Skip to main content

March

Fáilte curtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall roimh Uachtarán Teamsters, an tUasal Sean M. O'Brien

Date: 12 Márta 2025

Corparáideach

Fáilte curtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall roimh Uachtarán Teamsters, an tUasal Sean M. O'Brien

Baill agus foireann Chomhairle Chontae leis an Uasal Sean O’Brien agus a fhoireann, ag ócáid chathartha Chomhairle Contae Dhún na nGall do Sean O’Brien, Uachtarán ‘International Brotherhood of Teamster’, i Leifear Dé Máirt seo caite. Grianghraf le Clive Wasson
Baill agus foireann Chomhairle Chontae leis an Uasal Sean O’Brien agus a fhoireann, ag ócáid chathartha Chomhairle Contae Dhún na nGall do Sean O’Brien, Uachtarán ‘International Brotherhood of Teamster’, i Leifear Dé Máirt seo caite. Grianghraf le Clive Wasson

Chuir Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Niamh Kennedy, fáilte roimh Uachtarán Teamsters Sean M. O’Brien ar ais go Dún na nGall ag fáiltiú speisialta a bhí ar siúl ar an Mháirt, 11 Márta 2025, i Seomra na Comhairle i Leifear. Thug an ócáid baill thofa, oifigigh, ionadaithe ceardchumainn agus ionadaithe pobail le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar chuairt an Uasail O’Brien agus a fhréamhacha gaoil in Inis Eoghain.

Tharraing an Clr. Kennedy aird ar an bhaint atá ag an Uasal O’Brien le cearta saothair agus a thiomántas ar son oibrithe ar fud na Stát Aontaithe. “Is mór an phribhléid dúinn é go bhfuil an tUasal O’Brien anseo i nDún na nGall,” a dúirt an Clr. Kennedy. “Tá tionchar an-dearfach ag an cheannaireacht a ghlac sé i nGluaiseacht Lucht Oibre ar líon mór oibrithe, agus táimid ríbhródúil go bhfuil dáimh aige lenár gcontae.”


Labhair Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John G. McLoughlin freisin, ag cur béime ar an tábhacht a bhaineann le bheith ar son lucht oibre domhanda agus na naisc bhuana atá idir Dún na nGall agus diaspóra na hÉireann. “Neartaíonn cuairt Sean na naisc shaibhre stairiúla agus chultúrtha idir Dún na nGall agus pobail Ghael-Mheiriceánacha,” a dúirt an tUasal McLoughlin. “Is mór an spreagadh é a chuid oibre ar son cearta oibrithe agus tá lúcháir orainn fáilte a chur roimhe abhaile.”


Ghabh an tUasal O’Brien a buíochas as an fháilte chroíúil a cuireadh roimhe, ag tagairt dá oidhreacht agus dá fhéiniúlacht atá á n-iompar aige. “Is mór an onóir é bheith anseo i nDún na nGall, áit atá an-tábhachtach dom féin is do mo chlann,” a dúirt an tUasal O’Brien. “Tá luachanna ar nós obair chrua, teacht aniar agus dlúthpháirtíocht, a chuir mé chun cinn i rith mo ghairm bheatha, fréamhaithe go domhain i mo chuid oidhreachta.”


Nasc Diaspóra Dhún na nGall-Mheiriceánach a neartú.

 
Léirigh an chuairt an tábhacht atá leis na naisc sheanbhunaithe atá idir Dún na nGall agus an pobal Gael-Mheiriceánach. Chuir glúnta d’imircigh ó Dhún na nGall go mór le tionscail, le gnónna agus le gluaiseachtaí saothair ar fud na Stát Aontaithe, ag cruthú líonra a théann chun sochair don dá réigiún i gcónaí. Trí na caidrimh thrasatlantacha seo a chothú, is féidir le Dún na nGall deiseanna eacnamaíocha a fheabhsú, infheistíocht a mhealladh, agus ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht chomhroinnte a nascann pobail atá ar dhá thaobh den aigéan.

Le linn plé a rinneadh ar fhorbairt eacnamaíochta, chuir an tUasal O’Brien béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le comhoibriú idir pobail ghnó na hÉireann agus pobail ghnó idirnáisiúnta. “Tá stair shaibhir fiontraíochta agus nuálaíochta i nDún na nGall,” a dúirt sé. “Trí naisc a neartú idir eagraíochtaí saothair, gnónna, agus gníomhaireachtaí rialtais, is féidir linn deiseanna nua le haghaidh fás eacnamaíoch a chruthú a rachaidh chun sochair d’oibrithe agus do thionscail ar an dá thaobh den Atlantach.”
Cuireadh críoch leis an fháiltiú le bronnadh a rinneadh ar an Uasal O’Brien, mar aitheantas dá cheannaireacht agus dá thiomantas leanúnach ar son cearta oibrithe ar fud an domhain. Rinne iad siúd a d’fhreastail ar an ócáid plé ar fhorbairt eacnamaíoch, ar chaidreamh saothair, agus ar naisc thrasatlantacha a neartú.
Bronnadh scrolla ar an Uasal O’Brien i gcuimhne ar a chuairt, chomh maith le roinnt leabhar ar stair cheantar Inis Eoghain.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 05 Ean 2026

Fógra ARV Rátaí Tráchtála 2026

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO, de réir Alt 3 de na Rialacháin Rátaí Rialtais Áitiúil (Gnásanna Airgeadais) 2023 gurb é €0.232 an Luacháil Inrátáilte Bhliantúil (LIB) atá ar gach sealúchas inrátáilte laistigh d’údarás rátáilte Chomhairle Contae Dhún na nGall don bhliain airgeadais dar tús 1 Eanáir 2026 agus dar críoch 31 Nollaig 2026.

Image text description

Date: 15 Noll 2025

Beathaisnéis Néill Mhic Giolla Bhrighde seolta go Digiteach

Bhí an Hub ar an Chraoslach lán go doras oíche Déardaoin seo a chuaigh thart nuair a rinneadh ceiliúradh agus comóradh ar Niall Mac Giolla Bhrighde. Feirmeoir as an Fhaiche Mhór, An Craoslach a bhí ann agus rinne Pádraig Mac Piarais ionadaíocht dó sa Chúirt in 1905 nuair a gearradh fíneáil air de bharr go raibh a ainm scríofa i nGaeilge aige ar a charr. Scríbhneoir agus cumadóir amhrán a bhí ann agus ba é a chum leithéidí ‘Mo Chró Beag ag bun Chnoc a’ Tí’ agus ‘Noreen Bawn’.

Image text description

Date: 02 Noll 2025

Comhairle Contae Dhún na nGall i Lár an Aonaigh ag Oireachtas na Samha 2025

Bhí ionadaithe ó Choiste na Gaeilge agus ó Rannóg na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall i lár an aonaigh ag Oireachtas na Samhna – mórfhéile na nGael a bhí ar siúl i mBéal Feirste Cois Cuain le gairid.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)