Skip to main content

July

#DúnnanGallAbú á cheiliúradh ar an 10 Meán Fómhair 2025

Date: 30 Iúil 2025

Forbairt Eacnamaíochta

#DúnnanGallAbú á cheiliúradh ar an 10 Meán Fómhair 2025

Déanfar ceiliúradh ar #DúnnanGallAbú i mbliana ar an Chéadaoin 10 Meán Fómhair 2025.

Is é seo an séú bliain as a chéile den fheachtas seo a bheith ar siúl agus tá spéis mhór léirithe ann go dtí seo.  Tugtar cuireadh do dhaoine as gach cearn den domhan ceangal a chothú le Dún na nGall agus ceiliúradh a dhéanamh ar na rudaí speisialta a bhaineann leis an Chontae — áilleacht tírdhreacha, oidhreacht shaibhir chultúrtha, pobail bheo bhríomhara, an nuálaíocht agus céad mílte fáilte i gcónaí.

Bhí feachtas #DúnnanGallAbú na bliana seo caite ar an cheann ba rathúla go dtí seo. Cothaíodh ceangal le 99 milliún duine ar fud an domhain i gcaitheamh an lae agus suas le 125 milliún duine i gcaitheamh an deireadh seachtaine.  Roinneadh na mílte postáil spreagúil, grianghraf álainn, agus scéal pearsanta a léirigh croí an Chontae ar bhonn domhanda, rud a tharraingíonn aird arís agus arís eile ar áilleacht, ar chultúr agus ar spiorad pobail Dhún na nGall. Táthar ag súil tógáil air sin i mbliana agus ceangal a chothú le tuilleadh daoine, cibé áit ar domhan a bhfuil siad.

Beidh #DúnnanGallAbú na bliana seo ar siúl fad is a bheidh TBEX Eorpach 2025 (imeacht do bhlagálaithe taistil ) á reáchtáil i nDún na nGall. Tá sé seo ar cheann de na tionóil is mó ar domhan ina gcruinníonn idir chruthaitheoirí taistil, bhlagálaithe agus tionchairí. Beidh sé ar siúl i nDún na nGall an tseachtain chéanna ina mbeidh an feachtas ar siúl (9-12 Meán Fómhair). Tabharfaidh TBEX deis do lucht cruthaithe scéil ar fud an domhain cuairt a thabhairt ar chladaí an Chontae — is deis iontach í seo le scéal agus stair Dhún na nGall a chur i láthair an domhain mhóir ar ardán idirnáisiúnta.

Tá an tionscadal seo á chomhordú ag Rannóg Forbartha Eacnamaíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall agus creideann Cathaoirleach na Comhairle, an Clr. Paul Canning gur deis é an feachtas #DúnnanGallAbú do gach duine a bhfuil a gcroí istigh i nDún na nGall, an fáth a bhfuil sin amhlaidh a chur in iúl trí úsáid a bhaint as #DúnnanGallAbú. Is ceiliúradh bliantúil é seo ina mbíonn muid mórtasach gur as an áit seo dúinn. Nuair a léiríonn daoine na fáthanna a bhfuil a gcroí i nDún na nGall, tá siad ag gríosú daoine eile le cuairt a thabhairt ar an Chontae agus infheistíocht a dhéanamh ann.

Iarrtar ar rannpháirtithe póstálacha a roinnt, macasamhail:

  • Áilleacht nádúrtha Dhún na nGall ó Chionn Mhálanna go Sliabh Liag
  • Bia, ceardaíocht, cultúr, ceol agus traidisiúin na háite
  • Scéalta pearsanta faoi bheith ag éirí aníos, nó ag filleadh nó ag tabhairt cuairte ar Dhún na nGall
  • Scéalta faoi ghnólachtaí atá ag éirí leo agus deiseanna cianoibre
  • Tograí pobail agus laochra áitiúla a dhéanann difear ceart sa chontae

Is cuid d’iarrachtaí Chomhairle Contae Dhún na nGall le brandáil agus cur chun cinn an chontae a chothú trí Donegal.ie, é #DúnnanGallAbú, rud a chuidíonn le Dún na nGall a chur chun tosaigh mar áit le cónaí ann, le hoibriú ann, le hinfheistíocht a dhéanamh ann agus le spaisteoireacht ann.

Is cuma más duine áitiúil thú, más ball de Diaspóra Dhún na nGall thú nó más duine thú a bhfuil do chroí istigh i nDún na nGall, tugann muid cuireadh duit a bheith rannpháirteach san fheachtas trí ghrianghraif, trí scéalta, trí fhíseáin agus trí theachtaireachtaí a roinnt ar na meáin shóisialta agus trí úsáid a bhaint as na haischlibeanna #DúnnanGallAbú agus #LoveDonegal.

Tá tuilleadh eolais maidir leis an dóigh ar féidir leat a bheith rannpháirteach ann le fáil ar www.donegal.ie/lovedonegal nó lean muid ar na meáin shóisialta @Donegal_ie.

Tagaimís le chéile i mí Mheán Fómhair le ceiliúradh a dhéanamh ar an chontae ar leith atá againn agus léireoidh muid meas agus mórtas dár gcontae féin don saol mór #DúnnanGallAbú


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 07 Ean 2026

Dún na nGall le bheith curtha i láthair ag Seónna Saoire i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath!

Beidh gnólachtaí turasóireachta de chuid Dhún na nGall ag coinneáil ainm an chontae in airde an deireadh seachtaine seo le linn an tSeó Saoire bhliantúil a bheas ar siúl i mBéal Feirste, agus arís i mBaile Átha Cliath i gceann coicíse.

Image text description

Date: 23 Noll 2025

Beannachtaí na Nollag ar Dhiaspóra Dhún na nGall, 2025

Agus an Nollaig agus an bhliain úr ag druidim linn, is deis iontach luachmhar í seo ag teaghlaigh agus ag cairde teacht le chéile faoi shonas agus dea-chuimhní a mhairfidh go ceann i bhfad a chruthú arís i gcomhluadar a chéile.

Image text description

Date: 20 Samh 2025

Tacaigh le Dún na nGall | Ceannaigh i nDún na nGall | #CeannaighDúnnanGall

Beidh #CeannaighDúnnanGall ar siúl arís i mbliana - feachtas ina mbíonn aird á tarraingt ar na gnónna iontacha atá i nDún na nGall! Bliain i ndiaidh bliana, tugtar deis mhaith do ghnónna a gcuid táirgí agus seirbhísí nuálacha a chur chun cinn agus tacaíocht a fháil ón phobal. Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a bhíonn i mbun an fheachtais agus beidh sé ar siúl i mbliana idir 24 Samhain agus 19 Nollaig, go díreach ina am chun siopadóireacht na Nollag a dhéanamh agus blaiseadh a fháil de na táirgí is fearr atá le fáil i nDún na nGall.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)