Date: 22 Iúil 2025
Buaiteoirí Ghradaim Diaspóra Éireannacha Tip O'Neill Fógartha

D’fhógair Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Paul Canning, buaiteoirí Ghradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill 2025 an tseachtain seo agus bronnfar na gradaim ar an Aoine, 17 Deireadh Fómhair in Óstán Gateway Inis Eoghain, Bun Cranncha. Tugann na gradaim chlúiteacha seo aitheantas do bhaill de Diaspóra na hÉireann ar fud an domhain a thug seirbhís agus ar éirigh leo éachtaí a bhaint amach ach a choinnigh nasc láidir lena bhfréamhacha in Éirinn.
Ag labhairt dó an tseachtain seo, dúirt an Clr Canning go “léiríonn buaiteoirí na bliana seo cad is Éireannach ann. Más trí cheannaireacht shibhialta, trí bhród cultúrtha, nó trí éacht idirnáisiúnta é, iompraíonn gach duine acu spiorad ár dtíre le bród agus le cuspóir. Is onóir ar leith é daoine aonair a bhfuil fréamhacha chomh láidir sin acu i nDún na nGall a fheiceáil ag fáil aitheantas ar ardán domhanda, agus táimid ag súil le fáilte a chur rompu abhaile go Bun Cranncha don ócáid speisialta seo."
Is iad buaiteoirí na bliana seo ná Vincent Keaveny, Danny Hutton, Eileen agus Seán Donaghey.
Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas do Vincent Keaveny a bhfuil nasc láidir aige le Dún na nGall. Rinne an bardasach Vincent Keaveny gaisce mar gurbh é an chéad fhear de bhunadh na hÉireann a bhí ina Ardmhéara ar Chathair Londan in 2021/22. Dlíodóir agus ceannaire sibhialta clúiteach is ea é, agus tá sé ina urlabhraí cumhachtach ar chuimsiú, ar airgeadas inbhuanaithe, agus ar Diaspóra na hÉireann. Bronnadh CBE air sa bhliain 2023 as an méid a rinne sé do Chathair Londan agus le héagsúlacht shocheacnamaíoch a chur chun cinn.
Ag labhairt dó ní ba luaithe an tseachtain seo, dúirt Vincent Keaveny “is mac mé le fear as Dún na nGall, agus is mé an chéad saoránach de cuid na hÉireann a bhí ina Ardmhéara ar Londain, agus mar sin, tá áthas orm Gradam Diaspóra Éireannach Tip O'Neill a fháil i mbliana. Cothaíonn an Gradam ceangal le cuid den domhan atá an-tábhachtach domsa agus do mo theaghlach mar gheall ar an obair atá déanta agam i Londain le blianta beaga anuas mar bhall de phobal an diaspóra. Is iontach an rud é bheith ar ais i nDún na nGall leis an aitheantas speisialta seo a fháil.”
Rugadh Danny Hutton i mBun Cranncha i gContae Dhún na nGall agus tá aithne air mar bhall bunaithe agus mar phríomhamhránaí an racbhanna de chuid Mheiriceá 'Three Dog Night'. Bhain an banna cáil shuntasach amach ag deireadh na 1960idí agus ag tús na 1970idí, le hamhráin mhóra “Joy to the World” agus “Mama Told Me (Not to Come)”. Is fianaise ar a oidhreacht Éireannach í gairm cheoil Hutton, agus tá sé ag seinm leis an bhanna go fóill, rud a chuireann gliondar ar chroí an lucht éisteachta ar fud an domhain.
Bhí Danny Hutton thar a bheith sásta agus iontas air araon nuair a roghnaíodh é mar dhuine de bhuaiteoirí Ghradaim Diaspóra Éireannacha Tip O'Neill. Dúirt sé “Táim thar a bheith sásta agus tá rud beag iontais orm gur roghnaíodh mé mar ambasadóir ar Diaspóra na hÉireann agus go bhfuil gradam Tip O’Neill le bronnadh orm as mo chuid éachtaí.
