Skip to main content

May

Plean Lár Bailte ar dTús do Na Gleannta

Date: 15 Beal 2025

Pleanáil

Plean Lár Bailte ar dTús do Na Gleannta

 

Tá lúcháir ar Fhoireann Athnuachana agus Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar leis an chomhlacht Dearadh GM agus a Chomhlaigh, a fhógairt go bhfuil tús á chur le próiseas chun Plean Lár Bailte ar dTús a ullmhú do Na Gleannta. Déanfar an plean a ullmhú de réir an Polasaí Náisiúnta nua ‘Lár Bailte ar dTús – Cur chuige i bhfoirm Polasaí do Bhailte na hÉireann’ ina ndíreofar ar athnuachan & forbairt chun ról, íomhá, beocht, brí agus teacht aniar bhaile na nGleanntach a neartú.
Beidh forbairt áite i gcroílár luach tairisceana an bhaile chun infheistíocht agus athnuachan a chumasú agus a mhealladh.

Cuirfear tús leis an phróiseas leis an chéad chéim de Chomhairliúchán Poiblí chun an pobal a chur ar an eolas faoin ullmhúchán do Dhréachtphlean Lár Bailte ar dTús. Beidh sé ar oscailt ón Déardaoin 22 Bealtaine 2025 - beidh Imeacht Buail Isteach ar siúl i Halla an Mhargaidh, Príomhshráid na nGleanntach idir 3.30pm – 7.30pm. Tiocfaidh deireadh leis an tréimhse chomhairliúcháin phoiblí ar an Aoine 6 Meitheamh 2025 ag 4pm. 

Plean comhairleach, comhoibríoch a bheas ann bunaithe ar fhianaise agus ar bhearta agus mar sin, tá gá le rannpháirtíocht. Tar agus labhair leis na comhairleoirí agus roinn linn na smaointe agus na huaillmhianta atá agatsa don bhaile. 

Chuir Cathaoirleach Cheantar Bardais na nGleanntach, an Clr John Shéamuis Ó Fearraigh fáilte roimh an chéad chéim de chomhairliúchán poiblí do Phlean Lár Bailte ar dTús do Na Gleannta agus chuir sé béim ar a thábhachtaí is atá sé go bhfuil tús curtha leis an phlean: “Is deis thábhachtach í seo chun cur chuige comhoibríoch maidir le hathnuachan a chothú idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus pobal na nGleanntach. Mholfainn go mór don phobal uilig páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin. Tá sé ríthábhachtach cloisteáil faoi na smaointe atá ag an phobal féin agus ag páirtithe leasmhara, leithéidí iad sin atá ina gcónaí ann agus cuairteoirí, eagraíochtaí pobail, grúpaí sainleasa áitiúla agus ionadaithe gnó; chun an fhís seo do Na Gleannta san am atá le teacht a mhúnlú.”

Tá Isobel Sangha, Cathaoirleach ar Mheitheal Bhaile na nGleanntach, ag tabhairt cuireadh do mhuintir na háite a machnamh a dhéanamh ar a mbaile féin agus na smaointe agus na huaillmhianta atá acu do Na Gleannta san am atá le teacht, a roinnt. Deir sí “Tá luach nach beag le rannpháirtíocht an phobail sa phróiseas chun a chinntiú go bhfuil Plean Lár Bailte ar dTús curtha in oiriúint do riachtanais an phobail agus don gheilleagar áitiúil.”

Dúirt Liam Ward, an Stiúrthóir Forbartha Pobail & Seirbhísí Pleanála “Is baile bríomhar, cairdiúil agus álainn é Na Gleannta le neart ball suntais a bhaineann le hoidhreacht chultúrtha agus le taitneamhacht nádúrtha an bhaile agus leis an áit a bhfuil sé suite. Tacóidh Plean Lár Bailte ar dTús le hathbheochan agus le hathnuachan na n-acmhainní seo ar dhóigh inbhuanaithe agus cuirfidh sé go mór le tábhacht an bhaile agus leis an méid a bheas le fáil ann go fadtréimhseach.”

Is féidir a bheith páirteach ann ar na dóigheanna seo a leanas:

  • Tar chuig an imeacht buail isteach ar an Déardaoin 22 Bealtaine 2025 agus tabhair aiseolas;
  • Caith súil ar shuíomh gréasáin an tionscadail www.glentiestowncentrefirst.com le do thuairim a nochtadh;
  • Ríomhphost: gmda@g-m-design.co.uk;
  • Teileafón: +44 (028) 7035 6138; nó
  • Scríobh chuig: Dearadh GM agus a Chomhlaigh, 22 Bóthar an Lóiste, Cúil Raithin, Co. Dhoire, BT52 1NB nó chuig an Fhoireann Athnuachana agus Forbartha, Comhairle Contae Dhún na nGall, Seanbheairic an Airm, Leifear, Co. Dhún na nGall, F93 PN3H.

Tá an tionscadal seo á mhaoiniú tríd an chlár maoinithe d’Athnuachana Bailte agus Sráidbhaile, atá mar Chéim 2 de thogra mórphlean Lár Bailte ar dTús, curtha i bhfeidhm ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail mar chuid de Thodhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann.

 


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 18 Samh 2025

Leitir Ceanainn – Ag Infheistiú sa Todhchaí Imeacht Eolais don Phobal

Beidh Imeacht Eolais don Phobal á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (BOO) ar an Chéadaoin 19 Samhain 2025 chun eolas a thabhairt faoi na tionscadail agus faoi na hinfheistíochtaí atá beartaithe do Leitir Ceanainn sna blianta beaga amach romhainn.

Image text description

Date: 14 DFómh 2025

Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaíochta Bhun an Phobail

Seoladh Straitéis Athghiniúna agus Plean Gníomhaíochta Bhun an Phobail ar an Déardaoin 18 Meán Fómhair 2025 ag 7pm i Halla Glencrow, Bun an Phobail. Chuir an tOifigeach Athghiniúna Bailte le Comhairle Contae Dhún na nGall, Patrica McIntyre fáilte roimh an phobal agus roimh Chathaoirleach Cheantar Bardasach Inis Eoghain, Martin McDermott agus roimh an Chomhairleora Martin Farren a bhí i láthair fosta. Dúirt Patrica “gur mór an pléisiúr é Straitéis Athghiniúna agus Plean Gníomhaíochta do Bhun an Phobail a sheoladh. Is é an comhlacht Dearadh GM agus a Chomhlaigh a d’ullmhaigh an plean i ndiaidh do chomhairliúchán poiblí mionsonraithe a bheith ar siúl níos luaithe i mbliana. Tá moltaí athghiniúna do Bhun an Phobail tugtha sa phlean a chothóidh lár baile atá beo agus bríomhar le hoibriú ann, le cónaí ann agus le seal ama a chaitheamh ann.”

Image text description

Date: 10 DFómh 2025

Páirc Cheathrú Na hArdeaglaise

Is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall próiseas comhairliúcháin phoiblí a fhógairt don togra ‘Páirc Cheathrú na hArdeaglaise’ i Leitir Ceanainn – togra forbartha uirbeach ina ndéanfar páirc nua a fhorbairt chomh maith le Mol Fiontair Cruthaitheach i Lár Baile Leitir Ceanainn.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)