Skip to main content

June

An Tionscadal 'Dea-Chomharsana' de chuid PEACEPLUS do Cheantar Bardais Dhún na nGall seolta

Date: 27 Meith 2025

Pobal

An Tionscadal 'Dea-Chomharsana' de chuid PEACEPLUS do Cheantar Bardais Dhún na nGall seolta

Seoladh an Tionscadal 'Dea-Chomharsana' de chuid PEACEPLUS do Cheantar Bardais Dhún na nGall, go hoifigiúil in Ionad an Tearmainn i bPaiteagó ar an Mháirt 24 Meitheamh 2025. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal seo clár cuimsitheach rannpháirtíochta pobail agus clár acmhainne d’fhorbairt an phobail a chur ar fáil i bPaiteagó i gContae Dhún na nGall agus i dTulaigh Uí Thiomáin i gContae Fhear Manach. Beidh breis is 110 duine rannpháirteach ann.

Tá an tionscadal seo á chur i bhfeidhm faoi Théama 2: ‘Pobail Rathúla agus Shíochánta’, atá mar chuid de Phlean Gníomhaíochta Áitiúil PEACEPLUS Dhún na nGall.

Tá maoiniú de €7,635,395.00 á sholáthar sa phlean chun tacú le 32 tionscadal cothaithe síochána a chur ar fáil sa dá bhliain amach romhainn, idir 2025 agus 2027.

Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an Cathaoirleach Niamh Kennedy “Is siombail chumhachtach é an Clár Dea-Chomharsana ar a bhfuil indéanta nuair a thagann pobail thrasphobail agus thrasteorann le chéile. Ní hamháin go bhfuil clár á sheoladh inniu; tá an bealach á réiteach againn d’athghiniúint faoi stiúir an phobail, do chomharsanachtaí cuimsitheacha agus síochánta, agus táimid ag déanamh ceiliúradh ar gach féiniúlacht chultúrtha. Baineann an tionscadal seo le comhoibriú, le tuiscint, agus le bunchloch a leagan chun naisc agus cuspóir comhroinnte a chothú."

Thar thréimhse dhá bhliain, díreoidh an clár spreagúil seo atá á sholáthar ag ADoPT (Cumann um Fhorbairt Phaiteagó & Thulaigh Uí Thiomáin) ar rannpháirtíocht phobail.

Dúirt an Cathaoirleach Daniel McCrory, “Táimid ag súil le comhoibriú lenár bpobal éagsúil, le bheith rannpháirteach le daoine aonair ón dá thaobh den teorainn, chun cairdeas láidir agus buan a chothú tríd an raon leathan de ghníomhaíochtaí atá beartaithe againn.”

Mar chuid den tionscadal Dea-Chomharsana, oibreoidh ADoPT go dlúth le Grúpa Lóin na Seanóirí i bPaiteagó, agus le linn an tseolta, thóg ball den ghrúpa, Jimmy Baird, croí an lucht éisteachta nuair a d’aithris sé dhá dhán ghalánta - ‘Somebody’s Mother’ agus ‘I’m Fine’.

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Natasha McGrath, Comhordaitheoir an Tionscadail: adoptpettigo@gmail.com.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Phlean Gníomhaíochta PEACEPLUS Dhún na nGall, caith súil ar an nasc thíos:

PEACEPLUS | Comhairle Contae Dhún na nGall


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 12 Feabh 2026

Toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall mar chuid de Mheitheal tras-chomhairle i nGaillimh

Thaistil toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall go Halla na Cathrach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar na mallaibh, áit ar tionóladh cruinniú de mheitheal tras-chomhairle, le comhaltaí tofa agus oifigigh Ghaeilge ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ón Chomhairle Contae i nGaillimh, i Sligeach, i Maigh Eo agus i gCo. an Chláir, le cois ionadaí ó Chonradh na Gaeilge agus ón Phleanáil Teanga.

Image text description

Date: 28 Ean 2026

Iarratais ar mhaoiniú á lorg faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Dhún na nGall (CFPÁ) ag lorg iarratas ó ghrúpaí pobail i gceantair faoi mhíbhuntáiste ar mhaoiniú caipitil faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026.

Image text description

Date: 19 Ean 2026

Pobail an tSratha Báin Agus Leifir Á gCeangal le Chéile le Spás Comhroinnte Úr €16.7m – Páirc Phobail Cois Abhann

Tá maoiniú €16.7m ó PEACEPLUS ag cuidiú le 30 acra de spás agus de bhonneagar le haghaidh páirc phobail thrasteorann úr a chruthú idir an Srath Bán agus Leifear. Agus é deartha le daoine a thabhairt le chéile agus le teagmháil bhreise dhearfach trasphobail a spreagadh, beidh an spás úr comhroinnte sin, Páirc Phobail Cois Abhann, á mhaoiniú trí PEACEPLUS, clár atá á bhainistiú ag Foras um Chláir Speisialta an AE (FCSAE).

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)