Skip to main content

June

Breis agus 200 duine ag ceiliúradh na Bithéagsúlachta agus na Cruthaitheachta i bhfiántas na hInse

Date: 27 Meith 2025

Comhshaol

Breis agus 200 duine ag ceiliúradh na Bithéagsúlachta agus na Cruthaitheachta i bhfiántas na hInse

Bhí Anaclann Éanlaithe Fiáine na hInse beo le gáire, le foghlaim agus le cruthaitheacht nuair a chruinnigh breis agus 200 duine le chéile don Lá san Fhiántas in Inis, imeacht trasteorann le ceiliúradh a dhéanamh ar an bhithéagsúlacht agus ar an tsamhlaíocht mar chuid de Chruinniú na nÓg ar an Satharn 7 Meitheamh. 

Eagraíodh an t-imeacht seo mar chuid den tionscadal Bithéagsúlacht gan Teorainn le tacaíocht ó Éire Ildánach. Is iad Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin a bhí i mbun an imeachta faoi Chlár Oileán Comhroinnte le Cruinniú na nÓg a cheiliúradh.

Bhain teaghlaigh dúil as an éiceachóras saibhir atá in Anaclann Éanlaithe Fiáine na hInse, faoi stiúir saineolaithe nádúir agus Oifigigh Bhithéagsúlachta na Comhairle. Chuir an aimsir thirim go mór leis an lá fosta.

Bhain idir pháistí agus daoine fásta sult as a bheith ag faire ar na héin le hAengus Kennedy ó Nádúr an Iarthuaiscirt, as feithidí uisce a aimsiú le Frog CIC, agus as bláthanna fiáine agus feithidí a aimsiú le hAnnie Mullan ó Fheirm Butterlope. Ba bhuaicphointe é an cosán bithéagsúlachta, cuid den lúb 8km ina raibh duaiseanna fiáine le buachaint agus málaí féiríní ar fáil do na chéad 30 teaghlach a chláraigh ar an lá.

Reáchtáladh an t-imeacht seo mar chuid de Chruinniú na nÓg, lá náisiúnta na cruthaitheachta in Éirinn ina mbíonn imeachtaí saor in aisce ar siúl do pháistí agus do dhaoine óga. Is iad Foireann Cultúir agus Cruthaitheachta Chomhairle Contae Dhún na nGall a bhí i mbun an imeachta le tacaíocht ó Chomhairle na nÓg i nDún na nGall.


Le haghaidh tuilleadh eolais faoi imeachtaí eile atá beartaithe, caith súil ar donegalculture.ie.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 25 Feabh 2026

Scéim Deontais Oidhreachta Pobail oscailte

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag glacadh le hiarratais ar líne ó choistí pobail agus deonacha i gContae Dhún na nGall trína Scéim Deontais Oidhreachta Pobail go dtí 8pm Dé hAoine 20 Márta 2026

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Táthar ag iarraidh ar an phobal a dtuairimí a chur in iúl faoi Dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026–2030

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar bhaill den phobal, ar ghrúpaí pobail, ar úinéirí talún, ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí a dtuairimí a chur in iúl faoi dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026 - 2030. Cuireann Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026-2030 creatlach ar fáil do ghníomhaíocht bithéagsúlachta sna cúig bliana amach romhainn leis an fhís bhithéagsúlachta i gContae Dhún na nGall a chosaint, a athchóiriú agus a cheiliúradh. D'ullmhaigh Comhairle Contae Dhún na nGall agus Grúpa Oibre Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall an Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta i ndiaidh tréimhse d'aighneachtaí poiblí agus rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara anuraidh.

Image text description

Date: 29 Ean 2026

Breis agus €212,000 faighte ag Dún na nGall mar Mhaoiniú don Oidhreacht Thógtha

Fógraíodh dhá scéim um dheontais chaomhnaithe ar na mallaibh maidir le maoiniú chun tacú le 16 fhoirgneamh oidhreachta ar fud Dhún na nGall.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)