Skip to main content

July

Packie Bonner leis an taispeántas ‘Ag Obair Thall’ a sheoladh

Date: 03 Iúil 2025

Oidhreacht

Packie Bonner leis an taispeántas ‘Ag Obair Thall’ a sheoladh

Sa phictiúr seo ón ócáid buail isteach Saol Oibre an Imircigh as Dún na nGall in Albain ag Músaem Sacair na hAlban in Hampden Park, Glaschú i mí Dheireadh Fómhair 2024 tá (ó chlé): Jerry O’Donovan (Consal Ginearálta Éireann), Hugh Dougherty (staraí, iriseoir agus údar) agus Packie Bonner (Ambasadóir le Diaspóra Dhún na nGall). Grianghraf: Joseph Gallagher
Sa phictiúr seo ón ócáid buail isteach Saol Oibre an Imircigh as Dún na nGall in Albain ag Músaem Sacair na hAlban in Hampden Park, Glaschú i mí Dheireadh Fómhair 2024 tá (ó chlé): Jerry O’Donovan (Consal Ginearálta Éireann), Hugh Dougherty (staraí, iriseoir agus údar) agus Packie Bonner (Ambasadóir le Diaspóra Dhún na nGall). Grianghraf: Joseph Gallagher

Seolfar taispeántas mór, a dhéanann comóradh ar obair na bhfear agus na mban as Dún na nGall thall in Albain idir 1940 agus 1990, i Músaem an Chontae, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn ar 7pm Dé hAoine 11 Iúil. Tarraingíonn an taispeántas “Ag Obair Thall”: Saol Oibre an Eisimircigh as Dún na nGall in Albain, agus an leabhrán gaolmhar, aird ar na slite beatha, na coinníollacha oibre agus na heispéiris oibre a bhíodh ag muintir Dhún na nGall in Albain. Is é Packie Bonner, an t-iar-chúl báire le Celtic agus foireann sacair na hÉireann, agus Ambasadóir le Diaspóra Dhún na nGall, a sheolfaidh an taispeántas i láthair an Chathaoirligh úir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Paul Canning. Dá mba mhaith leat freastal ar an seoladh, ba chóir duit dul i dteagmháil le Músaem Chontae Dhún na nGall ar (074) 912 4613 nó trí ríomhphost museum@donegalcoco.ie.  Tá cead isteach saor in aisce agus beidh an taispeántas ar siúl i Músaem Chontae Dhún na nGall go dtí Eanáir 2026.

“Is beag teaghlach i gContae Dhún na nGall nach raibh tionchar ag an eisimirce orthu nó nár ghlac páirt san imirce shéasúrach” a dúirt Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall. “San fhichiú haois, thug go leor daoine as Contae Dhún na nGall a n-aghaidh ar Albain sa tóir ar obair. Le blianta beaga anuas, breacadh síos scéalta faoi chuid de na heispéiris a bhí acu, agus de na héachtaí a rinne siad, ach ar feadh i bhfad tugadh neamhaird orthu nó síleadh nach raibh na cuntais sin tábhachtach go leor lena gcur ar taifead. Bhí an imirce ó Dhún na nGall go hAlbain iontach ard le linn na 1950idí agus na 1960idí. Le himeacht ama, tá na deiseanna ag sleamhnú uainn chun cuntais phearsanta a thaifeadadh maidir leis na heispéiris a bhí ag daoine agus iad ag obair thall in Albain. Léiríonn an taispeántas seo roinnt íomhánna agus cuntas a bhaineann leis an tréimhse thábhachtach sin i scéal ár gcontae”. 

Is é atá sa taispeántas ná toradh comhoibrithe idir an Oifig Oidhreachta, an Músaem, An Chartlann agus an tIonad Cultúrtha Réigiúnach i Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Ionad Mellon um Staidéar Imirce. Ba iad an Dr Adrian Grant agus an Dr. Samuel Beckton ó Aonad Taighde Staire Ollscoil Uladh a rinne an taighde do leabhrán an taispeántais agus a scríobh é. Tá grianghraif sa taispeántas de dhaoine as Dún na nGall i mbun oibre i dtionscail éagsúla agus i láithreacha éagsúla in Albain idir 1940 agus 1990, lena n-áirítear feirmeacha, busanna, iarnróid, láithreáin tógála, tionscadail innealtóireachta (amhail tolláin, droichid, dambaí nó scéimeanna hidrileictreacha), tógáil long, obair tí, óstáin, siopaí, monarchana brioscaí nó seacláide, spórt, seirbhís sláinte agus an saol reiligiúnach. Tugtar cuntas ann ar na fir agus ar na mná as Dún na nGall a théadh ag obair ann ar bhonn séasúrach, chomh maith leofa siúd a chuir fúthu thall in Albain. Éinne a rachaidh chuig an taispeántas seo, beidh siad ábalta éisteacht chomh maith le sleachta as agallaimh a cuireadh ar dhaoine as Dún na nGall a d’oibríodh in Albain, agallaimh a bhailigh an craoltóir Áine Ní Bhreisleáin.

