Skip to main content

June

“Coinnigh an Rás ina Áit” Comhachainí á déanamh roimh Dheireadh Seachtaine Railí Dhún na nGall

Date: 16 Meith 2025

Bóithre

“Coinnigh an Rás ina Áit” Comhachainí á déanamh roimh Dheireadh Seachtaine Railí Dhún na nGall

Representatives from DCC, An Garda Siochana, Donegal Motor Club, Road Safety Working Group, and supporting agencies came together for the official launch of the “Keep the Race in Its Place” road safety campaign, included are Superintendent David Kelly, Brian Brogan, Donegal Motor Club Chairman, Pamela Smullen, Road Safety Officer, DCC, Niamh Kennedy, Cathaoirleach DCC, Eamon McGee, Clerk of the Course Donegal International Rally,  Gary Gardiner, National Ambulance Service and John G. McLaughlin, CE DCC. 

De réir mar a mhéadaíonn an gliondar agus an gleo do cheann de na himeachtaí mótarspóirt is mó in Éirinn a bhfuil tóir air, tá ionadaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, ón Gharda Síochána, ó Chmann Mótair Dhún na nGall agus ó ghníomhaireachtaí áitiúla tagtha le chéile chun an teachtaireacht sábháilteachta bóthair “Coinnigh an Rás ina Áit” a sheoladh - ag impí ar gach duine a bheas ag úsáid an bhóthair tiomáint go cúramach agus go freagrach le linn an deireadh seachtaine.

Beidh sé ar siúl ón Aoine 20 Meitheamh go dtí an Domhnach 22 Meitheamh agus tarraingíonn an t-imeacht trí lá seo na mílte de lucht féachana chun an chontae gach bliain.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John G. McLaughlin, “Cuireann muid fáilte roimh chuairteoirí chun an chontae. Tugann Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall an deis dúinn pobail bhríomhara agus áilleacht ár gcontae idir muir agus sliabh a thaispeáint. Mar sin féin, le méadú ar thrácht agus go leor daoine timpeall na háite, ní mór dúinn tús áite a thabhairt do shábháilteacht gach duine a úsáideann an bóthar. Tá muid ag impí ar gach duine atá ag taisteal timpeall an cheantair a dturas a phleanáil, tiomáint go cúramach agus a bheith ar an airdeall faoina sábháilteacht féin agus faoi shábháilteacht daoine eile. Iarrann muid ar gach duine meas a bheith acu ar phobal na háite, ar ghnólachtaí agus orthu sin sa chomharsanacht agus sult a bhaint as imeachtaí an deireadh seachtaine fosta. Trí oibriú le chéile, is féidir linn a chinntiú go mbeidh deireadh seachtaine sábháilte, sultmhar agus rathúil ann.”

Tá Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall ag impí ar lucht freastail an railí tús áite a thabhairt do chúrsaí sábháilteachta le linn an deireadh seachtaine, ag cur i gcuimhne do dhaoine gur spásanna comhroinnte iad na bóithre poiblí agus an Rás a Choinneáil ina Áit. Iarrtar ar thiománaithe agus orthu sin a úsáideann an bóthar na treoracha sábháilteachta seo a leanstan:

 • Fág neart ama do do thuras.

• Ná hól, ná glac drugaí, is ná húsáid do ghuthán agus tú ag tiomáint – má thógann tú d’aird ón bhóthar ar feadh soicind fiú, is féidir leis éifeacht a bheith aige ar bheatha daoine go deo.

• Bíodh meas agat ar na Gardaí agus ar na maoirseoirí – coinníonn an treoir a thugann siad gach duine sábháilte.

• Féach ar an Railí ó cheann de na pointí féachana sábháilte.

• Cloí leis an teorainn luais idir céimeanna an imeachta agus i ndiaidh an imeachta.

