Skip to main content

May

Gairdín na gCéadfaí nua seolta ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall chun folláine agus cuimsiú a chur chun cinn

Date: 13 Beal 2025

Cultúr

Gairdín na gCéadfaí nua seolta ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall chun folláine agus cuimsiú a chur chun cinn

An ribín á ghearradh ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Niamh Kennedy agus ag an Clr. Michael McMahon ag Oscailt Oifigiúil Ghairdín na gCéadfaí ag Leabharlann Bhun Dobhráin
An ribín á ghearradh ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Niamh Kennedy agus ag an Clr. Michael McMahon ag Oscailt Oifigiúil Ghairdín na gCéadfaí ag Leabharlann Bhun Dobhráin

Tá áthas ar Leabharlanna Dhún na nGall a fhógairt gur osclaíodh Gairdín na gCéadfaí nua ag Leabharlann Bhun Dobhráin go hoifigiúil ar an Luan 12 Bealtaine 2025. Rinne Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall an Clr. Niamh Kennedy an gairdín a oscailt go hoifigiúil.  Beidh an gairdín nua ina spás fáilteach, deartha chun tacú le riachtanais chéadfacha de gach aois agus cumas.

Suite ar thailte na leabharlainne tá meascán de dhromchlaí tadhlacha, de phlandaí cumhra mar aon le spreagthaí amhairc agus fuaime i nGairdín na gCéadfaí.

Cuireann an gairdín timpeallacht shábháilte agus shíochánta ar fáil do pháistí a bhfuil riachtanais bhreise acu, do dhaoine a bhfuil dúshláin phróiseála a bhaineann leis na céadfaí acu agus d'aon duine a bhfuil spás suaimhneach á lorg acu chun meabhrú agus lena scríste a dhéanamh.

Is éard atá i gceist leis an ghairdín ná spás a chruthú ina mothaíonn gach duine go bhfuil fáilte rompu ann agus go bhfuiltear ag tacú leo. Is síneadh nádúrtha é seo ar na seirbhísí cuimsitheacha a bhfuil sé mar aidhm againn iad a sholáthar gach lá.

Ag labhairt di ag an Seoladh dúirt an Comhairleoir Kennedy 'Is é an sprioc uileghabhálach atá leis an ghairdín ná go mbeidh suaimhneas, sábháilteacht, neamhspleáchas agus aiseag sláinte le fáil ann. Lena chois sin, chun a chinntiú go ndéantar freastal ar gach duine agus níos tábhachtaí ná sin, cosúil lenár leabharlanna féin - go bhfuil fáilte roimh gach duine i gcónaí beag beann ar aois nó ar chumas. Tá teacht ag daoine ar na seirbhísí seo, tá siad á n-úsáid agus tá an spás leabharlainne níos inrochtana agus níos cuimsithí. Tá spás sábháilte agus sultmhar curtha ar fáil anois do chách.'

Tá an tionscadal ag teacht le tiomantas leanúnach Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall le seirbhísí céadfacha a fhorbairt agus a chur ar fáil i mbrainsí éagsúla ar fud an chontae. Ina measc seo tá spásanna céadfacha, boscaí solais, imeachtaí atá oiriúnach don uathachas agus am suaimhnis sa leabharlann. Tá sé mar aidhm againn go mbeadh an leabharlann ina spás fáilteach agus inrochtana do gach ball den phobal.

Is iad an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a mhaoinigh an tionscadal seo faoin Chiste Aitheantais Pobail.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 Aib 2026

Caint ar Ghníomhú ar Son na hAeráide ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn

Beidh caint leis an Ollamh Emeritus John Sweeney ó Ollscoil Mhá Nuad ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Déardaoin 23 Aibreán ag 6.30pm. Saorchead isteach.

Image text description

Date: 02 Aib 2026

Léirithe Spéise á lorg do leabharlann i mBaile Dhún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg Léirithe Spéise ó úinéirí talún, úinéirí maoine nó forbróirí a bhféadfadh talamh nó maoin a bheith acu a bheadh fóirsteanach chun leabharlann phobail úr a fhorbairt air i mBaile Dhún na nGall.

Image text description

Date: 23 Márta 2026

Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn chun cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Tá an Lárleabharlann i Leitir Ceanainn ag óstáil ceardlann Comhchéime ‘Réaltacht an AE' saor in aisce le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn Déardaoin 26 Márta ar 6.30pm.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)