Skip to main content

July

Foláireamh faoi Bhaol Tinte (Stádas Dearg – An-Bhaol Tinte)

Date: 11 Iúil 2025

Comhshaol

Foláireamh faoi Bhaol Tinte (Stádas Dearg – An-Bhaol Tinte)

Tá foláireamh eisithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhaineann le Baol Tinte, Stádas Dearg – An-Bhaol Tinte, do cheantar ar bith a bhfuil breoslaí contúirteacha ann cosúil le haiteann, fraoch, féar tirim agus fásra eile.

 

Beidh an foláireamh i bhfeidhm go dtí meán lae, 14 Iúil 2025.

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag impí ar úinéirí talaimh agus ar an phobal a bheith ar an airdeall agus a chinntiú nach dtarlaíonn tinte portaigh. Impíonn an Chomhairle ar úinéirí talaimh agus ar an phobal gan aon ní a dhéanamh a thiocfaí tús a chur le tine phortaigh.

 

Iarrtar ar úinéirí talaimh agus ar an phobal a bheith ar a n-airdeall agus an tseirbhís dóiteáin a chur ar an eolas sa chás go bhfuil tine imithe ó smacht nó mura bhfuil iarrachtaí ar bun le tine a chur faoi smacht. Is féidir glaoch a chur ar 999 nó 112.

 

Moltar d’úinéirí tí nó iad sin a bhfuil maoin acu in áit a d’fhéadfadh tine phortaigh a bheith, fáil réidh le fásra atá gar don teach, don fhoirgneamh nó don umar ola, sin nó é a ghearradh chun nach ndéanfaí damáiste dá maoin. Ní mór go gcoinneofaí aon spás atá glan, saor ó fhásra agus ó ábhar indóite.

 

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall cur i gcuimhne d’úinéirí talaimh agus don phobal, go bhfuil sé mídhleathach aon fhásra atá ar thalamh nach talamh curaíochta é, a ghearradh, a rúscadh, a dhó nó a mhilleadh, idir 1 Márta agus 31 Lúnasa in aon bhliain, faoin Acht um Fhiadhúlra 1976 agus 2000.

 

Táthar ag cur i gcuimhne arís don phobal go bhfuil sé mídhleathach dramhaíl tí, thionsclaíoch, talmhaíochta nó tógála a dhó faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 22 Noll 2025

Scéim Athchúrsála Crann Nollag athsheolta ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus Gníomhaireacht na Lochanna mar chuid d’Fheachtas na Nollag um Ghníomhú ar son na hAeráide

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag moladh do theaghlaigh agus do líonta tí an Nollaig seo a dhéanamh ina Nollaig shona agus inbhuanaithe trí bheith ag athchúrsáil go freagrach le linn shéasúr na Nollag mar chuid dá Feachtas Nollag um Ghníomhú ar son na hAeráide.

Image text description

Date: 08 MFómh 2025

Is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag Gníomhaireacht Fuinnimh an Iarthuaiscirt go bhfuil maoiniú de €2.66m ceadaithe do Sheirbhísí Forbartha Tionscadail tríd an chiste tacaíochta ELENA faoin Mhol Comhairleach InfheistighAE

Tá sé i gceist go gcuirfidh an tionscadal ‘Misean Iarfheistithe Dhún na nGall’ borradh faoi ‘Gníomhaireacht Fuinnimh’ a bhunú don Iarthuaisceart. Is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag Gníomhaireacht Fuinnimh an Iarthuaiscirt go bhfuil maoiniú de €2.66m ceadaithe do Sheirbhísí Forbartha Tionscadail tríd an chiste tacaíochta ELENA faoin Mhol Comhairleach InfheistighAE.

Image text description

Date: 11 Iúil 2025

Foláireamh faoi Bhaol Tinte (Stádas Dearg – An-Bhaol Tinte)

Tá foláireamh eisithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhaineann le Baol Tinte, Stádas Dearg – An-Bhaol Tinte, do cheantar ar bith a bhfuil breoslaí contúirteacha ann cosúil le haiteann, fraoch, féar tirim agus fásra eile.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)