Date: 25 Meith 2025
Comhairle Contae Dhún na nGall chun oibriú i gComhpháirtíocht le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh ar Athfhorbairt Theach na Cúirte, Leitir Ceanainn

Chuir Comhairle Contae Dhún na nGall fáilte roimh thionscadal píolótach ar dhearadh grafach a chuir mic léinn na dara bliana ón Roinn Deartha & Meán Cruthaitheach in Ollscoil an Atlantaigh Leitir Ceanainn i láthair, i gcomhar leis an teagascóir, an tUasal Joe Coll. Rinneadh scagadh ar théamaí agus ar stíleanna léirmhínitheach d’Ionad Eolais Dhún na nGall – athfhorbairt atá beartaithe do Theach na Cúirte i Leitir Ceanainn. Léiríonn an rannpháirtíocht seo a thiomanta is atá an Chomhairle le nuálaíocht, le hoideachas agus le dearadh ón phobal a chothú chun tionscadail na Comhairle a mhúnlú amach anseo agus chun tarraingt as tobar tallainne ó dhream óg atá ag teacht chun cinn.
Tá sé mar aidhm ag Athfhorbairt Theach na Cúirte borradh a chur faoi sheanfhoirgneamh trí fhorbairt a dhéanamh ar thionscadal a dhíríonn ar an turasóireacht agus ar an phobal.
Tá an tionscadal spreagúil seo maoinithe i gcéimeanna ag an Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach (URDF), tionscadal suaitheanta de chuid Thionscadal Éireann 2040, agus ‘THRIVE’ – togra maoinithe atá dírithe ar athbheochan lár bhailte trí fhoirgnimh oidhreachta atá faoi úinéireacht phoiblí a athchóiriú agus a athúsáid, arna mhaoiniú ag Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair faoi Chlár Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair 2021-2027 de chuid Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE). Díríonn an tionscadal ar athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgneamh stairiúil ar nós teach na cúirte agus cur le líon na gcuairteoirí a thugann cuairt ar lár bhaile Leitir Ceanainn agus ar réigiún an iarthuaiscirt i gcoitinne.
Le bliain anuas, d’oibrigh an Chomhairle leis an Dr. Chris O’Malley, Leasuachtarán, Forbairt Réigiúnach & Rannpháirtíocht, le hEve-Anne McCarron, Bainisteoir Seachtrach Rannpháirtíochta OTA, an Dr. Lorna Ross, Ceann Roinne ar an Roinn Deartha agus Meán Cruthaitheach agus le foireann OTA i gcoitinne le plé a dhéanamh ar dheiseanna maidir leis an dóigh ar féidir le hOTA a bheith ina gcomhpháirtithe níos gníomhaí i dtionscadail athghiniúna de chuid na Comhairle atá ag teacht chun cinn.
I ndiaidh do bhaill na Comhairle Cuid 8 den phróiseas toilithe pleanála a cheadú ar an 26 Bealtaine, chuir an Fhoireann Athghiniúna & Forbartha iarratas maoinithe isteach chuig Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair ar an 30 Bealtaine. Táthar ag súil go bhfógrófar toradh na tairisceana iomaíche seo ar mhaoiniú i Meán Fómhair 2025. Mar chuid den phróiseas seo, bhain an Fhoireann Athghiniúna leas as modúil acadúla na mac léinn ón Scoil Deartha & Meán Cruthaitheach chun smaointe léiritheacha agus léirmhínitheacha a phlé d’ Ionad Eolais/Turasóireachta Dhún na nGall, inar fhorbair siad téamaí digiteacha agus chuir siad iad seo i láthair Bhaill Thofa Cheantar Bardais Leitir Ceanainn- Bhaile na nGallóglach.
Cé go mbeidh breis céimeanna de dhíth ar an tionscadal athghiniúna seo, leithéidí dearadh mionsonraithe agus pleanáil léirmhínitheach trí fhoireann chomhairliúcháin ildisciplíneach a cheapadh, léirigh ionchur cruthaitheach na mac léinn an fhéidearthacht atá ann don ollscoil a gcuid féin a dhéanamh le modhanna léirmhínitheach agus deartha a phlé, le saibhreas luachmhar cultúrtha agus oidhreachta Dhún na nGall a chur i láthair go digiteach mar chuid den tionscadal tábhachtach athghiniúna seo agus deis a thabhairt dá gcuid mac léinn a gcuid saothair a chur os comhair an phobail.
