Skip to main content

May

Foláireamh faoi Bhaol Mór Tinte (Stádas Oráiste) - 15/5 - 19/5

Date: 16 Beal 2025

Corparáideach

Foláireamh faoi Bhaol Mór Tinte (Stádas Oráiste) - 15/5 - 19/5

Tá foláireamh eisithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhaineann le Baol Tinte, Stádas Oráiste, do cheantar ar bith a bhfuil breoslaí contúirteacha ann cosúil le haiteann, fraoch, féar tirim agus fásra eile. Beidh an foláireamh i bhfeidhm go dtí meán lae, 19 Bealtaine 2025.

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag impí ar úinéirí talaimh agus ar an phobal a bheith ar an airdeall agus a chinntiú nach dtarlaíonn tinte portaigh. Impíonn an Chomhairle ar úinéirí talaimh agus ar an phobal gan aon ní a dhéanamh a thiocfaí tús a chur le tine phortaigh.

Iarrtar ar úinéirí talaimh agus ar an phobal a bheith ar a n-airdeall agus an tseirbhís dóiteáin a chur ar an eolas sa chás go bhfuil tine imithe ó smacht nó mura bhfuil iarrachtaí ar bun le tine a chur faoi smacht. Is féidir glaoch a chur ar 999 nó 112.

Moltar d’úinéirí tí nó iad sin a bhfuil maoin acu in áit a d’fhéadfadh tine phortaigh a bheith, fáil réidh le fásra atá gar don teach, don fhoirgneamh nó don umar ola, sin nó é a ghearradh chun nach ndéanfaí damáiste dá maoin. Ní mór go gcoinneofaí aon spás atá glan, saor ó fhásra agus ó ábhar indóite.

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall cur i gcuimhne d’úinéirí talaimh agus don phobal, go bhfuil sé mídhleathach aon fhásra atá ar thalamh nach talamh curaíochta é, a ghearradh, a rúscadh, a dhó nó a mhilleadh, idir 1 Márta agus 31 Lúnasa in aon bhliain, faoin Acht um Fhiadhúlra 1976 agus 2000.

Táthar ag cur i gcuimhne arís don phobal go bhfuil sé mídhleathach dramhaíl tí, thionsclaíoch, talmhaíochta nó tógála a dhó faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 19 Meith 2025

Comhairle Contae Dhún na nGall chun ceiliúradh a dhéanamh ar Do Lá sa Chomhairle 2025

Beidh Comhairle Contae Dhún na nGall páirteach le húdaráis áitiúla eile ar fud na hÉireann Dé hAoine, 27 Meitheamh chun Do Lá Sa Chomhairle a cheiliúradh, feachtas náisiúnta a chuireann obair ríthábhachtach na gcomhairlí cathrach agus contae chun cinn chomh maith leis na daoine atá taobh thiar de na seirbhísí a thacaíonn lenár bpobail gach lá.

Image text description

Date: 17 Meith 2025

Bronnadh déanta ag Cathaoirleach ar Sheirbhísí Foréigean Baile Dhún na nGall

Bronnadh déanta ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr Niamh Kennedy, ar an Dr Maire Hainsworth ó Sheirbhísí Foréigean Baile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 16 Beal 2025

Foláireamh faoi Bhaol Mór Tinte (Stádas Oráiste) - 15/5 - 19/5

Tá foláireamh eisithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhaineann le Baol Tinte, Stádas Oráiste, do cheantar ar bith a bhfuil breoslaí contúirteacha ann cosúil le haiteann, fraoch, féar tirim agus fásra eile. Beidh an foláireamh i bhfeidhm go dtí meán lae, 19th Bealtaine2025.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)