Skip to main content

June

Bronnadh déanta ag Cathaoirleach ar Sheirbhísí Foréigean Baile Dhún na nGall

Date: 17 Meith 2025

Corparáideach

Bronnadh déanta ag Cathaoirleach na Comhairle ar Sheirbhísí Foréigean Baile Dhún na nGall

Bhronn Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr Niamh Kennedy €7,525 i bhfoirm seic ar an Dr Marie Hainsworth, Príomhfheidhmeannach Sheirbhísí Foréigean Baile Dhún na nGall ar na mallaibh, airgead a bailíodh ó cheolchoirm speisialta le Moya Brennan agus Mairéad Ní Mhaonaigh agus a gcairde, a bhí ar siúl in Amharclann an Ghrianáin, Leitir Ceanainn ar Aoine an Chéasta, 18 Aibreán 2025.

I measc na siamsóirí speisialta ar an oíche, bhí na Friel Sisters, Maura Logue agus Valerie Bryce, ealaíontóirí na bhfocal labhartha George Houston ó Bhun Cranncha – a bhí le feiceáil ar Later i gcuideachta Jules Holland thar an deireadh seachtaine – na hamhránaithe agus scríbhneoirí ó Ghaoth Dobhair Larabel agus Eoghan Ó Fearraigh, agus Cór na mBan Óg, Danu, a bhfuil duaiseanna buaite acu.

Ceolchoirm í a d’eagraigh an Cathaoirleach, An Clr Kennedy, a raibh sprioc aici aird a dhíriú ar cheist an-tromchúiseach an fhoréigin agus na mí-úsáide teaghlaigh agus airgead a bhailiú do Sheirbhísí Foréigean Baile Dhún na nGall, a chuireann ar a gcumas tithe sábháilte a sholáthar do theaghlaigh agus do dhaoine aonair a bhfuil cosaint ag teastáil uathu’.

Is mian leis an Clr Kennedy agus an Dr Hainsworth buíochas ó chroí a ghabháil leis an phobal a thug tacaíocht ollmhór don ócáid seo, do Moya agus Mairéad agus do na siamsóirí ar fad a ghlac páirt sa Cheolchoirm. Buíochas fosta do na hoibrithe in Amharclann an Ghrianáin agus do bhaill foirne Chomhairle Contae Dhún na nGall a chinntigh go raibh ord agus eagar ar gach rud don cheolchoirm phroifisiúnta seo.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 12 Márta 2026

Ambasadóir na Polainne ar cuairt go Comhairle Contae Dhún na nGall

Ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026, glacfaidh Éire Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh (AE), ról ceannaireachta lárnach i gcroílár chinnteoireacht an AE. Ar feadh sé mhí, déanfaidh Éire stiúradh ar idirbheartaíocht agus comhaontuithe idir na Ballstáit agus tabharfaidh an tír cuidiú dlíthe agus beartais an AE a chur i ngníomh a théann i bhfeidhm ar shaol laethúil níos mó ná 450 milliún duine.

Image text description

Date: 11 Márta 2026

Cuairt an Uachtaráin Catherine Connolly ar Chomhairle Contae Dhún na nGall

Bhí Seomra na Comhairle i gCeannáras Chomhairle Contae Dhún na nGall, Leifear lán go doras maidin Dé Máirt nuair a thug Uachtarán an Stáit, Catherine Connolly cuairt oifigiúil ar Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Image text description

Date: 27 Feabh 2026

Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 Seolta go hOifigiúil

Sheol Cathaoirleach Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 go hoifigiúil ag ócáid a bhí ar siúl i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, Déardaoin 26 Feabhra.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)