Skip to main content

May

Féile Chomórtha ar Niall Mac Giolla Bhrighde

Date: 13 Beal 2025

Cultúr

Féile Chomórtha ar Niall Mac Giolla Bhrighde

Beidh Féile Chomórtha ar Niall Mac Giolla Bhrighde ar siúl ar an Chraoslach idir 16-18 Bealtaine.

Feirmeoir, file, údar, agus scríbhneoir amhrán a bhí i Niall Mac Giolla Bhrighde a raibh cónaí air ar an Fhaiche Mhór, An Craoslach idir 1861 agus 1942. 

I mí Márta 1905, bhain sé clú agus cáil amach as agóid a rinne sé in aghaidh fíneáil a gearradh air de bharr a ainm a bheith scríofa i nGaeilge aige ar a chairt. Ba é Pádraig Mac Piarais a sheasaigh an fód dó mar abhcóide sa chás. Dúradh gur seo an t-aon chás amháin ar sheasaigh Mac Piarais mar abhcóide ann agus cé gur cailleadh an cás, chuir sé faobhar leis an ghluaiseacht náisiúnta i dtreo na Gaeilge.

In alt a scríobh Mac Piarais do An Claidheamh Soluis, dúirt sé: “... It was in effect decided that the Irish is a foreign language on the same level with Yiddish…”

Déanfaidh an Dochtúir Seosamh Ó Ceallaigh an oscailt oifigiúil sa Hub ar an Chraoslach, ar an Aoine 16 Bealtaine ag a 7in. Beidh sceitse drámaíochta dar teideal ‘An Sceitse nár Scríobhadh’ le haisteoirí Ghaoth Dobhair á léiriú i ndiaidh an tseolta.  

Beidh Oíche Shiamsaíochta ar siúl sa Hub ar an Chraoslach ón 6.30in Dé Sathairn 17 Bealtaine. Taispeánfar an scannán ‘An Trucailín Donn’ ar an oíche fosta.

Ar an Domhnach 18 Bealtaine, beidh óráid á tabhairt ag imeall uaigh Néill Mhic Ghiolla Bhrighde i Reilig na dTuath. Beidh bannaí ceoil Dhuibhleann Riach agus an Chraoslaigh i láthair. Ba mhór dúinn dá mbeadh an pobal i láthair ag ócáidí an deireadh seachtaine. 

Tá an fhéile á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Cumann Pobail an Chraoslaigh agus LPT Thuaisceart Dhún na nGall. Chuir an Clár Éire Ildánach maoiniú ar fáil don togra seo. 

Tuilleadh eolais ó lpttuaisceartdnag@gmail.com nó 083 8127294


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 09 Márta 2026

Seirbhís seolta ag Leabharlanna Dhún na nGall - Monatóirí Radóin ar Iasacht chun Tacú le Sláinte an Phobail

Is mór ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil monatóirí radóin digiteacha le fáil ar iasacht anois ó leabharlanna poiblí ar fud an chontae is gan costas ar bith orthu.

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Tugann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall cuireadh duit Dul Ar Strae le Leabhar Maith le haghaidh Lá Éire Ag Léamh

Tá bród ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a bheith i dteannta leabharlanna ar fud na hÉireann agus iad ag ceiliúradh Éire Ag Léamh, feachtas náisiúnta ar fud na tíre ar fad chun daoine a spreagadh chun dul ag léamh i rith mhí Feabhra, agus a thiocfaidh chun deiridh le Lá Éire Ag Léamh, Dé Sathairn, 28 Feabhra.

Image text description

Date: 20 Feabh 2026

Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2026 i nDún na nGall

Tá Seachtain na Gaeilge ar an tsúil againn agus is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go seolfar Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall i mbliana i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, ag ócáid a bheas ar siúl sa scoil Déardaoin 26 Feabhra 2026 ag 11.00am. Beidh ceol, siamsaíocht agus sólaistí ann ar an lá.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)