Is iad Baill Thofa Cheantar Bardais Leitir Ceanainn-Bhaile na nGallóglach atá ar thus cadhnaíochta sa chur chuige comhoibríoch seo. Tá an caidreamh leanúnach idir an Chomhairle agus OTA, Leitir Ceanainn á nearú mar thoradh ar an tionscadal píolótach seo agus tá ról lárnach aige sin maidir le forbairt tionscadal comhoibríoch a mhúnlú trí bheith ag tarraingt as saineolas acadúil úrnua agus ó thuiscint óg nuálach ar an ábhar.
Dúirt Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn-Bhaile na nGallóglach, an Clr Gerry McMonagle, ‘Is sampla iontach é an comhoibriú seo le hOTA a léiríonn an dóigh ar féidir le rialtas áitiúil oibriú i gcomhar leis an oideachas chun réitigh chruthaitheacha a chothú do thograí athghiniúna agus turasóireachta. Bhain cur chuige dinimiciúil agus smaointiú chun tosaigh le saothar na mac léinn ar scéal Ionad Eolais Dhún na nGall, agus tá muid ag dúil go mór leis na smaointe seo a fhorbairt de réir mar a dhéanfar an togra a fhorbairt’.
Léirigh an Dr. Chris O’Malley, Leasuachtarán, Forbairt Réigiúnach & Rannpháirtíocht le hOTA, a thacaíocht don chomhpháirtíocht agus dúirt “Tá lúcháir orainn in OTA gur baineadh leas as saothar ár mac léinn le smaointe agus le measúnuithe a spreagadh do phleanáil an Ionaid Eolais. Sa lá atá inniu ann, tá ról lárnach ag an teicneolaíocht sna hionaid eolais do chuaiteoirí, agus is féidir leas a bhaint as na léargais a tháinig chun cinn mar thoradh ar an chúrsa ar Eispéireas Úsáideoirí, chun cur leis an ghné thábhachtach seo. Tá OTA ar cheann de na páirtithe leasmhara a bhaineann le hearnáil turasóireachta Dhún na nGall a fhorbairt agus tá áthas orainn go bhfuil saineolas le fáil i Ranna éagsúla san Ollscoil, leithéidí an teicneolaíocht, an dearadh agus an turasóireacht agus go bhfuil an saineolas seo á roinnt le foireann an tionscadail chun go n-éireoidh leo an plean is fearr don Ionad a bhaint amach. Tá muidne den tuairim go rachaidh seo chun tairbhe do chách. Is féidir lenár saineolas cur le forbairtí sa réigiún agus cur le tionscadail eile cosúil leis an cheann seo. Lena chois sin, cinntíonn sé go bhfuil an t-eolas a chuireann ár bhfoireann agus ár mic léinn ar fáil cruinn agus cothrom chun dáta.”
Chuir Liam Ward, Stiúrthóir Seirbhíse Forbairt Pobail & Pleanáil, fáilte roimh na ceardlanna agus an méid a cuireadh i láthair go dtí seo agus dúirt ‘…léirigh an tionscadal píolótach seo a chuir na mic léinn ón roinn deartha i láthair, an fhéidearthacht atá ann comhoibriú a chothú san eispéireas úsáid deiridh leis an Ionad Eolais seo a fhorbairt. Thug an tUasal Ward le fios ‘go leanfar ar aghaidh leis an chur chuige comhoibríoch seo i ndiaidh don togra athghiniúna seo a bheith curtha i gcrích, rud a spreagfaidh tionscadail phíolótacha le mic léinn ó Ranna eile amach anseo agus le cur chuige comhpháirtíochta a chothú le hOTA agus deiseanna maoinithe a fháil le tacaíocht a chur ar fáil d’fhorbairtí eile ar fud an chontae agus ar fud an réigiúin’.
Ar an 26 Bealtaine, ceadaíodh Cuid 8 den phróiseas toilithe pleanála le hathfhorbairt a dhéanamh ar Theach na Cúirte agus ba sprioc thábhachtach í sin ó thaobh amlíne an tionscadail de. Cuireadh iarratas isteach ar na mallaibh ar mhaoiniú ón Aontas Eorpach faoi Chomhairle Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair (THRIVE). Tá an chéad chéim eile den fhorbairt á leagan amach ag an Fhoireann Athghiniúna faoi láthair i gcomhar leis na príomhpháirtithe leasmhara sa phobal. Beidh an t-eolas is deireanaí á chur ar fáil ar Shuíomh Gréasáin Thrive www.bit.ly/4hsCO9i