Skip to main content

March

Imeacht nua comhoibríoch a chothaíonn nasc idir gnónna turasóireachta i nDún na nGall

Date: 07 Márta 2025

Forbairt Eacnamaíochta

Imeacht nua comhoibríoch a chothaíonn nasc idir gnónna turasóireachta i nDún na nGall

Grianghraf ó chlé go deas- Anne Marie Conlon (Ceannasaí Forbartha Eacnamaíochta le Comhairle Contae Dhún na nGall), Joan Crawford (Bainisteoir Shlí an Atlantaigh Fhiáin, Fáilte Éireann), Richard Curran (Láithreoir), Joy Browne (Ceannasaí Turasóireachta le Comhairle Contae Dhún na nGall), John G McLaughlin (Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall) agus Garry Martin (Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Seirbhísí Éigeandála agus Córais Eolais le Comhairle Contae Dhún na nGall)
Grianghraf ó chlé go deas- Anne Marie Conlon (Ceannasaí Forbartha Eacnamaíochta le Comhairle Contae Dhún na nGall), Joan Crawford (Bainisteoir Shlí an Atlantaigh Fhiáin, Fáilte Éireann), Richard Curran (Láithreoir), Joy Browne (Ceannasaí Turasóireachta le Comhairle Contae Dhún na nGall), John G McLaughlin (Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall) agus Garry Martin (Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta, Seirbhísí Éigeandála agus Córais Eolais le Comhairle Contae Dhún na nGall)

Bhí os cionn 100 gnó turasóireachta i nDún na nGall i láthair ag an chéad imeacht de chuid Nasc Turasóireachta a bhí ar siúl in Óstán an Mount Errigal i Leitir Ceanainn ar an Chéadaoin (5 Márta) i gcomhpháirtíocht le Fáilte Éireann, le Comhairle Contae Dhún na nGall agus le Turasóireacht Dhún na nGall. Bhí an láithreoir agus an t-iriseoir Richard Curann ina aoí speisialta ar an lá. Reáchtáladh an ócáid mar chuid de Sheachtain Fiontair Áitiúil Dhún na nGall 2025.

Is imeacht de chuid Nasc Dhún na nGall é seo ina bhfuil sé mar aidhm aige naisc fhiúntacha a chothú idir dreamanna a bhfuil baint acu leis an turasóireacht sa chontae. Beifear ag roinnt eolais, i mbun comhpháirtíochta agus ag roinnt nósanna nuálaíochta lena chéile. Táthar ag iarraidh go gcuirfí eispéireas den scoth ar fáil do thurasóirí, go gcuirfí cúrsaí turasóireachta chun cinn i rith na bliana agus go mbeadh líon cothrom turasóirí ag tarraingt ar na limistéir éagsúla i nDún na nGall. Is deis í seo do ghnónna áitiúla oibriú as lámha a chéile le léiriú go bhfuil Dún na nGall ina phríomhláthair turasóireachta agus gur áit ionchuimsitheach agus inbhuanaithe é ó cheann ceann na bliana.

Rinne Fáilte Éireann taighde le gairid le comóradh a dhéanamh ar 10 mbliana de Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus thug an taighde le fios go bhfuil €3billiún den teacht isteach gach bliain ag teacht ó Shlí an Atlantiagh Fhiáin agus amach anseo, beifear ag díriú go mór ar thurasóirí a mhealladh i dtreo na slí turasóireachta ó thuaidh ina bhfuil Dún na nGall, ó thús deireadh na bliana.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 22 Ean 2026

#CeannaighDúnnanGall i Lár an Aonaigh arís eile

Bhí spiorad agus mórtas iontach pobail léirithe tríd an fheachtas #CeannaighDúnnanGall arís i mbliana. Tugadh ardán do ghnónna iontacha i nDún na nGall agus do na nithe ar leith atá ar fáil do phobal domhanda, a thugann le fios arís eile gur mol lán le cruthaitheacht agus gnó é Dún na nGall.

Image text description

Date: 07 Ean 2026

Dún na nGall le bheith curtha i láthair ag Seónna Saoire i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath!

Beidh gnólachtaí turasóireachta de chuid Dhún na nGall ag coinneáil ainm an chontae in airde an deireadh seachtaine seo le linn an tSeó Saoire bhliantúil a bheas ar siúl i mBéal Feirste, agus arís i mBaile Átha Cliath i gceann coicíse.

Image text description

Date: 23 Noll 2025

Beannachtaí na Nollag ar Dhiaspóra Dhún na nGall, 2025

Agus an Nollaig agus an bhliain úr ag druidim linn, is deis iontach luachmhar í seo ag teaghlaigh agus ag cairde teacht le chéile faoi shonas agus dea-chuimhní a mhairfidh go ceann i bhfad a chruthú arís i gcomhluadar a chéile.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)