Skip to main content

May

Cruinniú na nÓg seolta go hoifigiúil

Date: 16 Beal 2025

Cultúr

Cruinniú na nÓg seolta go hoifigiúil

Ambasadóir Chruinniú na nÓg Breegeen Bonner leis an Aire Patrick O'Donovan ag seoladh Chruinniú na nÓg i Luimneach
Ambasadóir Chruinniú na nÓg Breegeen Bonner leis an Aire Patrick O'Donovan ag seoladh Chruinniú na nÓg i Luimneach

Beidh Cruinniú na nÓg, lá bliantúil na cruthaitheachta do pháistí agus do dhaoine óga saor in aisce, ar siúl Dé Sathairn 7 Meitheamh i mbliana.

Beidh níos mó ná 35 imeacht anseo i nDún na nGall ar féidir leis an phobal triail a bhaint astu go hiomlán saor in aisce, le hionaid agus eagraíochtaí ar fud an chontae ag glacadh páirte ó Charn Domhnach go Bun Dobhráin agus ó Árainn Mhór go Ráth Bhoth, in Ionaid Acmhainní Teaghlaigh, i Leabharlanna, in Ionaid Ealaíon agus i Hallaí Pobail. Beidh deis ann fiú Lúbra Léasair ETIM a chur sa phost chugat féin, agus tá sé sin saor in aisce fosta!

Tá an t-eolas ar fad faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl i nDún na nGall, agus sonraí faoi áirithintí a dhéanamh, ar fáil ag donegalculture.ie. 

Is iad Ambasadóirí óga Chruinniú na nÓg do Dhún na nGall i mbliana ná Michael Deely as Baile Dhún na nGall agus Breegeen Boner as Ailt an Chorráin. Rinne siad a mbealach go Luimneach ar na mallaibh, áit ar sheol an tAire Patrick O'Donovan Cruinniú na nÓg 2025 go hoifigiúil.

Tá Micheál 16 bliana d’aois agus i measc na suimeanna atá aige tá Dearadh Cruthaitheach, Grianghrafadóireacht agus Margaíocht sna Meáin. Chuir sé isteach ar Junk Kouture lena chuid cairde anuraidh agus ba iad príomhthéamaí na bliana sin ná an Cháin Bhándearg agus an tAnás Míosta. Tá dhá thionscadal eolaíochta rathúla cruthaithe aige fosta; 'A dyslexia lamp with a difference' agus 'A Cookbook For People With Intellectual Disabilities'. Tá Breegeen 16 bliana d'aois fosta agus is amhránaí agus scríbhneoir í a sheinn ag an Chlub Beo i dTeach Leo ar na mallaibh. Is breá léi gach cineál ealaíne, agus líníochtaí, pictiúir agus píosaí cré a chruthú.

Is i gCaisleán Dhún na nGall a bheidh ceann de na príomhimeachtaí i mbliana agus cuirfidh Cumann Pobail Bhaile Dhún na nGall agus Ionad Acmhainní Teaghlaigh Dhún na nGall a n-acmhainní le chéile le tráthnóna lán gníomhaíochtaí den scoth a chur ar fáil. Cuirfidh Ionad na gCruach Gorm i mBaile Dhún na nGall Creative Chaos ar siúl arís chomh maith, a bhfuil an-dúil ag daoine ann, agus is cinnte go mbeidh sé ina lá lán spraoi agus prácáis.

Beidh Bailte Slachtmhara Bhun an Phobail ag gríosú gach duine chun boscaí éan a thógáil ar fhaiche an tsráidbhaile. Beidh daoine óga ar an Fhál Carrach ag filleadh ar an dúlra le Lucy O'Hagan ó Wild Awake, agus ní bhfaighfeá áit níos fearr ná An Inis don Chosán Treoraithe Bithéagsúlachta.

Beidh clár feabhsaithe Gaeilge ar siúl le himeachtaí ar Árainn Mhór den chéad uair, agus i nGaoth Dobhair, i Rann na Feirste, ar an Fhál Carrach, agus i Machaire Rabhartaigh fosta.

