Skip to main content

May

An mála 'Mo Mhála Leabharlainne Beag' ar fáil saor in aisce ó leabharlanna áitiúla do gach páiste atá ag tosú ar scoil

Date: 19 Beal 2025

Cultúr

An mála 'Mo Mhála Leabharlainne Beag' ar fáil saor in aisce ó leabharlanna áitiúla do gach páiste atá ag tosú ar scoil

Tá cuireadh á thabhairt do gach páiste atá ag tosú ar scoil i mí Mheán Fómhair seo cuairt a thabhairt ar a leabharlann áitiúil nó Ionad Taobh Tíre le mála leabhar beag a fháil agus le ballraíocht a ghlacadh sa leabharlann mura bhfuil siad ina mbaill cheana féin. Tá na málaí leabhar ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Tá fáilte roimh gach teaghlach a bheith ina mbaill den leabharlann fosta mura bhfuil siad ina mbaill cheana féin.

Go náisiúnta, táthar ag súil go dtógfaidh na mílte agus na mílte teaghlach na málaí leabhar leo agus go nglacfaidh siad ballraíocht ina leabharlann áitiúil mar chuid den togra 'Mo Leabharlann Bheag'. Ó cuireadh tús leis an togra, tá ballraíocht glactha ag breis agus 20,000 páiste, idir 4-5 bliana d’aois ina leabharlann áitiúil.

Tacaíonn na leabhair agus na hacmhainní sa mhála leabhar le tuismitheoirí agus lena bpáistí atá ag aistriú go dtí an bhunscoil.

Ag labhairt di ag seoladh an togra i nDún na nGall, dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Niamh Kennedy, “Is bealach iontach é an togra 'Mo Leabharlann Bheag' chun tacaíocht a thabhairt do na foghlaimeoirí is óige atá againn agus iad ag leanúint ar aghaidh lena n-aistear oideachais sa bhunscoil. Trí leabhair agus acmhainní saor in aisce a thabhairt do gach páiste atá ag tosú ar scoil, ní hamháin go bhfuil muid ag spreagadh grá don léitheoireacht ach tá muid ag leagadh dúshraith láidir ó thaobh na foghlama de a fhanfaidh leis an pháiste ar feadh a saoil. Tá lúcháir orm a fheiceáil go bhfuil na leabharlanna áitiúla agus ionaid Taobh Tíre uilig i nDún na nGall ag teacht le chéile chun tacú le teaghlaigh ar an dóigh seo.”

Tá 'Mo Leabharlann Bheag' á reáchtáil i gcomhar leis an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil agus á chur i bhfeidhm ag údaráis áitiúla. Is comhoibriú é idir an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Rialtas Áitiúil Éireann.

Le tuilleadh eolais a fháil agus le do mhála leabhar a fháil, buail isteach chuig do leabharlann áitiúil nó déan teagmháil le Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall-

  • Tabhair cuairt ar donegallibrary.ie
  • Lean muid ar Facebook: @DonegalCountyLibrary
  • Lean muid ar Instagram: @donegallibrary

To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 09 Márta 2026

Seirbhís seolta ag Leabharlanna Dhún na nGall - Monatóirí Radóin ar Iasacht chun Tacú le Sláinte an Phobail

Is mór ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil monatóirí radóin digiteacha le fáil ar iasacht anois ó leabharlanna poiblí ar fud an chontae is gan costas ar bith orthu.

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Tugann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall cuireadh duit Dul Ar Strae le Leabhar Maith le haghaidh Lá Éire Ag Léamh

Tá bród ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a bheith i dteannta leabharlanna ar fud na hÉireann agus iad ag ceiliúradh Éire Ag Léamh, feachtas náisiúnta ar fud na tíre ar fad chun daoine a spreagadh chun dul ag léamh i rith mhí Feabhra, agus a thiocfaidh chun deiridh le Lá Éire Ag Léamh, Dé Sathairn, 28 Feabhra.

Image text description

Date: 20 Feabh 2026

Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2026 i nDún na nGall

Tá Seachtain na Gaeilge ar an tsúil againn agus is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go seolfar Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall i mbliana i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, ag ócáid a bheas ar siúl sa scoil Déardaoin 26 Feabhra 2026 ag 11.00am. Beidh ceol, siamsaíocht agus sólaistí ann ar an lá.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)