Skip to main content

June

Comhairle Contae Dhún na nGall chun ceiliúradh a dhéanamh ar Do Lá sa Chomhairle 2025

Date: 19 Meith 2025

Corparáideach

Comhairle Contae Dhún na nGall chun ceiliúradh a dhéanamh ar Do Lá sa Chomhairle 2025

Beidh Comhairle Contae Dhún na nGall páirteach le húdaráis áitiúla eile ar fud na hÉireann Dé hAoine, 27 Meitheamh chun Do Lá Sa Chomhairle a cheiliúradh, feachtas náisiúnta a chuireann obair ríthábhachtach na gcomhairlí cathrach agus contae chun cinn chomh maith leis na daoine atá taobh thiar de na seirbhísí a thacaíonn lenár bpobail gach lá.

Arna chomhordú ag an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA) agus arna thacú ag na 31 údarás áitiúil go léir, is deis é Do Lá sa Chomhairle chun an raon leathan seirbhísí a chuireann comhairlí ar fáil a léiriú - idir spásanna pobail agus pleanáil, daonlathas áitiúil agus forbairt eacnamaíoch.

Leagann téama na bliana seo Pobail Níos Láidre a Fhorbairt, béim ar an dóigh a chothaíonn údaráis áitiúla timpeallachtaí ina mbraitheann daoine nasctha, tacaithe agus cumhachtaithe chun a bheith faoi bhláth le chéile. 

Tacaíonn Plean Corparáideach Chomhairle Contae Dhún na nGall 2024-2029 go láidir le téama na bliana seo agus tá “Cumhachtú agus Tacú le Pobail” ar cheann de phríomhspriocanna straitéiseacha na Comhairle.

Mar chuid den lá, beidh Comhairle Contae Dhún na nGall ag cur béime ar an obair ríthábhachtach atá á déanamh ag na baill foirne gach lá chun tacú lenár bpobail agus chun difríocht a dhéanamh do shaol na ndaoine. Tarraingíodh aird air seo ar na mallaibh  nuair a bhuaigh Comhairle Contae Dhún na nGall Gradam Údarás Áitiúil na Bliana ag Gradaim Feabhais an Rialtais Áitiúil de chuid Chomhlachais na hÉireann 2024 agus rinneadh amhlaidh arís in 2025 le Comhairle na Bliana 2025 de chuid Chumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil (LAMA) a bhuachan.

 

Moltar don phobal imeachtaí an lae a leanúint ar ár n-ardáin meáin shóisialta Facebook, Instagram , LinkedIn agus X agus páirt a ghlacadh sa chomhrá ag baint úsáide as na haischlibeanna #YourCouncilDay agus #DoLáSaChomhairle.

“Is deis luachmhar é Do Lá sa Chomhairle’ chun aird a tharraingt ar an raon leathan seirbhísí a chuireann Comhairle Contae Dhún na nGall ar fáil agus chun aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach atá againn maidir le tacú leis an saol laethúil ar fud Dhún na nGall,” a dúirt an Príomh-Fheidhmeannach, John McLaughlin. 

“Leagann téama na bliana seo, Pobail Níos Láidre a Fhorbairt, béim ar a bhfuil ríthábhachtach don rialtas áitiúil.  Cuireann muid breis is 1,000 seirbhís ríthábhachtach ar fáil a bhaineann le gach gné den saol laethúil. Glantachán sráide, cothabháil bóithre, tithíocht, pleanáil uirbeach, maoir mhadraí, bainistíocht páirceanna, seirbhísí dóiteáin, na healaíona agus oidhreacht, turasóireacht agus imeachtaí pobail — níl iontu seo ach léargas beag ar an obair fhairsing a dhéanann ár n-údaráis áitiúla gach lá. Is a bhuíoch le díograis agus dianobair ár bhfoirne san údaráis áitiúil a chuirtear na seirbhísí sin ar fáil. Is deis é ‘Do Lá sa Chomhairle’ chun léargas a thabhairt ar a gcuidiú, a dtionchar a cheiliúradh agus aird a tharraingt ar an ról ríthábhachtach atá ag comhairlí áitiúla maidir lenár bpobail a neartú agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Tá muid an-bhródúil as Comhairle Contae Dhún na nGall  as tacú le daoine agus áiteanna chun fás, nascadh agus bheith faoi bhláth le chéile.”

“Is meabhrúchán cumhachtach é Do Lá Sa Chomhairle ar an ról riachtanach atá ag an Chomhairle i saol laethúil ár gcónaitheoirí,” a dúirt An Cathaoirleach, An Clr Niamh Kennedy  “Idir páirceanna agus leabharlanna a chothabháil agus tacú le gnólachtaí áitiúla agus grúpaí pobail, baineann ár gcuid oibre le gach gné den saol i gContae Dhún na nGall.  Is éard atá i gceist leis an lá seo ná ceiliúradh a dhéanamh ar na daoine atá taobh thiar de na seirbhísí sin agus an nasc idir an chomhairle agus na pobail a bhfreastalaímid orthu go bródúil a chur chun cinn.”

Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar www.donegalcoco.ie


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)