Skip to main content

July

Cuairt tugtha ag Toscairí Eorapacha ar Dhún na nGall do Chomhdháil ar Hidrigin Ghlas

Date: 15 Iúil 2025

Forbairt Eacnamaíochta

Cuairt tugtha ag Toscairí Eorapacha ar Dhún na nGall do Chomhdháil ar Hidrigin Ghlas

Thug toscairí ó 10 dtír san Eoraip cuairt ar Bhaile Dhún na nGall an tseachtain seo a chuaigh thart do Chomhdháil ar Hiodra Glas de chuid Interreg na hEorpa.

Dhírigh an ócáid dhá lá seo ar bhealaí chun tacú le hidrigin ghlas a fhorbairt san Eoraip agus ar dhóigheanna chun a chinntiú go bhfuil FBManna mar chuid de shlabhra luacha na Hidrigine Glaise.

Bhí an chomhdháil ar siúl in Óstán an Central, Baile Dhún na nGall ar an 2 agus 3 Iúil. Tharraing an chomhdháil seo guthanna ceannródaíocha ó áiteanna ar fud na hEorpa le chéile, ó réimse an fhuinnimh, an bheartais, na hacadúlachta agus na fiontraíochta, lena n-áirítear comhpháirtithe AE mar chuid de thionscadal Hiodra Glas Interreg na hEorpa. Bhí sé mar aidhm ag an ócáid spléachadh a dhéanamh ar an dóigh ar féidir le rialtais réigiúnacha agus áitiúla cur ar chumas na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) leas a bhaint as slabhra luacha na hidrigine atá ag teacht chun cinn.

Ag oscailt na comhdhála, labhair an Clr Michael Naughton, Cathaoirleach Cheantar Bardais Dhún na nGall, faoi uaillmhian agus deiseanna, agus dhírigh ar na láidreachtaí ar leith atá i nDún na nGall i dtionscal na mara, i gcúrsaí nuálaíochta agus inbhuanaitheachta. Dúirt sé “Ní hamháin gur áit lán le háilleacht nádúrtha é Dún na nGall—is réigiún é atá réidh le ceannas a ghlacadh ar phróiseas aistrithe go fuinneamh glan”.

Bhí dhá sheisiún thábhachtacha mar chuid den seimineár téamach a bhí ar siúl ar an 2 Iúil. Rinneadh scagadh sa chéad seisiún ar “Glacadh Pobail” ina raibh cur i láthair agus plé painéil ar rannpháirtíocht an phobail agus ar chúrsaí sábháilteachta i bhforbairt hidrigine, le léargais ó Nuala Carr, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, ó Maarten Meijer, Ollscoil Hanze, ó Eunan Quinn, Comhairle Contae Dhún na nGall agus ó Sundeep Reddy, Innealtóireacht Fuinnimh Lagan, agus go leor eile nach iad.

“Nuálaíocht i bhFiontair Bheaga agus Mheánmhéide” a bhí mar théama sa dara cuid den chomhdháil. I measc na gcainteoirí a bhí ann bhí David Surplus ó B9 Energy, Kevin Sexton ó Alpha Innovation agus Lisa Pearce ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Phléigh gach láithreoir agus painéalaí an dóigh ar féidir le héiceachórais nuálaíochta FBManna a chumasú chun réitigh hidrigine a chur chun cinn.

Tar éis am lóin, thug toscairí cuairt ar Chalafort na gCealla Beaga agus ar Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh sna Cealla Beaga, áit ar phléigh siad bonneagar, scileanna, agus ullmhacht hidrigine le saineolaithe áitiúla. I measc na láithreoirí a bhí ann bhí Karl Bonner ó Chnuasach Mara na gCealla Beaga, an Dr. Saad Memon ó Ionad OSCAR in OTA, Emmet Lagan ó Innealtóireacht Fuinnimh Lagan agus Derek McBrearty ó KER agus Grúpa Hidrigin Ghlas na gCealla Beaga. Labhair gach duine acu faoina gcuid oibre féin agus faoin ionchur atá acu maidir le Hidrigin Ghlas. Lena chois sin, chaith siad súil ar na deiseanna atá ann don todhchaí agus tugadh ar thuras treoraithe timpeall Chuan na gCealla Beaga iad ina dhiaidh sin.

