Skip to main content

January

Tá táblaí atá fóirsteanach do chathaoireacha rothaí ar fáil anois i gcúig leabharlann ar fud Dhún na nGall

Date: 17 Ean 2025

Cultúr

Tá táblaí atá fóirsteanach do chathaoireacha rothaí ar fáil anois i gcúig leabharlann ar fud Dhún na nGall

Tá cúig thábla inchoigeartaithe airde ceannaithe ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a bhuí le Ciste na gCuntas Díomhaoin. Tá na táblaí seo ar fáil i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Leabharlann Phobail Bhun Cranncha, Leabharlann Phobail an Dá Bhaile, Leabharlann Phobail Bhaile na nGallóglach agus Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair.

Tá na táblaí inchoigeartaithe airde uilíoch ó thaobh úsáide de, agus is féidir le húsáideoirí cathaoireacha rothaí, daoine faoi mhíchumas neamhfhollasach agus tuismitheoirí agus cúramóirí a bhfuil naíonáin óga acu i bpramanna iad a úsáid. Tá siad iontach le haghaidh staidéir, obair ghrúpa nó i gcomhar lenár Tovertafel.

Tá fáilte roimh chách bualadh isteach chuig aon cheann de na craobhacha thuasluaite agus tuilleadh eolais a iarradh ar an fhoireann. Moltar do ghrúpaí teagmháil a dhéanamh leis an bhrainse is fearr leo chun cuairt agus taispeántas a eagrú.

Cuireann na háiseanna breise seo lenár n-acmhainní atá ag dul i méid chun tacú le cuimsiú pobail. Amharc ar a bhfuil ar fáil againn ar donegallibrary.ie

Tá ballraíocht saor in aisce agus bíonn rochtain ar réimse mór acmhainní saor in aisce i do leabharlann áitiúil. Níl aon táillí le híoc má bhíonn tú déanach agus is féidir an chéad leabhar eile a chur in áirithe ó chompord do thí féin agus cuirfidh do leabharlann áitiúil ar an eolas thú nuair a bheidh sé réidh le bailiú. Tá go leor áiseanna ar líne saor in aisce ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall fosta, cosúil le ríomhleabhair, ríomh-chlosleabhair, ríomhirisí, ríomhnuachtáin, acmhainní foghlama agus taighde ar líne. 

Chun níos mó eolais a fháil faoina bhfuil ag tarlú i do leabharlann áitiúil, amharc ar https://www.donegallibrary.ie/photoslider/nationalpubliclibraryopenday/ nó lean Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ar Facebook @DonegalCountyLibrary nó Instagram ar @donegallibrary.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 13 Márta 2026

Gradam Leabharlann na Bliana d’Oileán na hÉireann buaite ag Leabharlanna Dhún na nGall as Tionscadal Scéalaithe Frances Browne

Ainmníodh Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall ina Bhuaiteoir Réigiúnach agus Tíre d’Oileán na hÉireann do Leabharlann na Bliana ag Gradaim Leabhar na Breataine as a tionscadal ceannródaíoch “Frances Browne Storytellers: Seeing Beyond Sight”.

Image text description

Date: 09 Márta 2026

Seirbhís seolta ag Leabharlanna Dhún na nGall - Monatóirí Radóin ar Iasacht chun Tacú le Sláinte an Phobail

Is mór ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil monatóirí radóin digiteacha le fáil ar iasacht anois ó leabharlanna poiblí ar fud an chontae is gan costas ar bith orthu.

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Tugann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall cuireadh duit Dul Ar Strae le Leabhar Maith le haghaidh Lá Éire Ag Léamh

Tá bród ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a bheith i dteannta leabharlanna ar fud na hÉireann agus iad ag ceiliúradh Éire Ag Léamh, feachtas náisiúnta ar fud na tíre ar fad chun daoine a spreagadh chun dul ag léamh i rith mhí Feabhra, agus a thiocfaidh chun deiridh le Lá Éire Ag Léamh, Dé Sathairn, 28 Feabhra.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)