Skip to main content

March

Cuairt tugtha ag Baill Thofa Cheantar Bardais Leifir-Shrath an Urláir ar Eastát nua Tithíochta na Comhairle ag Corran an Lín, Conmhaigh

Date: 05 Márta 2025

Corparáideach | Tithíocht

Cuairt tugtha ag Baill Thofa Cheantar Bardais Leifir-Shrath an Urláir ar Eastát nua Tithíochta na Comhairle ag Corran an Lín, Conmhaigh

Bhí deis ag Baill Thofa Cheantar Bardais Leifir-Shrath an Urláir cuairt a thabhairt ar an Eastát nua Tithíochta Sóisialta ag Corran an Lín, Conmhaigh, ar an 3 Márta 2025.

Shínigh an Chomhairle an conradh idir iad féin agus Forbairt Meadowfield Teoranta i mí Feabhra 2024 le 24 teach sóisialta a thógáil, in dhá chéim - 11 teach cónaithe a fhorbairt i gCéim 1 (9 dteach le dhá sheomra leapa & 2 theach le trí sheomra leapa) agus 13 teach cónaithe eile i gCéim 2 (7 dteach le dhá sheomra leapa & 4 theach le trí sheomra leapa & 2 theach le 4 sheomra leapa). 

Tá obair thógála Chéim 1 curtha i gcrích agus tá na tithe seo atá an-tíosach ar fhuinneamh ar fáil le ligean anois. Táthar ag leanúint ar aghaidh le hoibreacha Chéim 2 ar an láithreán agus cuirfear iad i gcrích roimh dheireadh na bliana seo.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 04 Iúil 2025

Aitheantas tugtha do Chlann Uí Bhléine (Blaney) chun 100 bliain de Sheirbhís Leanúnach Polaitiúil ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall a cheiliúradh

Thug Comhairle Contae Dhún na nGall aitheantas do Chlann Uí Bhléine ag Ócáid Chathartha a bhí ar siúl tráthnóna Dé hAoine (4 Iúil) in Áras an Chontae, Leifear.

Image text description

Date: 19 Meith 2025

Comhairle Contae Dhún na nGall chun ceiliúradh a dhéanamh ar Do Lá sa Chomhairle 2025

Beidh Comhairle Contae Dhún na nGall páirteach le húdaráis áitiúla eile ar fud na hÉireann Dé hAoine, 27 Meitheamh chun Do Lá Sa Chomhairle a cheiliúradh, feachtas náisiúnta a chuireann obair ríthábhachtach na gcomhairlí cathrach agus contae chun cinn chomh maith leis na daoine atá taobh thiar de na seirbhísí a thacaíonn lenár bpobail gach lá.

Image text description

Date: 17 Meith 2025

Bronnadh déanta ag Cathaoirleach na Comhairle ar Sheirbhísí Foréigean Baile Dhún na nGall

Bronnadh déanta ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr Niamh Kennedy, ar an Dr Maire Hainsworth ó Sheirbhísí Foréigean Baile Dhún na nGall.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)