Skip to main content

March

Dréacht de Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaíochta Bhun an Phobail

Date: 11 Márta 2025

Pleanáil

Dréacht de Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaíochta Bhun an Phobail

Tá áthas ar Fhoireann Athghiniúna agus Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Dearadh GM agus a Chomhlaigh a fhógairt go mbeidh tús á chur le comhairliúchán poiblí le tuairimí a fháil ón phobal maidir le Dréacht den Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaíochta don bhaile. Tá an tionscadal seo á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte. Beidh an Dréacht den Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaíochta ar fáil don phobal ón Déardaoin 20 Márta go dtí 16 Aibreán 2025. Táthar ag moladh don phobal a dtuairimí a thabhairt maidir leis an tionscadal físeach, spreagúil seo a thugann deis do dhaoine lár Bhun an Phobail san am atá le teacht, a shamhlú.

Chuir Cathaoirleach Cheantar Bardais Inis Eoghain fáilte roimh fhoilsiú an Dréachta, “Tá lúcháir orm go mbeidh fáil ag an phobal anois ar an Dréacht de Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaíochta Bhun an Phobail, chun go bhfaighfí tuilleadh aiseolais ar an Mhórphlean, ar na bearta agus ar na coincheapa atá san áireamh ann. Mholfainn go mór don phobal uilig a bheith páirteach sa phróiseas comhairliúcháin sna 4 seachtaine atá amach romhainn mar go bhfuil sé ríthábhachtach tuairimí ár bpobail agus tuairimí na bpáirtithe leasmhara a fháil chun an fhís seo a mhúnlú do Bhun an Phobail san am atá le teacht.”

Tá an Dréacht den Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaíochta arna ullmhú ag Dearadh GM agus a Chomhlaigh agus de réir eolas a bailíodh ag an chéad chéim den chomhairliúchán poiblí a reáchtáladh i Meán Fómhair 2024. Dúirt Johnny Stewart ón chomhlacht Dearadh GM agus a Chomhlaigh, “Bhí ról lárnach ag pobal Bhun an Phobail ann go dtí seo ó thaobh an dóigh a ndearnadh an Dréacht den Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaíochta a mhúnlú agus a fhorbairt agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil leofa sin uilig a ghlac páirt ann go dtí seo. Ba mhian linn dá dtabharfadh an méid is mó daoine agus is féidir aiseolas ar an Dréacht den Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaíochta chun gur féidir linn a chinntiú go bhfuil sé ag teacht le riachtanais agus mianta an phobail, na gcónaitheoirí agus lucht gnó na háite.”

Dúirt Liam Ward, an Stiúrthóir Seirbhíse, Forbartha Pobail & Seirbhísí Pleanála, “Is céim thábhachtach í foilsiú an Dréachta seo do Bhun an Phobail mar go leagfaidh sé amach plean a chuideoidh le forbairt an bhaile amach anseo agus a thacóidh le hiarratais ar mhaoiniú san earnáil phoiblí, phríobháideach agus pobail.” “Tá réimse iontach moltaí mar chuid den Dréacht a chuirfeas le hacmhainní nádúrtha Bhun an Phobail agus le héagsúlacht na háite. Má bhaintear an méid atá beartaithe amach, cuirfidh sé go mór le tábhacht an bhaile agus a mbeidh á thairiscint aige san am atá le teacht.”

Mar chuid den dara céim den chomhairliúchán poiblí, déanfar imeacht buail isteach a reáchtáil ar an Déardaoin 20 Márta idir 3.30in agus 7.30in i Halla Naomh Adhamhnáin, Bun an Phobail. Buail isteach agus bíodh deis labhartha agat leis na sainchomhairleoirí!

