Skip to main content

June

Leabhar scríofa i nGaeilge, Béarla agus Ultais le daoine óga i nDún na nGall agus Tír Eoghain.

Date: 18 Meith 2025

Cultúr

Leabhar scríofa i nGaeilge, Béarla agus Ultais le daoine óga i nDún na nGall agus Tír Eoghain.

Cathaoirleach of Lifford-Stranorlar MD Councillor Martin Harley pictured with students and teachers from Lifford National School and staff from Donegal County Library Service at the launch of the book Abhainn Burn River in Lifford Library.

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil leabhar foilsithe anois atá spreagtha ag an scríbhneoir mór le rá Flann Ó Brien nó Brian Ó Nualláin. Scríobh scoláirí i nDún na nGall agus Tír Eoghain an leabhar seo agus tá meascán de scríbhneoireacht i nGaeilge, Béarla agus Ultais ann.

Abhainn Burn River an teideal atá ar an leabhar agus forbraíodh é i gceardlanna le páistí ó Scoil Náisiúnta Bhaile an Chaisleáin, Scoil Náisiúnta an Leifir, Gaelscoil Uí Dhochartaigh agus Bunscoil an tSratha Báin i Leabharlann an Leifir agus Leabharlann an tSratha Báin. D’fhorbair agus d’éascaigh na filí Alan Millar agus Dubhán Ó Longáin na ceardlanna a thug deis do na daoine óga dánta agus scéalta a scríobh i dtrí theanga.

Déanann an togra ar leith ceiliúradh ar oidhreacht teanga Dhún na nGall agus Thír Eoghain. Mar a dúirt Dubhán Ó Longáin “ní hamháin go dtagann trí abhainn le chéile ag Leifear agus An Srath Bán, ach trí theanga.” Tá sé sin léirithe i dteideal an leabhair. Aithníonn Alan Millar nach raibh cáil ag Flann O’Brien maidir le scríbhneoireacht Ultaise ach creideann sé “go n-oireann a scríbhneoireacht ar leith an draíocht neamhchaighdeánach a bhaineann leis an Albainis.”

Rinneadh ceiliúradh ar an leabhar ag ócáid i Leabharlann Leifir le Cathaoirleach Cheantar Bardasach Leifir - Shrath an Urláir, an Comhairleoir Martin Harley Dé Máirt 17 Meitheamh. Thug An Comhairleoir Harley ardmholadh do na páistí agus luaigh sé “an t-éacht a raibh bainte amach acu agus leabhar foilsithe acu ag aois óg.”

Beidh ceiliúradh eile i Leabharlann An tSratha Báin. Beidh siompóisiam Flann O’Brien ar siúl ar an tSrath Bán ón 25 Meitheamh.

Beidh an leabhar ar fáil ar iasacht i leabharlanna Dhún na nGall. Thig an leabhar a léamh ag an nasc seo fosta: 

https://issuu.com/donegalculture/docs/abhainn_-_burn_-_river

Is ó Éire Ildánach a tháinig maoiniú don togra seo agus chomhordaigh Leabharlanna Dhún na nGall agus Leabharlanna Thuaisceart Éireann an togra seo i gcomhpháirtíocht le chéile.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall tabhair cuairt ar @DonegalCountyLibrary ar Facebook agus @DonegalLibrary ar Twitter agus Instagram.

To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 18 Meith 2025

Leabhar scríofa i nGaeilge, Béarla agus Ultais le daoine óga i nDún na nGall agus Tír Eoghain.

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil leabhar foilsithe anois atá spreagtha ag an scríbhneoir mór le rá Flann Ó Brien nó Brian Ó Nualláin. Scríobh scoláirí i nDún na nGall agus Tír Eoghain an leabhar seo agus tá meascán de scríbhneoireacht i nGaeilge, Béarla agus Ultais ann.

Image text description

Date: 03 Meith 2025

Clár Samhraidh Spreagúil do Pháistí seolta ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall

Tá Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall ar bís le clár imeachtaí cuimsitheach do pháistí a fhógairt an samhradh seo. Ón 3 Meitheamh, cuirfidh an tseirbhís réimse leathan gníomhaíochtaí ar fáil ina cuid brainsí, a chruthaíonn timpeallacht spraíúil agus rannpháirteach.

Image text description

Date: 19 Beal 2025

An mála 'Mo Mhála Leabharlainne Beag' ar fáil saor in aisce ó leabharlanna áitiúla do gach páiste atá ag tosú ar scoil

Tá cuireadh á thabhairt do gach aon pháiste atá ag tosú ar scoil i mí Mheán Fómhair seo cuairt a thabhairt ar a leabharlann áitiúil nó Ionad Taobh Tíre le mála leabhar beag a fháil agus le ballraíocht a ghlacadh sa leabharlann mura bhfuil siad ina mbaill cheana féin. Tá na málaí leabhar ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Tá fáilte roimh gach teaghlach a bheith ina mbaill den leabharlann fosta mura bhfuil siad ina mbaill cheana féin.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)