Ar an 3 Iúil, tháinig comhpháirtithe tionscadail le chéile arís do cheardlann a dhírigh ar na bacainní agus ar na háisitheoirí a bhíonn roimh chomhpháirtithe tionscadail agus na fadhbanna coitianta a d'fhéadfaí a shárú le chéile. Cuireadh eolas ar fáil maidir le foghlaim agus forbairt beartais agus deimhníodh na chéad chéimeanna eile don tionscadal ar Hidrigin Ghlas.

I ndiaidh na hócáide, ghabh Anne Marie Conlon, Ceannasaí ar Fhorbairt Eacnamaíochta le Comhairle Contae Dhún na nGall, buíochas leis na cainteoirí, leis na comhpháirtithe agus leo siúd a d’fhreastail ar an ócáid. Dúirt sí “go bhfuil an tionscadal Hiodra Glas seo, atá maoinithe ag Interreg na hEorpa, ag tabhairt deis do pháirtithe leasmhara i nDún na nGall a bheith rannpháirteach le comhpháirtithe eile ar fud na hEorpa atá ag tabhairt faoi phróiseas aistrithe. Le linn a gcuid ama i nDún na nGall, bhí deis ag ár gcomhpháirtithe Eorpacha níos mó a fhoghlaim faoin aistriú go fuinneamh glan atá ar siúl in Éirinn, agus bhí deis ag rannpháirtithe ó Dhún na nGall agus ó Éirinn nasc a chothú le réigiúin chomhchosúla eile agus níos mó a fhoghlaim faoi na beartais agus na tacaíochtaí a d’fhéadfadh cur leis an aistriú chuig fuinneamh glas glan”.

Má tá suim agat i Hiodra Glas nó más mian leat a bheith níos rannpháirtí sa tionscadal seo, tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin donegal.ie/en/green-hydra nó déan teagmháil dhíreach linn ag: economicdevelopment@donegalcoco.ie


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 08 DFómh 2025

Ómós do Eileen agus Seán Donaghey ag Gradaim Dhiaspóra na hÉireann Tip O'Neill 2025

Beidh Gradaim Dhiaspóra na hÉireann Tip O’Neill ag pilleadh arís don bhliain 2025 in Óstán an Inishowen Gateway i mBun Cranncha Dé hAoine 17 Deireadh Fómhair ó 6.30pm. Is iad an bheirt dheireanacha a bhfuil muid chun a bpróifíl a chur in bhur láthair roimh shearmanas bronnta 2025 ná Eileen agus Seán Donaghey.

Image text description

Date: 01 DFómh 2025

Vincent Keaveny ainmnithe chun Gradam Dhiaspóra na hÉireann Tip O'Neill 2025 a fháil

Is le bród a fhógraíonn Comhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil An Bardasach Vincent Keaveny CBE ar an dara duine ar a mbronnfar Gradam Dhiaspóra na hÉireann Tip O'Neill 2025 i mbliana. Beidh searmanas gradam na bliana seo ar siúl in Óstán an Inishowen Gateway, Bun Cranncha Dé hAoine 17 Deireadh Fómhair.

Image text description

Date: 01 DFómh 2025

An Feachtas Turasóireachta ‘Gan aon deifir, Gan aon mhilleadh, Sin Dún na nGall’ Seolta

Táthar ag moladh do sholáthraithe turasóireachta i nDún na nGall, páirt a ghlacadh san fheachtas nua idirshéasúir atá ag teacht sna sála ar chomhdháil idirnáisiúnta TBEX a bhí ar siúl i nDún na nGall le gairid; inar thug na céadta cruthaitheoir inneachair agus scríbhneoir taistil cuairt ar an chontae dá bharr.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)