Beidh fáil ar an Dréacht de Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaíochta Bhun an Phobail, ar líne ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Dhún na nGall ón 20 Márta ag:

Beidh fáil air go poiblí le linn gnáthuaireanta oifige ón Déardaoin 20 Márta go dtí an Chéadaoin 16 Aibreán 2025 ag na háiteanna seo a leanas: 

  • Ionad Seirbhísí Poiblí Charn Domhnach, An Phríomhshráid, Carn Domhnach.
  • An Deasc Fáilte, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear

Is féidir aighneachtaí nó moltaí a bhaineann leis an Dréacht den Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaíochta a chur isteach idir an Déardaoin 20 Márta agus an Chéadaoin 16 Aibreán 2025 trí:

  • Bheith i láthair ag imeacht buail isteach ar an Déardaoin 20 Márta agus aiseolas a thabhairt;
  • Rphost: gmda@g-m-design.co.uk;
  • Teileafón: +44 (028) 7035 6138; nó
  • Scríobh chuig: Dearadh GM agus a Chomhlaigh, 22 Bóthar an Lóiste, Cúil Raithin, Co. Dhoire, BT52 1NB nó chuig an Fhoireann Athghiniúna agus Forbartha, Comhairle Contae Dhún na nGall, Seanbheairic an Airm, Leifear, Co. Dhún na nGall, F93 PN3H.

To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 14 DFómh 2025

Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaíochta Bhun an Phobail

Seoladh Straitéis Athghiniúna agus Plean Gníomhaíochta Bhun an Phobail ar an Déardaoin 18 Meán Fómhair 2025 ag 7pm i Halla Glencrow, Bun an Phobail. Chuir an tOifigeach Athghiniúna Bailte le Comhairle Contae Dhún na nGall, Patrica McIntyre fáilte roimh an phobal agus roimh Chathaoirleach Cheantar Bardasach Inis Eoghain, Martin McDermott agus roimh an Chomhairleora Martin Farren a bhí i láthair fosta. Dúirt Patrica “gur mór an pléisiúr é Straitéis Athghiniúna agus Plean Gníomhaíochta do Bhun an Phobail a sheoladh. Is é an comhlacht Dearadh GM agus a Chomhlaigh a d’ullmhaigh an plean i ndiaidh do chomhairliúchán poiblí mionsonraithe a bheith ar siúl níos luaithe i mbliana. Tá moltaí athghiniúna do Bhun an Phobail tugtha sa phlean a chothóidh lár baile atá beo agus bríomhar le hoibriú ann, le cónaí ann agus le seal ama a chaitheamh ann.”

Image text description

Date: 10 DFómh 2025

Páirc Cheathrú Na hArdeaglaise

Is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall próiseas comhairliúcháin phoiblí a fhógairt don togra ‘Páirc Cheathrú na hArdeaglaise’ i Leitir Ceanainn – togra forbartha uirbeach ina ndéanfar páirc nua a fhorbairt chomh maith le Mol Fiontair Cruthaitheach i Lár Baile Leitir Ceanainn.

Image text description

Date: 25 Meith 2025

Comhairle Contae Dhún na nGall chun oibriú i gComhpháirtíocht le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh ar Athfhorbairt Theach na Cúirte, Leitir Ceanainn

Chuir Comhairle Contae Dhún na nGall fáilte roimh thionscadal píolótach ar dhearadh grafach a chuir mic léinn na dara bliana ón Roinn Deartha & Meán Cruthaitheach in Ollscoil an Atlantaigh Leitir Ceanainn i láthair, i gcomhar leis an teagascóir, an tUasal Joe Coll. Rinneadh scagadh ar théamaí agus ar stíleanna léirmhínitheach d’Ionad Eolais Dhún na nGall – athfhorbairt atá beartaithe do Theach na Cúirte i Leitir Ceanainn. Léiríonn an rannpháirtíocht seo a thiomanta is atá an Chomhairle le nuálaíocht, le hoideachas agus le dearadh ón phobal a chothú chun tionscadail na Comhairle a mhúnlú amach anseo agus chun tarraingt as tobar tallainne ó dhream óg atá ag teacht chun cinn.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)