo conairí agus cosáin ar fud Cheantar Bardasach Dhún na nGall.

Cuimsíonn gné lárnach d’fhorbairt an Phlean clár rannpháirteachais,'Comhráite lenár gcuid Pobal’,  mar a mbeidh muid ag plé, tríd an phróiseas seo, lenár gcuid pobal agus ag foghlaim uathu, agus bainfear feidhm as torthaí an rannpháirteachais seo mar bhonn eolais faoi smaointe/tograí CLISTE le súlóidí/cosáin/conairí a fhorbairt inár gcuid pobal ar fud an cheantair. 

Is é atá i gceist le forbairt na gconairí pobail CLISTE ná:

  • Conairí a úsáid lenár gcuid pobal a Cheangal le saoráidí atá ar na gaobhair agus amuigh faoin aer amhail coillte, aibhneacha, cnoic nó pobail eile
  • Lúb a chruthú idir ceantair chónaithe, páirceanna imeartha, siopaí, ionaid pobail, eaglaisí nó tithe pobail agus saoráidí eile dá leithéid
  • Feabhsúcháin a dhéanamh le saoráidí Iontacha a dhéanamh de na saoráidí áineasa amuigh faoin aer atá ann cheana, mar shampla, suíocháin a fheistiú, síneadh easbhóthair a chur le conair, soilsiú, áiteanna súgartha, áiteanna foscaidh/athraithe do shnámhaithe a bhíonn ag snámh faoin aer, gairdín pobail, seomra ranga faoin aer, nó nithe eile
  • Imeachtaí a Spreagadh a bheadh faoi threoir an phobail, lena gcuirfí chun cinn úsáid na spásanna amuigh faoin aer i measc an phobail nó do chuairteoirí sa cheantar, mar shampla, Siúlóid na Seachtaine
  • É a shoiléiriú go dtig suíomhanna nó saoráidí áineasa amuigh faoin aer a athshamhlú, mar shampla, limistéir rothaíochta easbhóthair, áiteanna snámha i lár coillte, páirceanna do mhadaí

Tá Muid Ag iarraidh Bhur mBarúlacha  a Chluinstin – Cad iad na tosaíochtaí CLISTE atá agatsa ó thaobh na háineasa de i do cheantar féin?

Tar chuig ceann de na himeachtaí ‘buail isteach’ atá againn faoi choinne conairí pobail le cuidiú linn forbairt inbhuanaithe ár gcuid spásanna amuigh faoin aer a threorú agus abair linn cé na deiseanna conairí pobail ar suim leis an phobal s’agatsa a chur chun cinn.  

Dé Máirt, an 21ú Eanáir 2025: 14:00 – 16:00
Seomra na gComhaltaí, Ionad Seirbhíse Poiblí Dhún na nGall, Droim Lonachair, Baile Dhún na nGall, Co. Dhún na nGall, F94 DK6C

Dé Máirt, an 21ú Eanáir 2025: 18:00 – 20:00
Ionad na Mainistreach, Sráid Thír Chonaill, Béal Átha Seanaidh,  Co. Dhún na nGall, F94 DX51

Déardaoin an 23ú Eanáir 2025: 14:00 – 16:00
Halla Pobail na Carraige, An tSeanscoil, An Charraig, Co Dhún na nGall, F94 RY91

Déardaoin an 23ú Eanáir 2025: 18:00 – 20:00
Oifig Henry Kee, An Phríomhshráid, Na Cealla Beaga, Co. Dhún na nGall, F94 W27H

Tá an t-ionchur s’agatsa lárnach maidir le forbairt an phlean seo, rud a chinnteodh go léireoidh an plean riachtanais an uile dhuine inár gcuid pobal.  

Mura dtig leat freastal ar cheann ar bith de na himeachtaí duine le duine s’againn, ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh leis an fhoireann tionscadail trí rphost a chur chuig humphrey@ilc.ie

Tá an tionscnamh seo á mhaoiniú ag Comhaltaí Tofa Cheantar Bardasach Dhún na nGall, i dteannta a chéile, agus é aitheanta mar dhoiciméad straitéiseach atá dírithe ar ghníomh, faoi threoir pobail áitiúla agus é ag dul chun sochair do phobail áitiúla.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 12 Feabh 2026

Toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall mar chuid de Mheitheal tras-chomhairle i nGaillimh

Thaistil toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall go Halla na Cathrach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar na mallaibh, áit ar tionóladh cruinniú de mheitheal tras-chomhairle, le comhaltaí tofa agus oifigigh Ghaeilge ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ón Chomhairle Contae i nGaillimh, i Sligeach, i Maigh Eo agus i gCo. an Chláir, le cois ionadaí ó Chonradh na Gaeilge agus ón Phleanáil Teanga.

Image text description

Date: 28 Ean 2026

Iarratais ar mhaoiniú á lorg faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Dhún na nGall (CFPÁ) ag lorg iarratas ó ghrúpaí pobail i gceantair faoi mhíbhuntáiste ar mhaoiniú caipitil faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026.

Image text description

Date: 19 Ean 2026

Pobail an tSratha Báin Agus Leifir Á gCeangal le Chéile le Spás Comhroinnte Úr €16.7m – Páirc Phobail Cois Abhann

Tá maoiniú €16.7m ó PEACEPLUS ag cuidiú le 30 acra de spás agus de bhonneagar le haghaidh páirc phobail thrasteorann úr a chruthú idir an Srath Bán agus Leifear. Agus é deartha le daoine a thabhairt le chéile agus le teagmháil bhreise dhearfach trasphobail a spreagadh, beidh an spás úr comhroinnte sin, Páirc Phobail Cois Abhann, á mhaoiniú trí PEACEPLUS, clár atá á bhainistiú ag Foras um Chláir Speisialta an AE (FCSAE).

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)