Skip to main content

July

Aitheantas tugtha do Chlann Uí Bhléine (Blaney) chun 100 bliain de Sheirbhís Leanúnach Polaitiúil ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall a cheiliúradh

Date: 04 Iúil 2025

Corparáideach

Aitheantas tugtha do Chlann Uí Bhléine (Blaney) chun 100 bliain de Sheirbhís Leanúnach Polaitiúil ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall a cheiliúradh

An scaifte a bhí i láthair ag Ócáid Chathartha i Seomra na Comhairle, Áras an Chontae, Leifear
An scaifte a bhí i láthair ag Ócáid Chathartha i Seomra na Comhairle, Áras an Chontae, Leifear

Thug Comhairle Contae Dhún na nGall aitheantas do Chlann Uí Bhléine ag Ócáid Chathartha a bhí ar siúl tráthnóna Dé hAoine (4 Iúil) in Áras an Chontae, Leifear.

Bronnadh aitheantas ar Chlann Uí Bhléine de bharr a bhfuil bainte amach acu – 100 bliain de sheirbhís leanúnach polaitiúil ar Chomhairle Contae Dhún na nGall. Toghadh Neal Blaney ar Chomhairle Contae Dhún na nGall sa bhliain 1925 agus ó shin i leith, toghadh baill eile den teaghlach ar an Chomhairle; Neil T Blaney, Harry Blaney, Niall Blaney agus Liam Blaney.

Rinne Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Paul Canning agus Príomh-Fheidhmeannach na Comhailre John G. McLaughlin, cathaoirleacht ar an ócáid.

Ba mhór ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Paul Canning bheith i mbun na hócáide agus dúirt “tá muid ag ceiliúradh éachtaí Chlann Uí Bhléine a thug seirbhís leanúnach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall le 100 bliain anuas – ón bhliain 1925 go dtí an lá atá inniu ann. Ní hamháin gur staitistic í seo ach is oidhreacht seirbhíse í d’Fhánaid, do Chontae Dhún na nGall agus do Dháilcheantar Dhún na nGall a bhfuil an pobal, teacht aniar agus leanúnachas fréamhaithe ann.”

Chuir Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John G. McLaughlin an méid seo in iúl, “Trí cheiliúradh a dhéanamh ar an ócáid chathartha seo inniu, a mhol an Clr Coyle, tá muid ag ceiliúradh croí an phobail agus an oidhreacht iontach ionadaíochta a rinneadh agus atá á déanamh thar ceann an phobail ag leibhéal Contae agus Náisiúnta araon. Guím gach rath oraibh le bhur saothar polaitiúil amach anseo.”

Bronnadh scrolla oifigiúil mar chuimhneachán ar an Ócáid Chathartha ar an Clr Liam Blaney agus ar an Seanadóir Niall Blaney thar ceann an teaghlaigh. Ghabh Clann Uí Bhléine buíochas leis an Chomhairle as aitheantas a thabhairt dóibh agus cuireadh sólaistí ar fáil i Seanteach na Cúirte i ndiaidh na hócáide. 


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 12 Márta 2026

Ambasadóir na Polainne ar cuairt go Comhairle Contae Dhún na nGall

Ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026, glacfaidh Éire Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh (AE), ról ceannaireachta lárnach i gcroílár chinnteoireacht an AE. Ar feadh sé mhí, déanfaidh Éire stiúradh ar idirbheartaíocht agus comhaontuithe idir na Ballstáit agus tabharfaidh an tír cuidiú dlíthe agus beartais an AE a chur i ngníomh a théann i bhfeidhm ar shaol laethúil níos mó ná 450 milliún duine.

Image text description

Date: 11 Márta 2026

Cuairt an Uachtaráin Catherine Connolly ar Chomhairle Contae Dhún na nGall

Bhí Seomra na Comhairle i gCeannáras Chomhairle Contae Dhún na nGall, Leifear lán go doras maidin Dé Máirt nuair a thug Uachtarán an Stáit, Catherine Connolly cuairt oifigiúil ar Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Image text description

Date: 27 Feabh 2026

Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 Seolta go hOifigiúil

Sheol Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 go hoifigiúil ag ócáid a bhí ar siúl i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, Déardaoin 26 Feabhra.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)