Skip to main content

March

Foláireamh faoi Bhaol Mór Tinte (Stádas Oráiste)

Date: 19 Márta 2025

Corparáideach

Foláireamh faoi Bhaol Mór Tinte (Stádas Oráiste)

Tá foláireamh eisithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhaineann le Baol Tinte, Stádas Oráiste, do cheantar ar bith a bhfuil breoslaí contúirteacha ann cosúil le haiteann, fraoch, féar tirim agus fásra eile. Beidh an foláireamh i bhfeidhm go dtí meán lae, 21 Márta 2025.

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag impí ar úinéirí talaimh agus ar an phobal a bheith ar an airdeall agus a chinntiú nach dtarlaíonn tinte portaigh. Impíonn an Chomhairle ar úinéirí talaimh agus ar an phobal gan aon ní a dhéanamh a thiocfaí tús a chur le tine phortaigh.

Iarrtar ar úinéirí talaimh agus ar an phobal a bheith ar a n-airdeall agus an tseirbhís dóiteáin a chur ar an eolas sa chás go bhfuil tine imithe ó smacht nó mura bhfuil iarrachtaí ar bun le tine a chur faoi smacht. Is féidir glaoch a chur ar 999 nó 112.

Moltar d’úinéirí tí nó iad sin a bhfuil maoin acu in áit a d’fhéadfadh tine phortaigh a bheith, fáil réidh le fásra atá gar don teach, don fhoirgneamh nó don umar ola, sin nó é a ghearradh chun nach ndéanfaí damáiste dá maoin. Ní mór go gcoinneofaí aon spás atá glan, saor ó fhásra agus ó ábhar indóite.

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall cur i gcuimhne d’úinéirí talaimh agus don phobal, go bhfuil sé mídhleathach aon fhásra atá ar thalamh nach talamh curaíochta é, a ghearradh, a rúscadh, a dhó nó a mhilleadh, idir 1 Márta agus 31 Lúnasa in aon bhliain, faoin Acht um Fhiadhúlra 1976 agus 2000.

Táthar ag cur i gcuimhne arís don phobal go bhfuil sé mídhleathach dramhaíl tí, thionsclaíoch, talmhaíochta nó tógála a dhó faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 05 Ean 2026

Fógra ARV Rátaí Tráchtála 2026

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO, de réir Alt 3 de na Rialacháin Rátaí Rialtais Áitiúil (Gnásanna Airgeadais) 2023 gurb é €0.232 an Luacháil Inrátáilte Bhliantúil (LIB) atá ar gach sealúchas inrátáilte laistigh d’údarás rátáilte Chomhairle Contae Dhún na nGall don bhliain airgeadais dar tús 1 Eanáir 2026 agus dar críoch 31 Nollaig 2026.

Image text description

Date: 15 Noll 2025

Beathaisnéis Néill Mhic Giolla Bhrighde seolta go Digiteach

Bhí an Hub ar an Chraoslach lán go doras oíche Déardaoin seo a chuaigh thart nuair a rinneadh ceiliúradh agus comóradh ar Niall Mac Giolla Bhrighde. Feirmeoir as an Fhaiche Mhór, An Craoslach a bhí ann agus rinne Pádraig Mac Piarais ionadaíocht dó sa Chúirt in 1905 nuair a gearradh fíneáil air de bharr go raibh a ainm scríofa i nGaeilge aige ar a charr. Scríbhneoir agus cumadóir amhrán a bhí ann agus ba é a chum leithéidí ‘Mo Chró Beag ag bun Chnoc a’ Tí’ agus ‘Noreen Bawn’.

Image text description

Date: 02 Noll 2025

Comhairle Contae Dhún na nGall i Lár an Aonaigh ag Oireachtas na Samha 2025

Bhí ionadaithe ó Choiste na Gaeilge agus ó Rannóg na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall i lár an aonaigh ag Oireachtas na Samhna – mórfhéile na nGael a bhí ar siúl i mBéal Feirste Cois Cuain le gairid.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)