Skip to main content

June

Tionscadal Athailínithe Bóthair ar Dhroichead Fhionntrá

Date: 30 Meith 2025

Bóithre

Tionscadal Athailínithe Bóthair ar Dhroichead Fhionntrá

Chuir Comhairle Contae Dhún na nGall tús ríméadach leis an Tionscadal Athailínithe Bóthair agus ar Dhroichead Fhionntrá Dé hAoine, 27 Meitheamh.

Faoin tionscadal seo, déanfar uasghrádú agus ailíniú ar an R263 atá ann cheana féin, atá thart ar 2 chiliméadar ar a fhad, ó cheann thiar Bhealach Ghleann Lao i dtreo Fhionntrá.

Áireofar leis fosta droichead nua a thrasnóidh Abhainn Fhionntrá agus bealach nua coisithe agus rothaíochta a nascfar le Trá Fhionntrá.

Chuir Charlie McConalogue TD, an tAire Stáit atá freagrach as Spórt agus Beartas Poist, fáilte roimh an infheistíocht de thart ar €12M sa tionscadal.

Dúirt sé “Sa tionscadal seo, tógfar droichead úr agus déanfar athailíniú ar chuid bhóthar réigiúnach ina mbeidh áiseanna taistil ghníomhaigh san áireamh ó Na Cealla Beaga go Trá Fhionntrá i nDeisceart Dhún na nGall.

Tá roinnt corthaí ar an phíosa bóthair seo atá ann cheana féin, agus tá an droichead féin thar a bheith cúng. Buíochas leis an fhoireann i gComhairle Contae Dhún na nGall as a gcuid oibre go dtí seo, agus leis na húinéirí talún as a rannpháirtíocht dhearfach. Tá muid ag tnúth leis an tionscadal seo a bheith críochnaithe agus cuid úr den bhóthar a fheiceáil a bheidh i bhfad níos sábháilte do thiománaithe, do rothaithe agus do choisithe.”

Dúirt urlabhraí ón Roinn Iompair  “Tá áthas ar an Roinn Iompair go bhfuil an sprioc thábhachtach seo bainte amach ag Scéim Athailínithe ar Dhroichead agus Bóthair Fhionntrá R263. Feabhsóidh an tionscadal seo nascacht agus sábháilteacht ar bhóithre, go háirithe do choisithe agus do rothaithe, idir Na Cealla Beaga agus Trá Fhionntrá, lena n-áirítear rochtain feabhsaithe ag Scoil Náisiúnta Fhionntrá agus ag Club CLG na gCealla Beaga. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil lenár gcomhghleacaithe i gComhairle Contae Dhún na nGall as an tionscadal tábhachtach seo a chur chun cinn.”

Tá áthas ar an Chomhairleoir Niamh Kennedy, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, go bhfuil blianta fada oibre crua ar an tionscadal ag teacht chun críche anois.  Dúirt sí “Is lá iontach é seo do Na Cealla Beaga agus d’iardheisceart Dhún na nGall. Tá feachtasaíocht ar bun ag muintir na háite le blianta fada ar son feabhsuithe ar Dhroichead Fhionntrá agus ar an chuid seo den Bhóthar Réigiúnach agus ba é seo ceann de na príomhthosaíochtaí a bhí agam ó toghadh mé in 2014. Cruinniú ríthábhachtach a bhí sa chruinniú a bhí agam féin agus mo chomhghleacaithe ó CB Dhún na nGall leis an Aire Iompair ag an am, Shane Ross, faoin tionscadal seo i mBaile Átha Cliath in 2017 chun beocht a chur sa tionscadal seo. Nuair a bheidh an tionscadal seo críochnaithe, feabhsóidh sé sábháilteacht agus nascacht ar bhóithre chomh maith le háiseanna siúil agus rothaíochta chuig ár dtrá i bhFionntrá, a bhfuil stádas an Bhrait Ghoirm aici.”

Ghabh John McLaughlin, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, buíochas leis na hoifigigh ón Roinn Iompair a chomhoibrigh leis an Chomhairle agus a chuir an maoiniú riachtanach ar fáil thar na blianta chun an tionscadal seo a thabhairt go dtí an pointe seo.

Beidh buntáistí suntasacha mar thoradh ar an infheistíocht shuntasach seo i mbonneagar bóithre do mhuintir na háite agus dóibh siúd atá ina gcónaí agus ag obair sa cheantar máguaird in iardheisceart Dhún na nGall.

Tá an bóthar mar chuid de Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus feidhmíonn sé mar nasc ríthábhachtach leis na haillte i Sliabh Liag atá aitheanta ar fud an domhain agus a mheallann breis is 200,000 cuairteoir gach bliain agus gach ní eile a mheallann cuairteoirí go hiardheisceart Dhún na nGall agus go dtí ár gcontae álainn.”

Tá BAM Civil Ltd ceaptha ag Comhairle Contae Dhún na nGall mar chonraitheoirí do na hoibreacha. Bhí Roughan O’Donovan ina chomhairleoir tionscadail do chéimeanna 1 go 5 agus tá ARUP ceaptha anois mar chomhairleoir do chéimeanna 6 agus 7.

Tá Oifig Deartha Bóithre Chomhairle Contae Dhún na nGall ag feidhmiú mar Bhainisteoirí Tionscadail ar an tionscadal seo.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 30 Meith 2025

Tionscadal Athailínithe Bóthair ar Dhroichead Fhionntrá

Chuir Comhairle Contae Dhún na nGall tús ríméadach leis an Tionscadal Athailínithe Bóthair agus ar Dhroichead Fhionntrá Dé hAoine, 27 Meitheamh.

Image text description

Date: 16 Meith 2025

“Coinnigh an Rás ina Áit” Comhachainí á déanamh roimh Dheireadh Seachtaine Railí Dhún na nGall

De réir mar a mhéadaíonn an gliondar agus an gleo do cheann de na himeachtaí mótarspóirt is mó in Éirinn a bhfuil tóir air, tá ionadaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, ón Gharda Síochána, ó Chmann Mótair Dhún na nGall agus ó ghníomhaireachtaí áitiúla tagtha le chéile chun an teachtaireacht sábháilteachta bóthair “Coinnigh an Rás ina Áit” a sheoladh - ag impí ar gach duine a bheas ag úsáid an bhóthair tiomáint go cúramach agus go freagrach le linn an deireadh seachtaine.

Image text description

Date: 28 Márta 2025

Buaiteoirí Chomórtas Ealaíne Shábháilteacht ar Bhóithre do bhunscoileanna i nDún na nGall

Tá buaiteoirí Chomórtas Ealaíne Shábháilteacht ar Bhóithre do bhunscoileanna i nDún na nGall 2025 fógraithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall agus Cumann Peile Chláirsigh na Finne. “Ár mouther, Ár Sábháilteacht” a bhí mar théama i mbliana, agus fuarthas breis agus 900 iontráil ó dhaltaí scoile ar fud Chontae Dhún na nGall.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)