Date: 18 Iúil 2025
Blaiseadh de ‘Ag Obair Thall’ - Saol Mhuintir Dhún na nGall in Albain

Osclaíodh an taispeántas ‘Ag Obair Thall: Saol Oibre Imircigh Dhún na nGall in Albain’ tráthnóna Dé hAoine seo caite i Músaem Chontae Dhún na nGall, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn ina raibh lucht féachana de bhreis is 120 duine ann. Leagann an taispeántas béim ar na poist, ar na coinníollacha oibre agus ar na heispéireis oibre a bhí ag fir agus mná as Dún na nGall in Albain idir 1940 agus 1990. Is é aidhm an taispeántais ná aitheantas a thabhairt agus ceiliúradh a dhéanamh ar an obair a rinne na fir agus na mná seo agus an tionchar a bhí acu ar shochaí na hAlban agus ar an saol sa bhaile i nDún na nGall. Tá cuntas ann ar fhir agus ar mhná as Dún na nGall a d’oibrigh go séasúrach chomh maith leo siúd a chuir fúthu in Albain.
Sheol Packie Bonner, iar-chúl báire le Ceiltigh Ghlaschú agus le Foireann Peile Phoblacht na hÉireann, agus Ambasadóir Diaspóra Dhún na nGall, an taispeántas agus an leabhrán saor in aisce a ghabhann leis, i láthair Chathaoirleach úr Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Paul Canning. Labhair Packie Bonner go paiseanta faoina eispéireas féin agus faoi eispéireas a theaghlaigh a d’oibrigh in Albain, agus faoin tábhacht a bhain le nasc a choinneáil lena fhód dúchais, Dún na nGall.
“Le dhá bhliain anuas, tá Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall ag coimisiúnú taighde agus ag bailiú eolais faoin obair a rinne fir agus mná as Dún na nGall in Albain idir 1940 agus 1990”, a mhínigh Seosamh Ó Gallchóir, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. “Díríonn an taispeántas ar nithe físiúla ina mbaintear úsáid as íomhánna agus as rudaí a chuir baill den phobal isteach agus ó thaisclanna náisiúnta, chun réimse de na slite beatha agus den obair a bhí i gceist thall a léiriú. Chun cur leis an taispeántas, tá foilseachán saor in aisce le fáil a bhfuil 104 leathanach ann agus a thugann tuilleadh léargas ar eispéireas fhir agus mhná Dhún na nGall in Albain. Ba iad an Dr. Adrian Grant agus an Dr. Samuel Beckton ó Aonad Taighde Staire, Ollscoil Uladh a rinne an taighde agus a chuir an leabhrán le chéile. Tá caibidlí gearra san fhoilseachán ar an imirce go hAlbain, ar lucht bainte prátaí, ar gháitéir scadán, ar oibrithe sna tolláin, ar oibrithe sna mianaigh, ar oibrithe iompair, ar oibrithe monarchan, ar oibrithe tí, ar altraí, ar an saol reiligiúnach, ar cheoltóirí, ar imreoirí proifisiúnta sacair, ar oibrithe tógála, ar oibrithe eile, ar chúrsaí tithíochta, ar an saol laethúil agus ar oidhreacht na n-imirceach as Dún na nGall in Albain. Tá caibidil folamh ann fosta chun gur féidir le daoine cuntas a scríobh faoi scéal a dteaghlaigh féin.”
Is comhoibriú é an taispeántas seo idir an Oifig Oidhreachta, an Músaem, na Cartlanna agus Ionad Cultúrtha Réigiúnach Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall agus an tIonad Mellon um Staidéar Imirce. Tá an taispeántas mar chuid de chur i bhfeidhm Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall atá maoinithe ag an Chomhairle Oidhreachta & ag Comhairle Contae Dhún na nGall.
Is féidir leo siúd a thagann leis an taispeántas a fheiceáil scéalta pearsanta a chloisteáil ó mhuintir Dhún na nGall sa bhaile agus thar lear a d’oibrigh in Albain. Tá na scéalta tógtha ó agallaimh a taifeadadh don tionscadal agus ó bhailiúcháin áitiúla. Chuir Áine Ní Bhreisleáin an pacáiste fuaime le chéile agus ba í a rinne eagarthóireacht air. Is féidir roinnt de na taifeadtaí seo a chloisteáil ag an ionad éisteachta sa mhúsaem. Ag an taispeántas, is féidir le daoine grianghraif a thógáil os comhair cúlraí ar nós Cé Bhroomielaw i nGlaschú agus Tollán Chluaidh. Le linn an taispeántais, táthar ag moladh do dhaoine leanstan ar aghaidh ag cur íomhánna, scéalta agus rudaí leis an tionscadal. Tá balla taispeántais sealadach agus aonad taispeána digiteach ann ina mbeidh fáil ar bhreis ábhar a chuireann daoine isteach. Tá Balla Oidhreachta Dhún na nGall-Alban ag iarraidh ar dhaoine a dtuairimí a nochtadh faoi na dóigheanna a bhfuil na naisc idir Dún na nGall agus Albain ríshoiléir, fiú sa lá atá inniu ann. Nuair a bheidh deireadh leis an taispeántas, beidh an t-ábhar seo go léir mar chuid de chartlann an tionscadail a bheidh i gCartlann Chontae Dhún na nGall.
Chomh maith leis an taispeántas agus leis an fhoilseachán, beidh sraith imeachtaí eile ar siúl i rith an tsamhraidh agus an fhómhair, lena n-áirítear sraith cainteanna ar ghnéithe éagsúla d’eispéiris oibre fhir agus mhná Dhún na nGall in Albain, clár staire beo ina mbeidh athléirithe stairiúla bunaithe ar shaol oibre mhuintir Dhún na nGall in Albain, seolfar leabhrán saor in aisce an fómhar seo a chuirfidh síos ar an ról a bhí ag fir agus mná Dhún na nGall i gCóras Iompair Corparáide Ghlaschú, agus leagan taistil den taispeántas a osclófar i nGlaschú i mí Mheán Fómhair. Beidh sé ar taispeáint in áiteanna eile in Albain in 2026.
Beidh an taispeántas ‘Ag Obair Thall: Saol Oibre Imircigh Dhún na nGall in Albain’ ar siúl i Músaem Chontae Dhún na nGall, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn, F92 K123 go dtí Eanáir 2026. Tá saorchead isteach agus tá an Músaem ar oscailt ó Luan go hAoine idir 10 a.m agus 4:30 p.m. (dúnta don lón 12:30 p.m. - 1 p.m.) agus tá sé ar oscailt ar an Satharn idir 1 p.m. agus 4:30 p.m. Más mian leat cur leis an taispeántas nó más mian leat tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le hOifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar (074) 916 3824 nó trí ríomhphost donegalscotland@donegalcoco.ie