Dúirt an Cigire Seán Mac Daid ón Gharda Síochána, “Is é Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall an ócáid mhótarspóirt is mó in Éirinn, a mheallann na sluaite chun an Chontae. Tá obair mhór ar bun ag an Gharda Síochána. Is í sábháilteacht an phobail an rud is tábhachtaí dúinn. Iarrtar ar gach duine a bheas ag freastal ar an railí agus ag tabhairt cuairte ar Dhún na nGall thar an deireadh seachtaine cloí le treoracha ón Ghardaí agus meas agus cúram a léiriú do dhaoine eile a úsáideann an bóthar. Beidh na Gardaí le feiceáil agus le fáil le linn an deireadh seachtaine agus plean láidir i bhfeidhm acu. Ní ghlacfar le tiomáint chontúirteach ná le hiompar frithshóisialta.”

Dúirt Cumann Mótair Dhún na nGall: “Is é Railí Idirnáisiúnta Wilton Recycling i nDún na nGall, an t-imeacht is mó a bhfuil ráchairt air in Éirinn agus i saol an mhótarspóirt ar fud na tíre. Mealltar tiománaithe ó gach cearn d’Éirinn agus den domhan, agus bíonn Dún na nGall ar taispeáint do na milliúin duine. Tá sé ríthábhachtach go mbainfear úsáid as an teachtaireacht sábháilteachta bóthair i rith na seachtaine. Is pribhléid mhór é fosta oibriú lenár gcomhghleacaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ón Gharda Síochána. Cloígí leis na rialacha bóthair agus fágaigí an luas faoi thiománaithe an rása. Coinnigh an Rás ina Áit an deireadh seachtaine seo agus coinnigh na bóithre sábháilte do gach duine.”

Tá sonraí faoi dhúnadh bóithre ar fud an chontae le fáil ag www.donegalcoco.ie/rally

Is féidir leat fanacht cothrom chun dáta maidir le dúnadh bóithre i do cheantar trí chlárú le foláirimh a fháil ar do ghuthán saor in aisce ag www.mapalerter.com/donegal nó trí Chomhairle Contae Dhún na nGall a leanstan ar Facebook nó ar X(Twitter)

To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 Meith 2025

“Coinnigh an Rás ina Áit” Comhachainí á déanamh roimh Dheireadh Seachtaine Railí Dhún na nGall

De réir mar a mhéadaíonn an gliondar agus an gleo do cheann de na himeachtaí mótarspóirt is mó in Éirinn a bhfuil tóir air, tá ionadaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, ón Gharda Síochána, ó Chmann Mótair Dhún na nGall agus ó ghníomhaireachtaí áitiúla tagtha le chéile chun an teachtaireacht sábháilteachta bóthair “Coinnigh an Rás ina Áit” a sheoladh - ag impí ar gach duine a bheas ag úsáid an bhóthair tiomáint go cúramach agus go freagrach le linn an deireadh seachtaine.

Image text description

Date: 28 Márta 2025

Buaiteoirí Chomórtas Ealaíne Shábháilteacht ar Bhóithre do bhunscoileanna i nDún na nGall

Tá buaiteoirí Chomórtas Ealaíne Shábháilteacht ar Bhóithre do bhunscoileanna i nDún na nGall 2025 fógraithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall agus Cumann Peile Chláirsigh na Finne. “Ár mouther, Ár Sábháilteacht” a bhí mar théama i mbliana, agus fuarthas breis agus 900 iontráil ó dhaltaí scoile ar fud Chontae Dhún na nGall.

Image text description

Date: 17 Meith 2024

An Rás a Choinneáil ina Áit

Tá teachtaireacht ríthábhachtach maidir le sábháilteacht ar bhóithre eisithe ag Grúpa Oibre Dhún na nGall um Shábháilteacht ar Bhóithre agus ag an Gharda Síochána chuig gach duine a fhreastalaíonn ar Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall chun "An Rás a Choinneáil ina Áit". Cuirfear tús leis an imeacht trí lá, a mheallann na mílte lucht féachana, Dé hAoine, 21 Meitheamh agus tugann sé deis iontach do Dhún na nGall na nithe is díol spéise a chur i lar an aonaigh.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)