Skip to main content

June

Oscailt Oifigiúil Thionscadal Athghiniúna na gCealla Beaga 2040

Date: 30 Meith 2025

Forbairt Eacnamaíochta

Oscailt Oifigiúil Thionscadal Athghiniúna na gCealla Beaga 2040

An Clr Niamh Kennedy, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall a d’oscail Tionscadal Athghiniúna Lár Bailte do Na Cealla Beaga go hoifigiúil Dé hAoine seo a chuaigh thart. Ina cuideachta tá Charlie McConalogue TD, John G. McLaughlin, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Seanadóir Manus Boyle, Oifigigh na Comhairle, Foireann agus Páirtithe Leasmhara. Grianghraf le Gerard McHugh.
An Clr Niamh Kennedy, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall a d’oscail Tionscadal Athghiniúna Lár Bailte do Na Cealla Beaga go hoifigiúil Dé hAoine seo a chuaigh thart. Ina cuideachta tá Charlie McConalogue TD, John G. McLaughlin, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Seanadóir Manus Boyle, Oifigigh na Comhairle, Foireann agus Páirtithe Leasmhara. Grianghraf le Gerard McHugh.

D’oscail an Clr Niamh Kennedy, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcuideachta Charlie McConalogue TD, an tAire Stáit um Spórt agus Beartas Poist, Tionscadal Athghiniúna na gCealla Beaga 2040 go hoifigiúil ar an Aoine 27 Meitheamh 2025.

Mar chuid de Thionscadal Athghiniúna na gCealla Beaga 2040, tá athghiniúint le déanamh ar Theach an Oileáin, maoin atá tréigthe agus suite ar Bhóthar an Chladaigh, Na Cealla Beaga chun ionad eolais agus ionad fáiltithe do thurasóirí a fhorbairt, chomh maith le háiseanna poiblí agus spás oifige a chur ar fáil; agus tá athbheochan le déanamh ar réimse poiblí sa Diamant, ar an Phríomhshráid agus ar Bhóthar na Trá, Na Cealla Beaga. Tá an scéim á cómhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta faoin Chiste Athghiniúna agus Forbartha Tuaithe (CAFT) agus ag Comhairle Contae Dhún na nGall.

Dúirt an Clr Niamh Kennedy, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall an méid seo ag an oscailt oifigiúil:

“Bhí go leor oibre i gceist leis an tionscadal seo ón bhunsmaoineamh go bunú an tionscadail ach b’obair thorthúil í. Gabhaim buíochas le go leor daoine, idir lucht smaointe agus lucht pleanála agus deartha, as tionscasdal lár bailte a fhorbairt a bhainfidh an pobal agus cuairteoirí sult as amach anseo. Tá mé thar a bheith bródúil as an tionscadal seo a bhaineann le mo bhaile dúchais, agus is infheistíocht ollmhór don todhchaí é an foirgneamh seo agus lár an bhaile. Bheadh aon bhaile eile sa tír bródúil as a leithéid de lár baile.” 

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt an tAire Stáit um Spórt agus Beartas Poist, Charlie McConalogue:

“Tá áthas orm Tionscadal Athghiniúna na gCealla Beaga 2040 a oscailt go hoifigiúil. Le tacaíocht de bhreis is €4 milliún ón Chiste Athghiniúna agus Forbartha Tuaithe, tá foirgneamh Theach an Oileáin agus spás cathartha sa Diamant sna Cealla Beaga in úsáid arís mar thoradh ar an tionscadal bunathraitheach seo, agus is croílár nua eacnamaíoch agus sóisialta an bhaile anois é.

Seo croílár an CAFT – ag dul i ngleic le foirgnimh atá folamh agus tréigthe agus beatha nua a chothú i lár ár mbailte tuaithe, ag cruthú deiseanna le haghaidh tuilleadh fáis agus forbartha.”

Rinne Ailtirí McCabe, Baile Dhún na nGall an scéim a dhearadh agus ba chomhlacht tógála McDermott & Trearty Teoranta, Leitir Ceanainn a rinne an obair thógála.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 22 Ean 2026

#CeannaighDúnnanGall i Lár an Aonaigh arís eile

Bhí spiorad agus mórtas iontach pobail léirithe tríd an fheachtas #CeannaighDúnnanGall arís i mbliana. Tugadh ardán do ghnónna iontacha i nDún na nGall agus do na nithe ar leith atá ar fáil do phobal domhanda, a thugann le fios arís eile gur mol lán le cruthaitheacht agus gnó é Dún na nGall.

Image text description

Date: 07 Ean 2026

Dún na nGall le bheith curtha i láthair ag Seónna Saoire i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath!

Beidh gnólachtaí turasóireachta de chuid Dhún na nGall ag coinneáil ainm an chontae in airde an deireadh seachtaine seo le linn an tSeó Saoire bhliantúil a bheas ar siúl i mBéal Feirste, agus arís i mBaile Átha Cliath i gceann coicíse.

Image text description

Date: 23 Noll 2025

Beannachtaí na Nollag ar Dhiaspóra Dhún na nGall, 2025

Agus an Nollaig agus an bhliain úr ag druidim linn, is deis iontach luachmhar í seo ag teaghlaigh agus ag cairde teacht le chéile faoi shonas agus dea-chuimhní a mhairfidh go ceann i bhfad a chruthú arís i gcomhluadar a chéile.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)