Trí chuntais phearsanta, grianghraif agus earraí ó thaisclanna náisiúnta agus iad siúd a sheol baill den phobal isteach, tarraingítear aird ar na daoine sin, ar a gcuid slite beatha agus ar a gcoinníollacha oibre. Gabhann leabhrán 100 leathanach, méid A5, saor in aisce leis an taispeántas, agus tugtar ann achoimre ar roinnt slite beatha agus blaiseadh d’eispéireas imirce an oibrí as Dún na nGall in Albain idir 1940 agus 1990. Le linn thréimhse an taispeántais, moltar do dhaoine as Dún na nGall, bíodh siad sa bhaile nó thar lear, scéal a dteaghlach féin a bhreacadh síos. Beidh gné idirghníomhach ag baint leis an taispeántas inar féidir le daoine íomhánna a chur isteach de dhaoine as Dún na nGall i mbun oibre thall in Albain, íomhánna a d’fhéadfaí a thaispeáint mar chuid den taispeántas, agus is féidir le daoine moltaí a dhéanamh maidir le bealaí a bhfuil na ceangail stairiúla idir Dún na nGall agus Albain le feiceáil sa lá atá inniu ann. Le linn an taispeántais, beidh clár imeachtaí ar siúl ina mbeidh léirithe ó aíonna, díospóireacht phainéil agus clár staire beo. Mar chuid de na himeachtaí sin chomh maith, seolfar leabhrán saor in aisce eile ar an ról a bhí ag fir agus mná as Dún na nGall i mBardas Iompair Ghlaschú, le Hugh Dougherty, staraí, iriseoir agus údar atá lonnaithe thall i nGlaschú. Reáchtálfar leagan taistil den taispeántas ‘Ag Obair Thall’ i nGlaschú ó Mheán Fómhair 2025 agus beidh sé ar fáil le taisteal chuig áiteanna eile in Albain in 2026.

Beidh an taispeántas ‘Ag Obair Thall: Saol Oibre an Imircigh as Dún na nGall in Albain’ ar siúl i Músaem Chontae Dhún na nGall, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn, F92 K123, Contae Dhún na nGall ó Iúil 2025 go dtí Eanáir 2026. Tá cead isteach saor in aisce agus bíonn Músaem an Chontae ar oscailt ón Luan go dtí an Aoine ó 10am go dtí 4:30pm (druidte fá choinne lóin 12:30pm go dtí 1pm) agus bíonn sé ar oscailt gach Satharn idir 1pm agus 4.30pm. Más mian leat aon earra a chur leis an taispeántas nó más mian leat tuilleadh eolais a fháil, gabh i dteagmháil le hOifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar (074) 916 3824 nó trí ríomhphost donegalscotland@donegalcoco.ie


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 30 MFómh 2025

Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh le Seoladh

Seolfaidh Acadamh Ríoga na hÉireann, i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall, Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh in Ionad na Mainistreach, Sráid Thír Chonaill, Béal Átha Seanaidh ag 6pm ar an Déardaoin, 9 Deireadh Fómhair. Bunaíodh Atlas na mBailte Stairiúla in Éirinn (IHTA) leis an fhorbairt thopagrafach i roinnt bailte in Éirinn a thaifeadadh. Rinne an Dr. Angela Byrne taighde ar Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh agus chuir sí deireadh i gceann a chéile, agus déanfaidh sí cur i láthair dar teideal ‘Hidden Histories: Vanished Traces of Ballyshannon’s Past’ mar chuid den seoladh. Seolfaidh an Dr. Easkey Britton, éiceolaí sóisialta as Ros Neamhlach, an t-atlas.

Image text description

Date: 23 MFómh 2025

Glasgow Corporation Transport & The Donegal Connection Leabhrán úr a thugann cuntas ar ról na bhfear agus na mban a choinnigh Glaschú ag gabháil

Seolfar leabhrán úr 50 leathanach dar teideal ‘Glasgow Corporation Transport and the Donegal Connection’ i Músaem an Chontae, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn ar 7pm Dé Céadaoin 1 Deireadh Fómhair (beidh sólaistí ar fáil ó 6.30pm).

Image text description

Date: 22 MFómh 2025

Taispeántas ar bhunadh Dhún na nGall a d’oibrigh in Albain ar ar oscailt i nGlaschú

Cuirfear taispeántas taistil a dhéanann ceiliúradh ar bhunadh Dhún na nGall idir fhir agus mhná, a d’oibrigh in Albain idir 1940 agus 1990 i láthair don phobal i gCartlann Ghlaschú, Leabharlann Mitchell, An tSráid Thuaidh, Glaschú ón Chéadaoin 24 Meán Fómhair ar aghaidh

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)