Skip to main content

May

Rath ar mhúirín orgánach saincheaptha mar dhóigh leis an Ghlúineach Bhiorach a chóireáil

Date: 15 Beal 2025

Comhshaol

Rath ar mhúirín orgánach saincheaptha mar dhóigh leis an Ghlúineach Bhiorach a chóireáil

 Ar cheann de shuíomhanna píolótacha KNOT (ó chlé go deas), Gareth McKane, Oifig na nOibreacha Poiblí; Shane McMonagle, Comhairle Contae Dhún na nGall; Claire agus Kevin Moore, KPM Soils agus; Jimmy McVeigh, LAWPRO. Grianghraf: NW News Pix

Is ilbhliantóg luibheach agus planda dúchasach de chuid na hÁise Thoir í an Ghlúineach Bhiorach (Reynoutia japonica).  De ghnáth, is ar fhánaí bolcánacha a fhaightear í, agus ligeann a córas leathan fréamhacha di teacht chuici féin go gasta i ndiaidh brúchtaí bolcánacha, agus táirgeann sí léar mór duilleog lán nítrigine agus léar mór gas a bhíonn ar maos le carbón. De réir mar a lobhann siad, cuidíonn siad le foirmiú ithir úr. Thig leis an ghlúineach fás i gcineálacha éagsúla ithreach, i ngnáthóga éagsúla agus i gcoinníollacha éagsúla pH, ach is fearr léi ithreacha atá corraithe, gan mórán éagsúlachta agus lán baictéar nach bhfuil mórán ábhar orgánach ann agus ina bhfuil cuid mhór solas gréine.

In Éirinn, amharctar ar an ghlúineach mar speiceas coimhthíoch ionrach (SCI) agus gach bliain bíonn costais mhóra ar Stát na hÉireann agus ar dhaoine aonair príobháideacha chun dul i ngleic lena tionchar agus sin a mhaolú. Is minic a chóireáiltear í le gliofosáit (m.s. Roundup) lena scaipeadh a smachtú. Is táirge neamhroghnach í gliosofáit agus mura mbainistítear í mar is ceart is féidir léi dochar a dhéanamh do phlandaí eile in aice láimhe agus don bhithsféar i gcoitinne.

In 2021, chuaigh Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhpháirt le hIontaobhas Aibhneacha Inis Eoghain agus le KPM Soils i dtogra píolótach ar scála beag ar bhonn trialach chun cóireáil a dhéanamh ar an ghlúineach trí mhúirín orgánach saincheaptha a úsáid.

In 2022, le tacaíocht ó Oifig na nOibreacha Poiblí agus ó Chlár Uiscí na nÚdarás Áitiúil (LAWPRO), rinneadh an togra píolótach a leathnú amach. Agus na comhpháirtithe úra ar bord, d’éirigh le hiarratas, dar teideal KNOT (knotweed novel organic treatment), a rinneadh chuig Ciste Nuálaíochta na Seirbhísí Poiblí (PSIF).

Bhí sé cinn de shuíomhanna san iomlán mar chuid den togra KNOT, cúig cinn in Inis Eoghain agus ceann amháin i bPáirc Bhaile Leitir Ceanainn. Ba í an Dr Trish Murphy PhD in Iontaobhas Aibhneacha Inis Eoghain a bhí i mbun an togra a bhainistiú agus a thuairisciú, agus ba iad KPM Soils, faoi stiúir Kevin Moore agus an Dr Claire Moore PhD, a bhí i gceannas oibríochta ar an láthair don togra.  

Úsáideann an modh cóireála an saineolas atá ag KPM maidir le hathghiniúint ithreach chun coinníollacha ithreach a bhunú nach bhfuil chomh fabhrach sin do speicis chomhthíocha ionracha (SCInna), amhail glúineacha, agus atá níos fabhraí do speicis dhúchasacha. Go háirithe, bhí sé de chuspóir ag KNOT measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh acu seo;  pobail fhungasacha a mhéadú san ithir, ábhar orgánach a fheabhsú agus foscadh ón ghrian a sholáthar trí chrainn a chur go dlúth.  Trí ghné fhungasach na hithreach a mhéadú, tacaítear leis an chomharbas éiceolaíoch, rud a chruthaíonn coinníollacha ina dtig fás na glúiní a laghdú.  

Leanadh leis an chóireáil agus leis an mhonatóireacht ar na suíomhanna píolótacha ar feadh 2023 agus 2024 agus bhí torthaí dearfacha ar an chuid is mó de na suíomhanna. Ach bhí dúshláin ann chomh maith, go háirithe maidir le hobair gearrtha fálta. Ar an drochuair, cé gurb iondúil go ndéantar obair mar sin go dea-intinneach, bhí tionchar i ngan fhios aici ar na plandaí foscaidh a cuireadh ann mar chuid den phróiseas cóireála agus chuir sé sin leis an bhaol leanúnach atá ann go scaipfear an ghlúineach.  

Mar sin féin, ag fágáil na ndúshlán sin i leataobh, léirigh an chóireáil go bhfuil féidearthachtaí suntasacha ann, agus táthar ag súil go leanfar leis an togra píolótach le linn 2025. Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag fiosrú chomh maith an féidir an modh cóireála a chur i bhfeidhm ag suíomhanna straitéiseacha eile laistigh den chontae a mbíonn tionchar ag an ghlúineach orthu. 

To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 15 Beal 2025

Rath ar mhúirín orgánach saincheaptha mar dhóigh leis an Ghlúineach Bhiorach a chóireáil

Is ilbhliantóg luibheach agus planda dúchasach de chuid na hÁise Thoir í an Ghlúineach Bhiorach (Reynoutia japonica). De ghnáth, is ar fhánaí bolcánacha a fhaightear í, agus ligeann a córas leathan fréamhacha di teacht chuici féin go gasta i ndiaidh brúchtaí bolcánacha, agus táirgeann sí léar mór duilleog lán nítrigine agus léar mór gas a bhíonn ar maos le carbón. De réir mar a lobhann siad, cuidíonn siad le foirmiú ithir úr. Thig leis an ghlúineach fás i gcineálacha éagsúla ithreach, i ngnáthóga éagsúla agus i gcoinníollacha éagsúla pH, ach is fearr léi ithreacha atá corraithe, gan mórán éagsúlachta agus lán baictéar nach bhfuil mórán ábhar orgánach ann agus ina bhfuil cuid mhór solas gréine.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)