Skip to main content

March

Athfhorbairt Beartaithe do Theach na Cúirte i Leitir Ceanainn

Date: 28 Márta 2025

Pleanáil

Athfhorbairt Beartaithe do Theach na Cúirte i Leitir Ceanainn

Tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall próiseas comhairliúcháin a chur ar bun a bhaineann leis an fhorbairt atá beartaithe do Sheanteach na Cúirte i Leitir Ceanainn, chun go mbeidh sé ina áis iontach do thurasóirí agus don phobal. Tá fáil ag an phobal anois ar phleananna an togra trí Chuid 8 den phróiseas toilithe pleanála agus tá fáilte roimh an phobal a gcuid tuairimí a nochtadh.

Tá an togra ag díriú ar athruithe a dhéanamh ó thaobh úsáid an fhoirgnimh, síneadh a chur leis agus mionathruithe a dhéanamh ar Struchtúr Caomhnaithe, a dtugtar Teach na Cúirte, Leitir Ceanainn air (Tag. RPS 40502279), le cois an talamh a bhaineann leis. Táthar ag súil le spás solúbtha a chur ar fáil a mbeidh acmhainn ilfheidhmeach aige:

  • mar áis turasóireachta/do chuairteoirí agus Ionad Eolais comhtháite do Thurasóirí
  • a mbeidh léirithe, taispeántais, oideachas & foghlaim ann
  • go mbainfí úsáid ilchuspóireach as ar bhonn cathartha, cultúrtha agus pobail agus áit chun imeachtaí sóisialta a reáchtáil
  • caifé
  • siopa miondíola/bronntanas agus;
  • oifigí coimhdeacha, áis stórála agus phobail.
  • Go mbeadh na nithe seo san áireamh sna hoibreacha coimhdeacha: draenáil ar an láithreán agus fóntais, ceangal chuig soláthar uisce poiblí agus chuig seirbhísí eile, feabhsú réimse poiblí reatha, feabhsú soilse poiblí, tírdhreachú, forbairt a bhaineann le comharthaíocht & ealaín phoiblí, ceangal & briseadh ón líonra séarachais poiblí.

Chuir Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn-Bhaile na nGallóglach, an Clr. Gerry McMonagle fáilte roimh an dul an chun cinn atá á dhéanamh agus dúirt, “Is céim thábhachtach den tionscadal í seo le toiliú pleanála a chinntiú d’athúsáid Theach na Cúirte i Leitir Ceanainn chun go mbeidh sé ina Ionad Eolais do dhaoine a thugann cuairt ar Dhún na nGall. Déanfar eispéireas iontach turasóireachta a thairiscint do chuairteoirí chomh maith le spás ilúsáide a bheith ar fáil don phobal. Bhí an pobal rannpháirteach sa togra go dtí seo agus chuidigh sin le múnlú na bpleananna atá ar fáil anois don phobal.”

Dúirt an Clr. McMonagle fosta, “Molaim don phobal leanstan orthu leis an rannpháirtíocht agus a bheith páirteach sa phróiseas deartha trí shúil a chaitheamh ar na pleananna nó a theacht chuig an chéad imeacht eile buail eile a bheas ar siúl i dTeach na Cúirte ar an Déardaoin 10 Aibreán 2025, idir 3-8in. Beidh samhail 3D den fhoirgneamh deiridh ann a thabharfaidh fíorléargas do dhaoine ar a bhfuil beartaithe.”

Dúirt Liam Ward, an Stiúrthóir Seirbhíse, Forbartha Pobail & Seirbhísí Pleanála, “Tacaíonn an Clár THRIVE de chuid NWRA le togra Theach na Cúirte agus ceapadh Ailtirí Robin Lee dá bharr. Mar chuid den chéad chéim eile, má cheadaítear Cuid 8 den fhorbairt bheartaithe, cuirfear an togra faoi bhráid Shraith 2 den chlár THRIVE a bhfuil iomaíocht ghéar inti, chun maoiniú caipitil a fháil chun an togra a thabhairt chun críche. Léireodh an togra dea-shampla den Athghiniúint Uirbeach agus bheadh sé ina áis iontach do Leitir Ceanainn agus don phobal ansin.”
Beidh fáil ag an phobal ar na pleananna agus ar na líníochtaí atá beartaithe agus is féidir aighneachtaí a chur isteach go dtí an Chéadaoin 7 Bealtaine ag 4.30in.

Is féidir súil a chaitheamh ar na pleananna agus a bheith páirteach sa phróiseas ar na dóigheanna seo a leanas:

  • Súil a chaitheamh ar na pleananna agus aighneacht a dhéanamh ag https://bit.ly/LKYCourthouse nó trí scanadh a dhéanamh ar an chód MF (QR)

  • Buail isteach chuig Oifigí na Comhairle leis na pleananna a fheiceáil - Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn nó Teach an Chontae, Leifear.
  • Buail isteach chuig Teach na Cúirte ar an Déardaoin 10 Aibreán 2025, am ar bith idir 3in-8in chun bualadh leis an fhoireann agus chun tuilleadh eolais a fháil.
  • Tuilleadh eolais faoin chlár THRIVE ar fáil ag www.bit.ly/4hsCO9i

Tá THRIVE á chómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach faoi Chlár Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair 2021-2027 de chuid CFRE


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 18 Samh 2025

Leitir Ceanainn – Ag Infheistiú sa Todhchaí Imeacht Eolais don Phobal

Beidh Imeacht Eolais don Phobal á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (BOO) ar an Chéadaoin 19 Samhain 2025 chun eolas a thabhairt faoi na tionscadail agus faoi na hinfheistíochtaí atá beartaithe do Leitir Ceanainn sna blianta beaga amach romhainn.

Image text description

Date: 14 DFómh 2025

Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaíochta Bhun an Phobail

Seoladh Straitéis Athghiniúna agus Plean Gníomhaíochta Bhun an Phobail ar an Déardaoin 18 Meán Fómhair 2025 ag 7pm i Halla Glencrow, Bun an Phobail. Chuir an tOifigeach Athghiniúna Bailte le Comhairle Contae Dhún na nGall, Patrica McIntyre fáilte roimh an phobal agus roimh Chathaoirleach Cheantar Bardasach Inis Eoghain, Martin McDermott agus roimh an Chomhairleora Martin Farren a bhí i láthair fosta. Dúirt Patrica “gur mór an pléisiúr é Straitéis Athghiniúna agus Plean Gníomhaíochta do Bhun an Phobail a sheoladh. Is é an comhlacht Dearadh GM agus a Chomhlaigh a d’ullmhaigh an plean i ndiaidh do chomhairliúchán poiblí mionsonraithe a bheith ar siúl níos luaithe i mbliana. Tá moltaí athghiniúna do Bhun an Phobail tugtha sa phlean a chothóidh lár baile atá beo agus bríomhar le hoibriú ann, le cónaí ann agus le seal ama a chaitheamh ann.”

Image text description

Date: 10 DFómh 2025

Páirc Cheathrú Na hArdeaglaise

Is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall próiseas comhairliúcháin phoiblí a fhógairt don togra ‘Páirc Cheathrú na hArdeaglaise’ i Leitir Ceanainn – togra forbartha uirbeach ina ndéanfar páirc nua a fhorbairt chomh maith le Mol Fiontair Cruthaitheach i Lár Baile Leitir Ceanainn.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)