Skip to main content

June

An Tionscadal MNÁ 100 Dhún na nGall ag Músaem Chontae Dhún na nGall

Date: 25 Meith 2025

Cultúr

An Tionscadal MNÁ 100 Dhún na nGall ag Músaem Chontae Dhún na nGall

Tionscadal grianghrafadóireachta mar chuid de chlár comhtháthaithe pobalbhunaithe arna éascú ag Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain i gcomhar le hIonad Ban Dhún na nGall agus Tionscadal Athlonnaithe Teifeach na Siria.
Tionscadal grianghrafadóireachta mar chuid de chlár comhtháthaithe pobalbhunaithe arna éascú ag Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain i gcomhar le hIonad Ban Dhún na nGall agus Tionscadal Athlonnaithe Teifeach na Siria.

Tá Músaem Chontae Dhún na nGall ag tabhairt cuireadh duit súil a chaitheamh ar thionscadal grianghrafadóireachta MNÁ 100 (Dún na nGall), an Satharn seo, 28 Meitheamh idir 2-4pm. Rinne Músaem Chontae Dhún na nGall coimisiúnú ar an saothar seo mar chuid den Chlár Comórtha 2024 agus bhí sé faoi stiúir an ealaíontóra Marie Barrett. Dhírigh sé ar mhná atá gníomhach i bhforbairt pobail agus i gceartas sóisialta ar fud Chontae Dhún na nGall.

Roghnaíodh na mná seo de bharr an ról atá acu i múnlú mhórcheisteanna an lae inniu a bhaineann le feiceálacht agus le róil na mban sa tsochaí. Cuireadh béim sa tionscadal seo ar a gcuid iarrachtaí le hathrú sóisialta agus forbairt a chothú - tugtar léargas ar na mná seo ina bpobal agus ina dtimpeallacht oibre féin. I measc na n-eagraíochtaí a bhí rannpháirteach sa tionscadal bhí Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain, Tionscadal Changemakers, Ardán Idirchultúrtha Dhún na nGall, Tionscadal Lucht Siúil Dhún na nGall agus Comhchoiste na mBan i nDún na nGall. Maoinithe ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.

Tá fáilte roimh gach duine ar an Satharn agus tá saorchead isteach. Tá an Músaem suite ar an Bhóthar Ard, Leitir Ceanainn, F92 K123. Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil linn ar 074 9124613. R-phost: museum@donegalcoco.ie


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 25 Meith 2025

An Tionscadal MNÁ 100 Dhún na nGall ag Músaem Chontae Dhún na nGall

Tá Músaem Chontae Dhún na nGall ag tabhairt cuireadh duit súil a chaitheamh ar thionscadal grianghrafadóireachta MNÁ 100 (Dún na nGall), an Satharn seo, 28 Meitheamh idir 2-4pm.

Image text description

Date: 18 Meith 2025

Leabhar scríofa i nGaeilge, Béarla agus Ultais le daoine óga i nDún na nGall agus Tír Eoghain.

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil leabhar foilsithe anois atá spreagtha ag an scríbhneoir mór le rá Flann Ó Brien nó Brian Ó Nualláin. Scríobh scoláirí i nDún na nGall agus Tír Eoghain an leabhar seo agus tá meascán de scríbhneoireacht i nGaeilge, Béarla agus Ultais ann.

Image text description

Date: 03 Meith 2025

Clár Samhraidh Spreagúil do Pháistí seolta ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall

Tá Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall ar bís le clár imeachtaí cuimsitheach do pháistí a fhógairt an samhradh seo. Ón 3 Meitheamh, cuirfidh an tseirbhís réimse leathan gníomhaíochtaí ar fáil ina cuid brainsí, a chruthaíonn timpeallacht spraíúil agus rannpháirteach.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)