Skip to main content

July

Oibreacha Caomhnaithe ar Na Labhrais, Na Gleannta le leanstan ar aghaidh

Date: 22 Iúil 2025

Oidhreacht

Oibreacha Caomhnaithe ar Na Labhrais, Na Gleannta le leanstan ar aghaidh

Taobh amuigh de Na Labhrais (ó chlé go deas): Diarmuid Gavin, Cróna Regan, Joseph Gallagher, Harriet Purkis, Mary Friel Bateman, Martin Regan, Seamus Neely, an Clr. Anthony Molloy, Orlaith McBride, an Clr. Brian Carr, Collette Beattie, Duncan McLaren, Mary Thompson, Tara Martin, Isobel Sangha & Micheál Gallagher. Grianghraf: Declan Doherty
Taobh amuigh de Na Labhrais (ó chlé go deas): Diarmuid Gavin, Cróna Regan, Joseph Gallagher, Harriet Purkis, Mary Friel Bateman, Martin Regan, Seamus Neely, an Clr. Anthony Molloy, Orlaith McBride, an Clr. Brian Carr, Collette Beattie, Duncan McLaren, Mary Thompson, Tara Martin, Isobel Sangha & Micheál Gallagher. Grianghraf: Declan Doherty

Leanfar ar aghaidh le hoibreacha caomhnaithe ar Na Labhrais, Na Gleannta - baile dúchais mháthair an drámadóra Brian Friel, sna seachtainí amach romhainn, faoi scáth Thionscadal na mBailte Stairiúla - scéim de chuid na Comhairle Oidhreachta. Is mar thoradh ar iarratas a rinne Comhairle Contae Dhún na nGall ar an scéim agus ar éirigh leis, a dhéanfar na hoibreacha seo. Faoi Thionscadal na mBailte Stairiúla, ceadaíodh €300,000 d’Oifig Caomhantais agus Oidhreachta na Comhairle i rannpháirtíocht le hIontaobhas Brian Friel agus leis an chomhlacht ailtireacha Dedalus. Cuirfidh Comhairle Contae Dhún na nGall maoiniú de €75,000 ar fáil le breis maoinithe ó Iontaobhas Brian Friel fosta. 

“Bhí Brian Friel ar an drámadóir ba chlúití in Éirinn lena linn agus ba scríbhneoir gearrscéil é a raibh dáimh agus cion aige ar Chontae Dhún na nGall”, a mhínigh Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. “Mar thoradh ar Thionscadal na mBailte Stairiúla, déanfar oibreacha caomhnaithe ar an taobh istigh de Na Labhrais a bhí faoi bhláth sa naoú haois déag, beidh soláthar seirbhísí ar an láthair agus cuirfear an plean bainistíochta tírdhreacha i bhfeidhm. Na Labhrais a thugtar ar bhaile dúchais mháthair Brian Friel atá suite sna Gleannta, áit ar chaith sé féin am ann ina óige le linn laethanta saoire an tsamhraidh. Ba ghnáth leis a bhealach a dhéanamh go dtí Na Labhrais ar thraein a thaistil ar an iarnród cúng. Bhí athair mór Brian ina mháistirstáisiún sna Gleannta. Nuair a bhíodh Brian ag tuirlingt den traein ag a cheann scríbe sna Gleannta, ní raibh le déanamh aige ach siúl transa an bhóthair go dtí Na Labhrais. Tá an dráma ‘Dancing at Lughnasa’ (1990) tiomnaithe dá mháthair Christina McLoone agus dá chuid aintíní a tháinig i méadaíocht ann agus tá na deirfiúracha Mundy sa dráma bunaithe orthusan. Ba é a uncail Barney McLoone, a spreag an smaoineamh don dráma ann - sagart misinéireachta a fhilleann ar a bhaile dúchais. Bhí cónaí ar Maggie - an duine deireanach de dheirfiúracha McLoone, ann go dtí a bás ag deireadh na 1950idí, agus cheannaigh teaghlach áitiúil an teach ansin.”
Chothaigh Na Labhrais agus iad sin a rinne cónaí ann bunsmaoineamh 'Dancing at Lughnasa' agus nuair a cuireadh an scannán amach sa bhliain 1998, rinne Brian Friel i gcuideachta na n-aisteoirí Meryl Streep agus Sophie Thompson, plaic chuimhneacháin a nochtadh ar Na Labhrais ar an 24 Meán Fómhair 1998. 

D’éag Brian Friel ar an 2 Deireadh Fómhair 2015 agus tá sé curtha san áit ab ansa leis, Na Gleannta. “Cheannaigh Iontaobhas Brian Friel Na Labhrais i mí Eanáir 2016 agus tá cur chuige céimnithe á leastan againn leis an áit a chaomhnú agus le hIonad Brian Friel a bhunú i dTeach Cúirte na nGleanntach” a dúirt Seamus Neely, Cathaoirleach ar Iontaobhas Brian Friel. “Is cuid thábhachtach den phlean atá againn Ionad Brian Friel a bhunú sna Gleannta, iad athúsáid agus oibreacha caomhnaithe ar Na Labhrais. Tá áthas orainn go bhfuil muid ag comhoibriú le hailtire caomhantais Grád 1 Duncan McLaren, leis an dearthóir gairdíní Diarmuid Gavin agus leis an chonraitheoir tógála Micheál Gallagher. Is é an sprioc fadtéarmach atá ag Iontaobhas Brian Friel ná ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht shaibhir chultúrtha Brian Friel agus ar an dáimh a bhí aige leis na Gleannta. 
Is éard atá i gceist leis na hoibreacha caomhnaithe faoi Thionscadal na mBailte Stairiúla i mbliana ná go mbeidh úsáid á baint as Na Labhrais arís mar áis chónaithe d’ealaíontóirí/do chúramóirí agus go ndéanfar spás beag taobh amuigh a fhorbairt le saothair Brian Friel a léiriú. Tá trí dhráma dhéag dá chuid suite sa bhaile ficsin ‘Baile Beag’, ach creidtear go forleathan go bhfuil an baile sin bunaithe ar Na Gleannta. Tá muid ag súil go mbeidh mórchuid na hoibre ar Na Labhrais curtha i gcrích faoi thús Dheireadh Fómhair i mbliana, in am do chomóradh 10 mbliana a bháis.”