Tá roinnt clár ar siúl thar thréimhse níos faide agus tá Ceardlanna Sorcais á reáchtáil ag Tionscadal an Lucht Siúil i nDún na nGall le In Your Space Circus agus ISACS. Tá scoileanna i nDún na nGall, i nDoire agus ar an Srath Bán tugtha le chéile ag Tionscadail um Oileán Comhroinnte. Beidh Lá Amharclannaíochta speisialta don Aos Óg á reáchtáil ag Amharclann na nÓg Éireann in Amharclann an Ghrianáin, áit ar féidir le daoine leas a bhaint as ceardlann speisialta i ndiaidh amharc ar na daoine óga ar an ardán. Beidh ceardlanna drámaíochta ar fáil in Ionad Ealaíon Bhalor, in Ionad Ealaíon na Mainistreach agus in Amharclann Ghaoth Dobhair fosta.

Smaoineamh de chuid Chlár Éire Ildánach is ea Cruinniú na nÓg agus tá sé á eagrú go háitiúil ag foireann Chruthaitheachta & Chultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall le daoine óga ó Chomhairle na nÓg i nDún na nGall.

Tá an t-eolas ar fad faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl nDún na nGall, agus sonraí faoi áirithintí a dhéanamh, ar fáil ag donegalculture.ie. Ní mór áit a chur in áirithe do chuid de na himeachtaí mar nach bhfuil ach líon teoranta áiteanna ar fáil. Is féidir amharc ar imeachtaí agus ar thograí náisiúnta ag cruinniu.creativeireland.gov.ie/.

Togra de chuid Chlár Éire Ildánach sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán is ea Cruinniú na nÓg agus curtha i láthair i gcomhpháirtíocht le RTÉ agus leis na hÚdaráis Áitiúla. Tá Cruinniú na nÓg i nDún na nGall á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 09 Feabh 2026

Seoladh ‘Ár nGuthanna le Chéile: Scéalta faoi Imirce go Dún na nGall agus uaidh’

Is mór ag Músaem Chontae Dhún na nGall agus Seirbhís Cartlainne an Chontae a fhógairt go bhfuil a dtogra is deireanaí ar a dtugtar ‘Ár nGuthanna le Chéile: Scéalta faoi Imirce go Dún na nGall agus uaidh’ seolta. Is togra idirchultúrtha é atá bunaithe ar bhéaloideas agus oidhreacht agus a bhfuil sé mar aidhm aige léargas a thabhairt agus ceiliúradh a dhéanamh ar na heispéiris éagsúla imirce atá ag pobail ar fud Chontae Dhún na nGall.

Image text description

Date: 03 Feabh 2026

Cláracha Cumarsáide Úra seolta ag Leabharlanna Dhún na nGall chun tacú leis an Rochtaineacht don uile dhuine ar fud an Chontae

Tá togra úr seolta ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ina gcuirtear Cláracha Cumarsáide suas ar fud a cuid brainsí, rud atá ina chéim shuntasach chun tosaigh i dtreo an inrochtaineacht agus an ionchuimsitheacht a fheabhsú do gach duine a úsáideann na leabharlanna

Image text description

Date: 30 Ean 2026

‘Bí Cliste faoi Fhuinneamh’ Seolta chun Cuidiú le Daoine Billí a Laghdú agus Éifeachtacht Fuinnimh a Mhéadú

Le costais fuinnimh ag ardú agus imní faoin timpeallacht ag méadú, tá áthas ar Leabharlann Chontae Dhún na nGall seoladh an treoirleabhráin nua ‘Bí Cliste faoi Fhuinneamh’ a fhógairt. Tá an treoirleabhrán seo scríofa i dteanga shimplí shoiléir agus míníonn sé do dhaoine an dóigh is fearr leis na huirisí i dTrealamh Fuinnimh Baile na leabharlainne a úsáid.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)