Skip to main content

May

Bróisiúr úr seolta le cúrsaí gailf i nDún na nGall a chur chun cinn ar fud na cruinne

Date: 12 Beal 2025

Forbairt Eacnamaíochta

Bróisiúr úr seolta le cúrsaí gailf i nDún na nGall a chur chun cinn ar fud na cruinne

Sheol Go Visit Donegal bróisiúr úr ar an Aoine (9 Bealtaine 2025). Tugann an bróisiúr a bhfuil 28 leathanach ann, léargas ar gach cúrsa gailf sa chontae, idir mhachairí gailf agus fearann páirce; cúrsaí a bhfuil eispéireas gailf nach féidir a shárú le fáil iontu, do dhaoine as na ceithre hairde  –  bíodh sin seanimreoirí gailf nó iad sin a imríonn ó am go ham.

Bhí an seoladh ar siúl i gCumann Gailf Dhún na nGall, Murbhach i seomra a bhí lán go doras le hionadaithe ó chumainn ghailf, ó na meáin ghailf agus le tionscnóirí turas. Is é Charlie McConalogue TD –  Aire Stáit a bhfuil freagracht ar leith aige maidir le Spórt agus Beartas Poist sa Roinn Ealaíon, Meán, Cumarsadie, Cultúir agus Spóirt, a sheol an bróisiúr.

Labhair Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Niamh Kennedy agus dúirt “de réir cosúlachta, níl an galf i nDún na nGall ina rún anois. Leis an bhróisiúr seo, ba mhaith linn imreoirí gailf nár imir i nDún na nGall riamh a mhealladh le leas a bhaint as na cúrsaí agus as na háiseanna sármhaithe atá anseo – gach ceann atá chomh galánta céanna lena chéile.

Labhair Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Cathaoirleach ar Thurasóireacht Dhún na nGall CTR, John G McLaughlin, faoin leas eacnamaíoch a bhaineann leis an ghalf mar ghné den turasóireacht don chontae agus mhaígh sé nach na cumainn ghailf amháin a ghnóthaíonn as ach na tithe lóistín, na bialanna, áiseanna fóillíochta na háite agus fiú an siopa beag áitiúil chomh maith.

Reáchtáladh Craobhchomórtas Oscailte Gailf na hÉireann (Dubai Duty Free) 2018 i mBaile Lifín agus ó shin i leith, tá aird á díriú ar an chontae agus ar choirnéil cheilte an chontae; ní hamháin na cúrsaí gailf atá ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin ach na cúrsaí gailf sin atá i bhfearann páirce álainn scaipthe ar fud Dhún na nGall.

Nuair a bhí sé i mbun an tseolta, mhol an tAire Stáit Charlie McConalogue do na páirtithe leasmhara uilig an bróisiúr a scaipeadh i measc a líonraí i bhfad agus i gcéin agus do ghnólachtaí leanstan leis an chomhoibriú atá ar bun acu le Dún na nGall a chur cinn mar láthair ghailf do thurasóirí ó gach cearn den domhan. Dúirt sé “Ní foilseachán poiblí é an bróisiúr seo; is cuireadh é le go mbeidh daoine ábalta an chuid is fearr a bhaint as galf in Éirinn in áit a chothóidh cuimhní cinn go ceann i bhfad i ndiaidh duit do bhabhta a chur i gcrích.”

Reáchtáladh painéal plé mar chuid den ócáid. Bhí Sean Quinn ó Highland Radio ina Chathaoirleach ar an seisiún agus ghlac John Farren (Cumann Gailf Bhaile Lifín), Lynn McCool (Cumann Gailf Dhún na nGall) agus Shelia Russell (Óstán Harvey’s Point) páirt sa díospóireacht faoi staid reatha an ghailf sa chontae agus faoi na dúshláin agus na féidearthachtaí atá ann an ghné seo den turasóireacht a chur chun tosaigh amach anseo.

Is féidir an bróisiúr úr “Gailf i nDún na nGall” a íoslódáil anois ón suíomh https://www.govisitdonegal.com/golf agus beidh sé ar fáil ó na cumainn ghailf agus in oifigí turasóireachta ar fud an chontae.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 22 Ean 2026

#CeannaighDúnnanGall i Lár an Aonaigh arís eile

Bhí spiorad agus mórtas iontach pobail léirithe tríd an fheachtas #CeannaighDúnnanGall arís i mbliana. Tugadh ardán do ghnónna iontacha i nDún na nGall agus do na nithe ar leith atá ar fáil do phobal domhanda, a thugann le fios arís eile gur mol lán le cruthaitheacht agus gnó é Dún na nGall.

Image text description

Date: 07 Ean 2026

Dún na nGall le bheith curtha i láthair ag Seónna Saoire i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath!

Beidh gnólachtaí turasóireachta de chuid Dhún na nGall ag coinneáil ainm an chontae in airde an deireadh seachtaine seo le linn an tSeó Saoire bhliantúil a bheas ar siúl i mBéal Feirste, agus arís i mBaile Átha Cliath i gceann coicíse.

Image text description

Date: 23 Noll 2025

Beannachtaí na Nollag ar Dhiaspóra Dhún na nGall, 2025

Agus an Nollaig agus an bhliain úr ag druidim linn, is deis iontach luachmhar í seo ag teaghlaigh agus ag cairde teacht le chéile faoi shonas agus dea-chuimhní a mhairfidh go ceann i bhfad a chruthú arís i gcomhluadar a chéile.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)