Skip to main content

March

Ardán Féachana Shliabh Liag - Comhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil

Date: 13 Márta 2025

Pobal

Ardán Féachana Shliabh Liag - Comhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil

Tá sé mar aidhm ag Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le Comhlacht Shliabh Liag, feabhas a chur ar eispéireas na gcuairteoirí ag Sliabh Liag.

Tá Sliabh Liag ar cheann de na haillte is airde san Eoraip, suite 601 méadar os cionn an Aigéin Atlantaigh. Bíonn tarraingt mhór ag turasóirí a thugann cuairt ar Dhún na nGall air agus is é Sliabh Liag an taitneamhacht is mó sa chontae a mheallann turasóirí. Tá Sliabh Liag liostaithe fosta mar cheann de na Pointí Sár-Radhairc ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Níl an t-ardán féachana atá ann ag an bhomaite, atá suite feadh Shiúlán Radharc Shliabh Liag, ar an chaighdeán a mbíonn cuairteoirí ag súil leis. Níl san ardán féachana ach struchtúr beag adhmaid, a mbíonn gá cothabháil a dhéanamh air ar bhonn seasta lena chinntiú gur féidir é a úsáid. Tá sé mar aidhm ag Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le Comhlacht Shliabh Liag, feabhas a chur ar eispéireas na gcuairteoirí ag Sliabh Liag.

Bheadh ardán féachana dea-dheartha ina bhuntáiste do Shliabh Liag, trína mbainfí eispéireas níos sábháilte agus níos compordaí amach do gach úsáideoir agus a chuirfeadh ar a gcumas sult a bhaint as áilleacht nádúrtha an cheantair. Beidh gá breithniú a dhéanamh ar an ábhar a úsáidfear agus ar chruth an ardáin chun an tionchar ar an timpeallacht leochaileach a íoslaghdú agus chun bainistíocht éifeachtach an cheantair a chinntiú. Tá maoiniú faighte ó Fháilte Éireann don scéim seo faoi Chlár Rialtais an Oileáin Chomhroinnte.

Tá Comhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil á dhéanamh anois le deis a thabhairt don phobal athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim atá beartaithe agus barúlacha ar bith atá acu a roinnt.

Tá muid ag iarraidh tuiscint a fháil ar do bharúil faoin scéim. Chun do thuairim a roinnt, tabhair cuairt ar Thairseach Comhairliúcháin ar líne Chomhairle Contae Dhún na nGall

Is é an 2 Aibreán 2025 an dáta deiridh a nglacfar le haiseolas faoin scéim atá beartaithe.

Chomh maith leis sin, beidh imeacht Comhairliúcháin Phoiblí Neamhreachtúil ar siúl, áit a dtugtar cuireadh don phobal bualadh leis an fhoireann tionscadail agus an scéim atá beartaithe a phlé I –

Ionad Cuairteoirí & Eispéireas Aille Shliabh Liag, F94 W8KC

Dé Céadaoin 19 Márta 2025 ag 17.30-19.30


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 28 Ean 2026

Iarratais ar mhaoiniú á lorg faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Dhún na nGall (CFPÁ) ag lorg iarratas ó ghrúpaí pobail i gceantair faoi mhíbhuntáiste ar mhaoiniú caipitil faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026.

Image text description

Date: 19 Ean 2026

Pobail an tSratha Báin Agus Leifir Á gCeangal le Chéile le Spás Comhroinnte Úr €16.7m – Páirc Phobail Cois Abhann

Tá maoiniú €16.7m ó PEACEPLUS ag cuidiú le 30 acra de spás agus de bhonneagar le haghaidh páirc phobail thrasteorann úr a chruthú idir an Srath Bán agus Leifear. Agus é deartha le daoine a thabhairt le chéile agus le teagmháil bhreise dhearfach trasphobail a spreagadh, beidh an spás úr comhroinnte sin, Páirc Phobail Cois Abhann, á mhaoiniú trí PEACEPLUS, clár atá á bhainistiú ag Foras um Chláir Speisialta an AE (FCSAE).

Image text description

Date: 14 Ean 2026

Clár Dínite Míostraithe á leathadh amach ag Comhairle Contae Dhún na nGall go dtí ionaid chultúrtha ar fud an Chontae

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall tar éis a dTogra Dínite Míostraithe a leathnú, rud a chinntíonn go bhfuil táirgí míostraithe saor in aisce ar fáil anois i Músaem an Chontae, san Ionad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn agus i ngach leabharlann phoiblí ar fud an chontae. Tá an fhorbairt seo ag tógáil ar an chlár bunaidh a seoladh i mí an Mheithimh 2024, a chuir tús le táirgí míostraithe saor in aisce a bheith ar fáil ar fud na nIonad Seirbhísí Poiblí agus na nIonad Acmhainní Teaghlaigh i nDún na nGall. Is céim shuntasach eile chun tosaigh í seo chun dul i ngleic le bochtaineacht mhíostraithe.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)