Date: 20 Beal 2025
Aitheantas faighte ag cósta álainn Dhún na nGall arís eile!

Tá fáilte curtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall roimh an scéala go bhfuil Dún na nGall ar an dara contae is mó sa tír ar bronnadh stádas an Bhrait Ghoirm ar thránna ann i mbliana. Bronnadh an líon is mó Brat Gorm i mbliana ar an údarás áitiúil i nDún na nGall agus i gCiarraí, le 14 brat gorm bronnta sa dá chontae.
Bronnadh an líon is mó brat gorm riamh ar thránna agus ar mhuiríní in Éirinn don séasúr snámha 2025. Is é an grúpa comhshaoil An Taisce a bhronn stádas an bhrait ghoirm ar 89 trá, ag sárú an líon a bronnadh roimhe seo (85). Bronnadh gradam ar 10 muiríne chomh maith.
Tá brat gorm bronnta ar na tránna seo a leanas i nDún na nGall: Bun Dobhráin, Ros Neamhlach, Murbhach, Fionntrá, An Fhearthainn/Port Nua, An Charraig Fhinn, Trá na Cille, Cnoc an Mharmair, Na Dúnaibh, Port an tSalainn, Cúil Dabhcha agus An tSrúibh. Lena chois sin, bronnadh brat gorm ar dhá mhuiríne; An Caisleán Nua agus Ráth Maoláin.
Chomh maith leis sin, bronnadh Gradam Cósta Glas 2025 ar thránna na Dumhcha, Mhachaire Rabhartaigh, Dhroim na Tine, Bhaile Thiarnáin agus Phort Arthur (an gradam faighte ar ais).
Déantar gardaí tarrthála a fhostú ar gach Trá Brait Ghoirm agus ar Thrá Ráth Maoláin le linn an tséasúir snámha idir 1 Meitheamh agus 15 Meán Fómhair.
Tá na tránna ar bronnadh stádas an bhrait ghoirm orthu (14) oiriúnach do chathaoireacha rothaí agus tá cathaoireacha rothaí trá ar fáil don phobal ag na tránna seo.
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag moladh don phobal pléisiúr a bhaint as tránna ár gcontae a bhfuil aitheantas bainte amach acu, ar dhóigh shábháilte agus inbhunaithe. Táthar ag cur i gcuimhne dóibh sin a thugann cuairt ar na tránna a bheith faichilleach agus iad san uisce nó ar an uisce agus aird a thabhairt ar Fhógraí Sábháilteachta a bhaineann le sábháilteacht uisce. Iarrtar ar an phobal gan lorg ar bith a fhágáil ina ndiaidh ar na tránna ach lorg a gcoiscéimeanna amháin. Cuir aon bhruscar atá agat sna boscaí bruscair nó tóg leat é agus faigh réidh leis ar dhóigh fhreagrach.
Tá an t-aitheantas idirnáisiúnta seo ríthábhachtach don chontae, do na tránna agus don ról atá acu ó thaobh geilleagar an chontae de. Lena chois sin, ba mhaith linn aitheantas agus buíochas a thabhairt do na pobail áitiúla uilig, agus na rólanna atá acusan, ag comhoibriú le Comhairle Contae Dhún na nGall chun a chinntiú go mbainfeadh an contae na gradaim seo amach.
Le tránna den scoth, taobh tíre fíorálainn agus céad míle fáilte i gcónaí, ní iontas ar bith gur áit iontach é Dún na nGall le cónaí ann, le hoibriú ann agus le seal ama a chaitheamh ann.