Is Struchtúr atá faoi Chosaint é Na Labhrais (#40907430) a mbaineann tábhacht náisiúnta leis chomh maith le suim ailtireachta, eolaíochta agus cultúrtha ar leith. Faoi Thionscadal na mBailte Stairiúla, déanfar infheistíocht iomlán de bhreis agus €460,000 ag suíomh ‘Na Labhrais’ i mbliana” a dúirt Collette Beattie, Oifigeach Caomhantais Ailtireachta le Comhairle Contae Dhún na nGall. I mbliana, tógfar ar na hoibreacha caomhnaithe a rinneadh ar Na Labhrais agus ar Theach Cúirte na nGleanntach anuraidh le creatlach na bhfoirgneamh taobh amuigh a choinneáil agus a fheabhsú. Tá sé i gceist Ionad Brian Friel a bhunú i dTeach na Cúirte. Tá oibreacha na bliana seo bunaithe ar chlár oibre in ord tosaíochta a bhaineann leis an phlean bainistíochta caomhantais agus leis an phlean bainistíochta tírdhreacha don suíomh. Le hathchóiriú ar Na Labhrais, leis an chéad chéim den phlean bainistíochta tírdhreacha curtha i bhfeidhm, le spás beag déanta taobh amuigh do léirithe agus le soláthar seirbhísí ar an suíomh, déanfar cinnte go gcaomhnófar agus go gcothófar an struchtúr náisiúnta seo atá ríthábhachtach do bhaile na nGleanntach, agus cinnteoidh sé go mbaileofar agus gcothófar neart sa phobal i dtaca le hIonad Brian Friel a bhunú. Beidh dlúthbhaint againn le hIontaobhas Brian Friel agus bainfear úsáid as an chleachtas caomhantais agus as na hábhair thraidisúnta is fearr leis na hoibreacha caomhnaithe a dhéanamh. Déanfar na hoibreacha seo faoi mhaoirseoireacht chaomhantais. Tá tacaíocht mhaith faighte ag Tionscadal na mBailte Stairiúla ón phobal áitiúil mar atá léirithe i litreacha a seoladh chun tacú lenár n-iarratas chuig an Chomhairle Oidhreachta.”

Is féidir le gach údarás áitiúil iarratas amháin ar oibreacha caomhnaithe agus iarratas amháin ar phlean bainistíochta caomhantais a chur istreach faoi Thionscadal na mBailte Stairiúla gach bliain. Caithfidh na hoibreacha atá beartaithe a bheith bunaithe ar chur chuige ina bhfuil plean caomhantais agus ina mbeidh rannpháirtíocht láidir ón phobal i gceist. Má shíleann tú go bhfuil na critéir bainte amach ag do bhaile féin nó má tá do bhaile ag obair i dtreo na gcritéar do Thioscadal na mBailte Stairiúla a bhaint amach, déan teagmháil le hOifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar (074) 917 2576 nó ar r-phost: heritage@donegalcoco.ie   


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 30 MFómh 2025

Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh le Seoladh

Seolfaidh Acadamh Ríoga na hÉireann, i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall, Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh in Ionad na Mainistreach, Sráid Thír Chonaill, Béal Átha Seanaidh ag 6pm ar an Déardaoin, 9 Deireadh Fómhair. Bunaíodh Atlas na mBailte Stairiúla in Éirinn (IHTA) leis an fhorbairt thopagrafach i roinnt bailte in Éirinn a thaifeadadh. Rinne an Dr. Angela Byrne taighde ar Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh agus chuir sí deireadh i gceann a chéile, agus déanfaidh sí cur i láthair dar teideal ‘Hidden Histories: Vanished Traces of Ballyshannon’s Past’ mar chuid den seoladh. Seolfaidh an Dr. Easkey Britton, éiceolaí sóisialta as Ros Neamhlach, an t-atlas.

Image text description

Date: 23 MFómh 2025

Glasgow Corporation Transport & The Donegal Connection Leabhrán úr a thugann cuntas ar ról na bhfear agus na mban a choinnigh Glaschú ag gabháil

Seolfar leabhrán úr 50 leathanach dar teideal ‘Glasgow Corporation Transport and the Donegal Connection’ i Músaem an Chontae, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn ar 7pm Dé Céadaoin 1 Deireadh Fómhair (beidh sólaistí ar fáil ó 6.30pm).

Image text description

Date: 22 MFómh 2025

Taispeántas ar bhunadh Dhún na nGall a d’oibrigh in Albain ar ar oscailt i nGlaschú

Cuirfear taispeántas taistil a dhéanann ceiliúradh ar bhunadh Dhún na nGall idir fhir agus mhná, a d’oibrigh in Albain idir 1940 agus 1990 i láthair don phobal i gCartlann Ghlaschú, Leabharlann Mitchell, An tSráid Thuaidh, Glaschú ón Chéadaoin 24 Meán Fómhair ar aghaidh

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)