Skip to main content

March

Gnólachtaí i nDún na nGall Cumasaithe ag imeacht dar teideal ‘Creid sa Bhrandáil agus san Fhís’

Date: 21 Márta 2025

Forbairt Eacnamaíochta

Gnólachtaí i nDún na nGall Cumasaithe ag imeacht dar teideal ‘Creid sa Bhrandáil agus san Fhís’

Cainteoirí (C-D: Sally Murphy, Elaine Whoriskey, Paula Kennedy Garcia, Ivor Goudie, Vanessa Lawrenson, James Doherty)
Cainteoirí (C-D: Sally Murphy, Elaine Whoriskey, Paula Kennedy Garcia, Ivor Goudie, Vanessa Lawrenson, James Doherty)

Mar chuid de Sheachtain Fiontraíochta Áitiúil Dhún na nGall 2025, reáchtáladh "Creid sa Bhrandáil agus san Fhís: Ag Cruthú Féiniúlacht Láidir le haghaidh Rathúlacht Ghnó". Tháinig saineolaithe tionscail, fiontraithe agus úinéirí gnó áitiúla le chéile le haghaidh seisiún faoi chumhacht na brandála agus na scéalaíochta.

Reáchtáladh an seimineár dinimiciúil seo i bPictiúrlann Century Cinemas i Leitir Ceanainn, agus bhí scaifte mór i láthair. Tugadh an t-eolas, na straitéisí agus an inspioráid dóibh atá de dhíth le féiniúlachtaí branda láidre a chruthú agus le ceangal a chothú lena lucht spéise ar bhealach éifeachtach.

Bhí cainteoirí inspioráideacha a bhfuil taithí go leor agus cur amach acu ar bhrandáil, i láthair. Ina measc, bhí Sally Murphy (POF Welltold), James Doherty (Bunaitheoir Dhriogairí Shliabh Liag), Vanessa Lawrenson (POF BigO), Paula Kennedy Garcia (POF Forward Emphasis), Ivor Goudie (Comhpháirtí Seachadta TCS), agus Elaine Whoriskey (Oifigeach Forbartha Eacnamaíochta le Comhairle Contae Dhún na nGall).

Roinn gach cainteoir a gcuid taithí agus a léargais féin ar an éifeacht a bhíonn ag brandáil láidir agus ag fíorscéalaíocht ar rathúlacht ghnó agus réigiúnach, rudaí cosúil le ceangail mhothúchánacha a chruthú le custaiméirí agus lucht spéise, agus ag seasamh amach i margaí iomaíocha.

Is éard a bhí i gceist leis an cheardlann ná fiontraithe Dhún na nGall a chur ar an eolas faoi na huirlisí agus na straitéisí atá de dhíth chun branda cumhachtach a chruthú, ag cur béime ar thábhacht na scéalaíochta sa bhrandáil. Bhí deis ag a raibh i láthair cloisteáil ó shaineolaithe brandála, ó straitéisithe margaíochta, agus ó cheannairí gnó áitiúla a bhfuil féiniúlachtaí branda láidre agus láithreacht sa mhargadh acu trí chumhacht na scéalaíochta. Le linn an imeachta, tugadh léargais luachmhara ar theachtaireachtaí branda a bheachtú, ar fhéiniúlachtaí físiúla, agus ar mhodhanna scéalaíochta chun ceangal a chothú le lucht spéise, chomh maith le deiseanna líonraithe chun naisc ghnó a leathnú.

Cumhacht na Brandála agus na Scéalaíochta do Ghnólachtaí i nDún na nGall

I ndomhan broidiúil an lae inniu atá nasctha go digiteach, tá níos mó i gceist le branda soiléir ná lógó nó líne lipéid—is féiniúlacht, cáil agus gealltanas an ghnólachta é a chuirtear i láthair na gcustaiméirí. Trí scéalaíocht éifeachtach, tugtar deis do ghnólachtaí a luachanna, a bhfís agus a n-uathúlacht a chur in iúl ar bhealach a théann i bhfeidhm ar a lucht spéise. Ag an imeacht seo, cuireadh béim ar phríomhghnéithe na brandála agus ar an dóigh a dtig le gnólachtaí atá lonnaithe i nDún na nGall leas a bhaint as scéalaíocht chun:

  • Ceangail Mhothúchánacha a Chruthú – Mealltar custaiméirí i dtreo gnólachtaí a úsáideann an scéalaíocht lena luachanna, lena n-aidhmeanna agus lena n-oidhreacht áitiúil a léiriú.
  • Infheictheacht Mhargaidh a Fheabhsú– Má tá féiniúlacht bhranda láidir ag gnólacht, is mó seans go dtabharfaí an gnólacht faoi deara agus cuidíonn sé le hidirdhealú a dhéanamh idir gnólachtaí i margaí náisiúnta agus idirnáisiúnta.
  • Rannpháirtíocht agus Dílseacht na gCustaiméirí a Spreagadh – Cothaíonn scéalaíocht muinín, agus cothaíonn an muinín sin caidreamh níos doimhne le custaiméirí agus abhcóideacht bhranda fadtéarmach.
  • Forbairt Eacnamaíochta i nDún na nGall a Neartú – Cuireann gnólachtaí dea-bhrandála le cáil Dhún na nGall mar mhol nuálaíochta, turasóireachta agus fiontraíochta, ag mealladh idir infheistíocht agus tallann.

Diomaite de léargais na saineolaithe, bhí deis ag a raibh i láthair aithne a fháil ar chomhfhiontraithe, ar ghairmithe margaíochta, agus ar cheannairí tionscail, le smaointe a mhalartú agus le comhoibriú a chothú. Bhí an t-imeacht mar chuid d’aidhm leathan Sheachtain Fiontraíochta Áitiúil Dhún na nGall, le tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí áitiúla trí cheardlanna praiticiúla, trí sheisiúin oiliúna agus trí dheiseanna meantóireachta.

Do ghnólachtaí i nDún na nGall atá ag iarraidh a straitéisí brandála agus scéalaíochta a fheabhsú, tá acmhainní agus tacaíocht ar fáil trí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall (https://www.localenterprise.ie/donegal ) agus ó fhoireann Fhorbairt Eacnamaíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall (https://donegal.ie/ ).


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 22 Ean 2026

#CeannaighDúnnanGall i Lár an Aonaigh arís eile

Bhí spiorad agus mórtas iontach pobail léirithe tríd an fheachtas #CeannaighDúnnanGall arís i mbliana. Tugadh ardán do ghnónna iontacha i nDún na nGall agus do na nithe ar leith atá ar fáil do phobal domhanda, a thugann le fios arís eile gur mol lán le cruthaitheacht agus gnó é Dún na nGall.

Image text description

Date: 07 Ean 2026

Dún na nGall le bheith curtha i láthair ag Seónna Saoire i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath!

Beidh gnólachtaí turasóireachta de chuid Dhún na nGall ag coinneáil ainm an chontae in airde an deireadh seachtaine seo le linn an tSeó Saoire bhliantúil a bheas ar siúl i mBéal Feirste, agus arís i mBaile Átha Cliath i gceann coicíse.

Image text description

Date: 23 Noll 2025

Beannachtaí na Nollag ar Dhiaspóra Dhún na nGall, 2025

Agus an Nollaig agus an bhliain úr ag druidim linn, is deis iontach luachmhar í seo ag teaghlaigh agus ag cairde teacht le chéile faoi shonas agus dea-chuimhní a mhairfidh go ceann i bhfad a chruthú arís i gcomhluadar a chéile.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)