“Ó tharla gur rugadh i gContae Dhún na nGall mé, bhí meas agam i gcónaí ar m’oidhreacht Éireannach agus creidim gur chuidigh tréithe dúchasacha na hÉireann, cosúil le teacht aniar, scéalaíocht agus cruthaitheacht leis an rath a bhí orm mar cheoltóir, mar thaibheoir agus mar léiritheoir taifead. Cuireann sé ola ar mo chroí go bhfuil mé ar an chéad ealaíontóir ceoil a áiríodh i measc na bpearsana polaitíochta agus spóirt as Éirinn ar bronnadh Gradam Diaspóra Éireannach Tip O’Neill orthu. Táim ag súil le filleadh ar mo bhaile dúchais, Bun Cranncha, i mí Dheireadh Fómhair chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ghradam an-speisialta seo a fháil."
Is as Ráth Seanaigh, Baile Lifín agus Cnoc an Choiligh, Bun Cranncha i gContae Dhún na nGall ó dhúchas d’Eileen agus Seán Donaghey. Tá 34 bliain caite ag Eileen agus Seán Donaghey i Sydney, áit a bhfuil siad i gcroílár an phobail Éireannaigh ansin. Tá gradaim bainte amach ag a mbialann, Mulligans, ach ní hamháin go gcuireann siad bia ar fáil, ach cuireann siad tacaíocht ar fáil do na glúnta imirceach, cuireann siad cultúr na hÉireann chun cinn, agus bailíonn siad na céadta míle dollar do charthanachtaí ar fud na hÉireann agus na hAstráile.
Dúirt Eileen agus Seán “is mór an onóir dúinn a bheith ainmnithe do Ghradam Diaspóra Éireannach Tip O’Neill agus tá lúcháir orainn a bheith ag filleadh abhaile go Dún na nGall i mí Dheireadh Fómhair. Le haitheantas a fháil san áit ar chuir muid tús lenár n-aistear - is deacair é a chur i bhfocail.”
Déanann Gradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill ceiliúradh ar Tip O’Neill - Iar-urlabhraí i dTeach na nIonadaithe sna Stáit Aontaithe, agus arbh as Dún na nGall dá sheantuismitheoirí ar thaobh a mháthar. Tá an ócáid mar a bheadh droichead ann idir Éire agus a pobal domhanda, ag cothú dáimhe, cultúir agus luachanna comhroinnte.
Gach bliain, bíonn bronnadh na ngradam á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus thug John G. McLaughlin, Príomh-Fheidhmeannach na Comhairle le fios gur bealach amháin iad na gradaim seo chun onóir agus aitheantas a thabhairt don méid a dhéanann Diaspóra na hÉireann ar fud an domhain “Tá diaspóra Dhún na nGall ar cheann dár láidreachtaí, agus is fianaise iad buaiteoirí na bliana seo ar thionchar buan an phobail domhanda sin. Táimid thar a bheith sásta fáilte a chur roimh dhaoine abhaile a chaith blianta fada ag tacú le daoine eile agus ag caomhnú agus ag cur ár gcultúr comhroinnte chun cinn ar an taobh eile den domhan.”
Dúirt Cathaoirleach Choiste Ghradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill, Nicholas Crossan:
“Tá Gradaim Tip O’Neill ag méadú i gcónaí, agus ní haon eisceacht í an bhliain seo. Tá áthas orainn ómós a thabhairt do na buaiteoirí ina gcothaíonn a gcuid éachtaí idirnáisiúnta, bród i nDún na nGall agus naisc láidre lena bhfréamhacha. Ceiliúradh speisialta a bheidh i searmanas 2025 nuair a fhillfidh siad go léir don ócáid.”
Beidh ticéid do Ghradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill 2025 ar díol ón Luan 28 Iúil ar chostas €40 an ceann.