Skip to main content

March

Dún na nGall le Chéile An tSeachtain um Ionchuimsiú Sóisialta i nDún na nGall 2025

Date: 19 Márta 2025

Pobal

An tSeachtain um Ionchuimsiú Sóisialta i nDún na nGall 2025

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag moladh do gach duine ar fud Dhún na nGall — daoine aonair, grúpaí pobail, eagraíochtaí, scoileanna agus gnónna — a gcuid féin a dhéanamh le páirt a ghlacah sa tSeachtain um Ionchuimsiú Sóisialta 2025 agus í a chur chun cinn. Beidh sí ar siúl idir an Aoine 28 Márta agus an Satharn 5 Aibreán.

Cuireann an ceiliúradh seachtaine seo béim ar an obair mhór atá á déanamh ar fud an chontae chun tacú le cuimsiú, le comhionannas agus le héagsúltacht. Tugann sí deis do dhaoine a theacht le chéile, le foghlaim, le nascadh agus le ceiliúradh a dhéanamh ar an mhéid a tharraingíonn le chéile muid.

Beidh an oscailt oifigiúil ar siúl in Amharclann an Ghrianáin, Leitir Ceanainn ar an Aoine 28 Márta ag 7.00in, agus leanfar ar aghaidh leis an chéad imeacht ina dhiaidh­— Cabaret Idirchultúrtha, ina mbeidh ceol, damhsa agus léirithe cultúrtha a thabharfaidh blaiseadh dúinn den éagsúlacht shaibhir atá inár bpobal. 

Moltar do gach duine:

  • Súil a chaitheamh ar chlár iomlán na seachtaine:👉 An clár ar fáil anseo
  • Freastal ar na himeachtaí le linn na seachtaine agus cuireadh a thabhairt do dhaoine eile a bheith páirteach ann
  • Cuimsiú a chur chun cinn ar na meáin shóisialta trí úsáid a bhaint as an haischlibeanna #DúnnanGall #DoChomhairle #SeachtainDhúnnanGall #SeachtainumIonchuimsiúSóisialta2025

Tá réimse leathan imeachtaí beartaithe mar chuid den tSeachtain um Ionchuimsiú Sóisialta i nDún na nGall—

teacht le chéile sa phobal, léirithe cultúrtha, cainteanna oideachasúla, ceardlanna, taispeántais agus go leor eile—

arna eagrú i gcomhar le grúpaí áitiúla, le heagraíochtaí agus le seirbhísí ar fud an chontae.

Moltar do gach duine daoine a chur ar an eolas faoi agus iad a mhealladh le bheith i láthair ag na himeachtaí chun go mbeidh Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta na bliana seo ar an cheann is éifeachtaí go fóill. 

Le chéile, déanfaidh muid ceiliúradh ar chumhacht an phobail agus déanfaidh cinnte go mbeidh Dún na nGall níos ionchuimsithí do gach duine.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 12 Feabh 2026

Toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall mar chuid de Mheitheal tras-chomhairle i nGaillimh

Thaistil toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall go Halla na Cathrach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar na mallaibh, áit ar tionóladh cruinniú de mheitheal tras-chomhairle, le comhaltaí tofa agus oifigigh Ghaeilge ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ón Chomhairle Contae i nGaillimh, i Sligeach, i Maigh Eo agus i gCo. an Chláir, le cois ionadaí ó Chonradh na Gaeilge agus ón Phleanáil Teanga.

Image text description

Date: 28 Ean 2026

Iarratais ar mhaoiniú á lorg faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Dhún na nGall (CFPÁ) ag lorg iarratas ó ghrúpaí pobail i gceantair faoi mhíbhuntáiste ar mhaoiniú caipitil faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026.

Image text description

Date: 19 Ean 2026

Pobail an tSratha Báin Agus Leifir Á gCeangal le Chéile le Spás Comhroinnte Úr €16.7m – Páirc Phobail Cois Abhann

Tá maoiniú €16.7m ó PEACEPLUS ag cuidiú le 30 acra de spás agus de bhonneagar le haghaidh páirc phobail thrasteorann úr a chruthú idir an Srath Bán agus Leifear. Agus é deartha le daoine a thabhairt le chéile agus le teagmháil bhreise dhearfach trasphobail a spreagadh, beidh an spás úr comhroinnte sin, Páirc Phobail Cois Abhann, á mhaoiniú trí PEACEPLUS, clár atá á bhainistiú ag Foras um Chláir Speisialta an AE (FCSAE).

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)